Sa Tóir ar Éan Mhac an Rí

Owenie Mór Ó Dónaill

Bhí Rí agus Banríon ann fada ó shin agus bhí beirt de theaghlach acu—mac agus níon. Bhí an bheirt cumtha gnaíúil, agus ar an ábhar sin bhí bród mór ar an athair agus ar an mháthair astu. Nuair a d’éirigh siad aníos ba mhaith leis an tseanlanúin iad ceard de chineál éigin a fhoghlaim, ach ní maith a bhí a fhios acu cé an cheard a ba mhaith leo, agus d’fhág siad an méid sin acu féin lena rogha a bhaint as cé bith ceard a b’fhearr leo.

‘Bhéarfainnse a bhfaca mé riamh ar a bheith i mo ghabha gheal’, arsa an mac. ‘Tá mo thoil go hiomlán leis, agus féadaim a rá go bhfuil an cheard ar shéala a bheith foghlamaithe agam, nó tá mé ag amhanc ar an ghabha gheal seo thíos ina chionn ó bhí airde do ghlún ionam.’

‘A fhad is go bhfuil do thoil go hiomlán léithe’, arsa an Rí, ‘sin leath na hoibre. Ní bheidh binn agad ar aon duine.’

‘Ach caidé fá dtaobh daoithese?’, arsa seisean, ag amhanc ar an níon.

‘Maise, a athair’, arsa sise, ‘níl mo thoil le ceard ar bith go fóill. Níl mé ábalta m’intinn a dhéanamh suas mar is ceart, agus ar scor ar bith ba mhaith liom an geimhreadh seo a chathamh fá na seanfhóide.’

Ní rabh de sin ach sin go dtí maidin gheimhridh amháin d’éirigh an mac, agus goidé a fuair sé ag eiteogaigh fríd an chistinigh ach éan deas buí. Bheir sé air, rinn cása dó, agus seachtain ina dhéidh sin rinn sé fáinne deas dó agus chuir ar chionn dena chosa é.

‘Anois’, ar seisean lena mhuintir an mhaidin a d’imigh sé, ‘bígí i mur gcionn mhaith don éan agus bígí faichilleach ar eagla is go n-imeochadh sé, nó ba mhaith liomsa é a bheith romham nuair a thiocfainn aríst.’

Ar ndóighe, d’úirt siad sin go mbeadh, agus bhí, nó níl aon lá nach dtabharfadh an níon amach as an chása é agus d’fhuígfadh sí crochta ar bhacán ar thaoibh an toigh é. Ach bhí sí tráthnóna amháin ag fágáil pláta uisce astoigh sa chása aige, agus caidé do barúil nuair a fuair sé faill orthai nár imigh sé amach as an chása agus as go brách leis fríd an spéir. Bhain an ógbhean an teach amach agus í ag caoineadh.

‘Caidé a tháinig ort, a leanbh?’, arsa an Bhanríon.

‘Ó, tá’, ar sise, ‘d’imigh an t-éan bocht, agus tá mo ghnoithesa déanta, nó, nuair a thiocfas Séimí ar a chuid laetha saoire agus gan an t-éan fána choinne brisfidh a chroí.’

‘Leoga, brisfidh’, arsa an Bhanríon, ‘ná bhí sé iontach dóirte dó.’

‘Maise, bhí’, arsa an Rí. ‘Ba mheasa leis é ná an tsúil a bhí ina chionn.’

‘Ba mheasa, leoga’, arsa an Bhanríon, ‘agus chruthaigh sé féin sin nuair a rinn sé fáinne deas dó agus ghearr a ainm féin amach ann.’

‘Rinn sé sin go fíor’, arsa an Rí, ‘agus, in ainm Dé, imeochaidh mé féin ar thóir an éin ar maidin agus b’fhéidir go bhfaighinn é’, ar seisean.

‘Tá tusa ag gabháil suas barraíocht i mblianta’, arsa an níon, ‘níl an siúl ionad anois. Ach gheobhaidh mise buachaill óg lúfar aerach gasta a rachas ar a lorg.’

‘Cé an buachaill é?’, arsa an Bhanríon.

‘An dílleachtaí seo thall’, ar sise, ‘stócach dhe laoch comh dáimhiúil agus comh garach agus atá sa pharóiste.’

Bhí go maith is ní rabh go holc go dtí an lá arna mhárach. Ní luaithe a d’éirigh an ógbhean ná bhain sí teach an dílleachtaí amach agus chuaigh chun comhráidh leis.

‘Maise, fiacháil chruaidh’, ar seisean, ‘is daigh liom do dhiúltú, ach as siocair go bhfuil grá agus cion agus meas agam ort rachaidh mé ar a thóir, éireadh liom, nó ná héireadh.’

Agus bhain siad araon teach an Rí amach.

‘Anois’, arsa an Bhanríon leis an dílleachtaí, ‘éan galánta a bhí san éan seo. Bhí a chuid cluimhrí ar dhath an óir; a ghob comh dearg le caor chaorthainn, agus bhí fáinne ar chionn dena chosa agus a ainm féin gearrtha amach as.’

‘Agus an rabh a chuid cluimhrí uilig ar aon dath amháin?’, arsa an dílleachtaí.

‘Bhí’, arsa an Bhanríon, ‘ach cleite amháin a bhí faoi chionn dá chuid eiteog, agus bhí an cionn seo comh dubh le cleite an fhéigh.’

‘Tím’, arsa an dílleachtaí. ‘Is maith liom go dtug tú an t-eolas sin domh.’

‘Ní dhéanfaidh sé dochar ar bith duid’, arsa an Rí, ‘agus anois má éireann leat é a fháil bhéarfaidh mise sínteanas maith duid ar a shon.’

