Diarmaid Ó Beirn

Seán Bán Mac Grianna

Bhí Diarmaid Ó Beirn beo bocht, ach níor dhual dó a bheith bocht, nó bhí sé saolta santach. Chuaigh sé a sholáthar dó féin go luath sa tsaol, agus ní fhaca sé aon leathphingin ariamh nach dtearn sé príosúnach dó. Níor chuir sé a lámh in a dhath ariamh ach i rud a bhí ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin, agus an té atá mar sin is dual dó airgead a chur i dtaiscidh má tá sé críonna go leor lena shábháil. Chruinnigh sé go dtí go rabh luach píosa breá talaimh aige. Cheannaigh sé talamh. Rinn sé teach mór. Cheannaigh sé caoraigh agus eallach. Bhí sé ina sháith den tsaol.

Anois, d’éirigh sé dímeasúil bródúil. Bhí drochmheas aige ar na bochta. Shílfeá nach rabh sé féin ariamh bocht, ach sin mar atá créatúr suarach i gcónaí. Bhí go maith is ní rabh go holc. Ní rabh a sháith dhe ainm air. Bhí drochmheas aige ar a ainm féin. Níorbh ainm fir uasail a bhí in Ó Beirn. Shíl sé gur fear uasal a bhí ann féin. Chuala sé iomrádh ar mhuintir Uí Néill, gur de mhóruaislibh Éireann iad, agus dar leis gur bhreá an t-ainm Diarmaid Ó Néill. D’imigh sé chuig an tsagart.

‘A shagairt’, ar seisean, ‘ba mhian liom fáil athbhaistithe.’

‘Cá ainm a ba mhaith leat a bheith ort?’, arsa an sagart.

‘Diarmaid Ó Néill’, ar seisean.

‘Bhail’, arsa an sagart, ‘ní fhéadfainnse sin a dhéanamh gan cead ó shagart na paróiste.’

Chuaigh sé chuig sagart na paróiste agus d’inis sé a scéal dó. D’úirt seisean leis ar ndóighe nárbh fhéidir dósan a ghabháil i gcionn é a athbhaisteadh gan cead ón easpag. Bhain sé an t-easpag amach. Ní rabh maith é a chur ó dhoras. D’inis sé a scéal don easpag.

‘Goidé—cá ainm a ba mhaith leat a bheith ort?’, arsa an t-easpag.

‘Diarmaid Ó Néill’, ar seisean, ‘ainm fir uasail.’

‘Maith go leor’, arsa an t-easpag. ‘Gabh chun an bhaile’, ar seisean, ‘agus líon dabhach uisce ghlain, agus beidh mise ansin a leithéid seo dhe lá agus dhéanfaidh mé tú a athbhaisteadh.’

Chuaigh Diarmaid chun an bhaile agus an dubh-bhród air. Líon sé dabhach uisce ghlain. Cheannaigh sé bia agus deoch agus thug sé cuireadh dona chairde agus dona ghaoltaí, ba chuma cé acu bhí siad bocht nó nach rabh. Bhí oiread ollghairdis an lá sin air agus gur mhaith leis i gceart coirm mhillteanach a dhéanamh ag an bhaisteadh.

Tháinig lá an bhaiste agus tháinig an sagart chuig sagart na paróiste. Thug sé dó an sagart cúnta agus tháinig siad chuig Diarmaid. Bhreathnaigh siad an áit. Bhí áit fir uasail aige. Bhreathnaigh siad a chuid bidh agus a leabaidh. Bhí bia agus leabaidh fir uasail aige. Bhí gearrán agus diallaid fir uasail aige, ach ní rabh cuma ar bith fir uasail air féin. Tháinig uair an bhaiste. Thug an sagart cúnta leis Diarmaid go dtí an dabhaigh. Chuir sé a lámh ar chúl a mhuineáil mar seo agus dhing sé a chlaigeann síos san uisce. Lig sé dó a theacht aníos ar ais agus d’amharc sé air.

‘Is cosúil le hÓ Néill’, ar seisean, ‘do bhia agus do leabaidh.’

Tháinig an—sagart na paróiste ansin agus chuir sé a chlaigeann síos ar ais, agus choinnigh sé thíos tamall beag eile é. Nuair a tháinig sé aníos d’amharc sé air.

‘Is cosúil le hÓ Néill’, ar seisean, ‘do dhiallaid agus do ghearrán.’

Tháinig an t-easpag chun tosaigh ansin. Fuair sé greim dhá chois air agus dhing sé síos ar mhullach a chinn sa dabhaigh é, agus choinnigh sé thíos é go rabh sé plúchta, chóir a bheith. Tharraing sé aníos ansin ina líbín bhog bháite é agus d’amharc sé air ó mhullach go sáil.

‘Is cosúil le hÓ Néill’, ar seisean, ‘do bhia agus do leabaidh. Is cosúil le hÓ Néill do dhiallaid agus do ghearrán, ach ní cosúil le hÓ Néill do shliasaid ná do shlinneán agus fuígfidh muid i mbliana thú i do Dhiarmaid Ó Bheirn.’