An Focal Taispeántach 'sin'
Is minic a bhaintear úsáid as an fhocal thaispeántach sin, faoi bhéim, le treisiú a dhéanamh ar fhorainm nó ar fhorainm réamhfhoclach, agus uaireanta fosta ar ainmfhocal, mar shampla d’úirt an gasúr nach mbeadh fiachaibh ar bith orthu corrú ar mhaithe leis sin*; chuir bean an toigh fios ar na Gardaí agus tháinig siad sin; ‘caithfidh tusa a ghabháil suas’, arsa siad sin.
*'The boy said that there would be no need whatever for them to move [house] on his account.'