Oireachtas na nDéise

Damien Ó Dónaill

Bríd Anna Ní Bhaoill a Chum

Bhí gliondar is gleo fá na Déise.
Tháinig siad ó na sléibhte is na gleanntáin,
Is trasna na dtonnta anall
Le cultúr ár sinsear a cheiliúradh
Ag Oireachtas deireanach an chéid seo.

Bhí Liam is a choiste an-ghnoitheach
Ag obair oíche is lá
Le féile na bliana seo a eagrú
Leis an Ghaeilic a choinneáil beo.

Bhí an sean-nós go tréan ann—
Na scéaltaí, an fhilíocht is an ceol.
Bhí iomaíocht ghéar ann ó na hUltaigh,
Na Muimhnigh is na Connachtaigh
Ag Oireachtas álainn na nDéise.

Ó, ba aoibhinn an radharc é
Ag tarraingt ar Choláiste na Rinne.
Bhí áilleacht na sléibhte
Is aoibhneas na mara le feiceáil
Amach go hard os do choinne.

In Óstán na Páirce bhí an chraic is an spraoi
Ó mhaidin go hoíche, le togha gach bidh
Is rogha gach dí
I mí Samhna na bliana naocha naoi.

Bhí Áine ag cur i láthair an clár an chéad oíche,
Is Máirtín ó Raidió na Gaeltacht ag smaoitiú ar a chuid Kimberlies,
Le S. B. B. ina shuí go te
Ag ithe ceapairí ham is ag ól a chuid Babycham.

Bhí na Conallaigh ansin go láidir,
Le Connie i mbun an tsean-nóis
Is Josie ag déanamh a chuid céimeanna;
Le Neilí ag léiriú na ndrámaí
Le buaidh a thabhairt dúinn mar is gnách.

Bhí Ray ag agallamh le Gearóid
Fá chúrsaí grá is na Telecom shares,
Is Séamas an glór binn ag inse dúinn
Fá sheanchais na Rinne,
Is Máire go ceolmhar ag líonadh a chrúiscín lán.

Cheol Celia go binn i gCorn Uí Riada,
Le Ciarán ina déidh is é ag smaoitiú ar Eilionóir, a rún,
Is Brian an cócaire ag stealladh uisce as ár mbéal.

Ba na Conallaigh a bhí go bródúil
Nuair a thóg siad corn an chéad chatha
Is corn Johnny Sheáin trasna an droichid
Go Tír Chonaill abú.

A chairde mo chroí, sin agaibh anois
Oireachtas na nDéise naocha naoi.
Ach, le cuidiú an Rí beidh muid le chéile
I gCaisleán an Bharraigh
Ag Oireachtas bliain an dá mhíle.