Gráighim mo Mháthair

Fionnuala Nic Giolla Chearra

Fannie Dónaí, Máthair Mhór Fhionnuala, a Chum

Gráighim mo mhamaí, maidin is tráthnóna,
Gráighim ag neoin í is aríst ins an oíche.
Is í a chuir ar a glún mé,
Is nach ba í a chíor mo chúl domh?
A Bhanríon na n-aingeal, ná scar sinn go brách.

D’agair sí sinne siúl i dtólamh go díreach
Go deireadh an róid ins an tsaol seo atá craosach.
Is í a choisric domh m’éadan,
Is í a threoraigh go fíor mé,
Agus thaobhaigh liom aithris anois is go síor.

Thug sí Máire mar ainm dá chéad duine clainne
Le gean agus grá ort, a Mhaighdean na cruinne,
Agus Róisín, mar mheas ar Éire dheas ghlas,
A thug sise domhsa, a haon duine eile.

Ní sí áit athara agus ní sí áit máthara
Mar fágadh i mo dhílleacht mé i gcionn mo shé ráithe,
Is mo chreach nach ba é neach is nach mise a éistfeas
Le osnaí mo mháthara os cionn uaigh ghlas m’athara.

Dá mbeadh maoin agus stór agus ór an domhain mhóir seo
Ar bord in mo láthairsa ar mhalairt mo mháthara,
Bheadh sise ar ghreim lámh liom agus mo chúl leis an bhord sin
Is i mo dheoraí go dtreabhfainnse an saol seo go bródúil.

An ionadh go ngráighim í maidin is tráthnóna?
An ionadh go ngráighim í anois is go síor?
An ionadh go scoiltfeadh mo chroí in mo chliabhsa,
A Mhaighdean, dá scarfá mo mhamaí ón tsaol.