Bailiúchán béaloidis ó bhaile Gaeltachta atá suite ar chósta Thír Chonaill atá sa leabhar seo. Scéalta is mó atá sa bhailiúchán ach tá roinnt mhaith filíochta inti a chum muintir Rann na Feirste. Tá de bhuntáiste ag an tsaothar seo gur féidir le duine é a léamh agus a bheith ag éisteacht leis an ábhar chéanna ar na dlúthdhioscaí ag an am chéanna.