Bás Sheáin Bháin

Fannie Dónaí Bean Mhic Ruairí

 Fannie Dónaí a chum

Nuair a fuair Seán Bán bás, i naoi déag seachtó a naoi, dar liom gur dheas liom dán a dhéanamh fá dtaobh dó. Agus mar atá a fhios agad bhí Seán Bán—bhí sé ina fhile, bhí sé ina fhidiléir agus bhí sé iontach maith ag ráit paidrín. Is é a déarfadh an paidrín os cionn achan duine á mbeadh marbh thart san áit seo uilig—paidrín galánta aige. Ach rinn mé dán ar scor ar bith agus seo mar a chuaigh sé.

Tá do ghaolta lag gointe is do chairde cloíte cráite
Ó d’éalaigh tú uainn agus chuaigh tú faoi chlár.
Thug tú buaidh ar ghach file le líofacht is le finne,
D’fhág tú againn do chuid ceoltaí is sheol leat chun na cille.

Chonaic tusa an saol seo, a Sheáin, agus chonaic tú mar is cóir é.
Chuala tú na héanacha agus iad ag seinm ceoil ann.
Chonaic tusa an greann ann agus chonaic tusa an buaireamh
Is chonaic tú na blátha geal is chuir tú uilig i gceol é.

Ag ofráil suas do phaidrín, ba bhinn do ghlór i gcónaí,
Do íseal, uasal, óg is sean dár casadh ortsa i gcónair,
Is má thig siad in do araicis beidh mílte leat is slóite
Is cuirfidh siad a mbeannacht leat ag gabháil i láthair Chríost duid.

Theagasc tusa an Ghaeilic do pháistí is do mhaoir,
Do ollaimh is do easpaig, ó, rinn tú sin go fíor,
Is dá mbíodh siad sin comh díleas is bhí tusa do do thír
Bheadh fuílleach daoithe inniu againn scabtha thart fán tír.

D’úirt an tAthair Lorcán linn gur chosúil thú le réalt gheal,
Gur spréigh tú amach do sholas glinn mar fhallaing dheas le Gaeilic
Ó chósta thiar Cheann Dubhrann, thar bhántaí glas na hÉireann,
Is gur mhéanar do na glúnta seo a bhí beo le linn do réimhse.

Ba bhrónach bocht a dhreach, is é ag dearcadh anuas go gruama
Ó altóir gheal Mhic Dé, is é go cineálta caoidhiúil stuama,
Nuair a d’fhoilsigh sé do phobal Dé gur loisceadh an réalt álainn sin
Is nach lastar í go brách, faraor, fá chósta thiar Cheann Dubhrann.

Cé a chumfas píosa ceoil dúinn nuair a thoiseochas na hamhráin,
Nó cé a chomórfas chun cogaidh sinn má thig sé trasna na teorann?
Cé a sheinnfeas ar an fhidil dúinn nuair a bheas an cruinniú gleoiréiseach,
Is má théid sinn thar an mheasarthacht cé a déarfas linn gur leor sin?

Arú, stadfaidh muid den mhairgneach is dhéanfaidh muid mar a d’iarr tú.
Tógfaidh muid do chónairsa faoi bhratach ghlas do thíre.
Ólfaidh muid is ceolfaidh muid go síní muid san uaigh tú,
Agus caoinfidh muid seal míosa tú nó go dtaraí scairt na cuaiche.