‘Sínteanas ar bith’, arsa an dílleachtaí, ‘ach caithfidh tú do níon a thabhairt domh le pósadh.’

‘Bhéarfaidh, agus mo theach, mo chuid talamh agus mo chuid saibhris’, arsa an Rí.

‘Tá go maith’, arsa an dílleachtaí, agus d’imigh sé. Shiúil sé leis. Ní theachaigh sé i bhfad go bhfaca sé sréadaí ag tiomáint scaifte caorach fríd choillidh a rabh dúmhéid inti. Dar leis go rachadh sé chun comhráidh leis an tsréadaí, agus nuair a tháinig sé a fhad leis, chuir faisnéis an éin, ach ní rabh an sréadaí ábalta eolas ar bith a thabhairt dó.

‘Ach’, ar seisean leis, ‘tá a fhios agam coillidh áirid in Éirinn a mbíonn achan chineál éanach inti, agus d’fhéadfadh an t-éan a bhfuil tusa ar a lorg a bheith i gcuideachta na cuideachta.’

‘D’fhéadfadh, cinnte’, arsa an dílleachtaí, ‘agus anois, le do thoil’, ar seisean, ‘cén áit in Éirinn a bhfuil an choillidh seo?’

‘Tá sí gearrghiota ó seo’, ar seisean, ‘rófhada le siúl dhe chois. Ach más mian leat, thig leat a theacht liomsa sa chóiste, nó bím ag marbh éanach sa choillidh sin go minic.’

‘Tím’, arsa an dílleachtaí, ‘ach an mbeidh tú ag gabháil in aichearracht?’

‘Beidh mé ag gabháil ar ball beag’, ar seisean. ‘D’iarr mé ar an bhuachaill aimsire na beithígh a chur i ngléas, agus thig leat a bheith liom agus fáilte.’

‘Tá mé fíorbhuíoch duid’, arsa an dílleachtaí.

Bhain siad araon teach an tsréadaí amach, agus nuair a bhí an dinnéar caite acu isteach leo sa chóiste agus d’imigh leo ins na featha fásaigh ag tarraingt ar an choillidh. Agus nuair a bhí an ghrian ag gabháil a luighe tháinig siad a fhad léithe. Ní luaithe a tháinig ná chuaigh siad isteach fríthe a bhreathnú na n-éanach. Agus bhí an ceart ag an tsréadaí—bhí an choillidh dubh leo. Shiúil siad thart fríthe uilig, ach ní rabh aon chionn acu cosúil leis an chionn a rabh an dílleachtaí ar a lorg.

‘Níl an dara suí sa bhuailidh agam ann anois’, ar seisean leis an tsréadaí, ‘ach an bealach a bhualadh aríst.’

‘Creidim nach bhfuil’, arsa an sréadaí, ‘ach má bhí an mí-ádh inniu ort, d’fhéad tú scoith an áidh a bheith amárach ort’, ar seisean.

‘Tá súil agam go mbeidh’, arsa an dílleachtaí, agus bhog leis.

Nuair a bhí an lá ag briseadh, casadh astoigh i gcoillidh eile é a bhí seacht n-uaire ní ba mhó ná an cionn a rabh sé inné roimhe sin inti. Agus a leithéid de scaoth éanach níor chuimhin leis a fheiceáil in aon áit ariamh. Bhí siad ar achan dath agus ar achan chosúlacht, agus sheasóchthá trí sheol mara a dh’éisteacht leis an cheol a bhí acu. Dar leis féin go rabh aige. Bhreathnaigh sé uilig iad go géar ach, faraor, ní rabh aon chionn ann a bhí cosúil leis an chionn a rabh seisean ar a lorg, agus b’éigean dó an bealach a bhualadh arís go tuirseach tromchroíoch. Le coim na hoíche, tháinig sé a fhad le céidh. Ní luaithe a tháinig ná chuir ceist ar fhear de na mairnéalaigh an bhfaca siad a leithéid seo de éan áit ar bith.

‘An éan buí a bhí ann?’, arsa fear acu.

‘Ba é’, arsa an dílleachtaí, ‘agus bhí fáinne deas ar chionn dena chuid cos.’

‘Bhí, cinnte’, arsa fear acu. ‘Bhí an t-éan sin in mo dhá lámh agamsa tá mí ó shin, agus chuir mé sonrú san fháinne a bhí ar chionn dena chosa. Agus rud eile ar chuir mé sonrú ann, tá, sa chleite dhubh a bhí faoi chionn dá chuid eiteog.’

‘Agus caidé a rinn tú leis?’, arsa an dílleachtaí go lúcháireach.

‘Ó, tá, cead a chinn a thabhairt arís dó’, ar seisean, ‘agus fear amaideach tú atá ar a lorg, nó is iomaí galún sáile eadar tú féin is é féin anocht.’

‘Agus an anonn chun na tíre sin atá an soitheach seo ag gabháil?’, ar seisean.

‘Is é’, arsa an mairnéalach. ‘Tá muid réidh le seoladh bomaite ar bith, agus thig leat a theacht linn agus fáilte.’

Chuaigh sé ar bord, agus ní luaithe a rinn an soitheach port ná d’imigh ar thóir an éin sa tír sin mar a rinne sé in Éirinn, ach ní rabh dul aige é a fháil in aon áit. Agus nuair a bhí seacht mbliana caite aige ar a lorg d’éirigh sé tuirseach, agus bhí rud eile air—bhí an t-airgead a bhí leis ar shéala a bheith reaite, agus rinn sé suas a intinn a ghabháil a dh’obair.

‘Ní rachaidh mé chun an bhaile’, ar seisean leis féin. ‘Ní bheadh gar domh ann agus ní bhfaighinn níon an Rí le pósadh nuair nár éirigh liom an t-éan a fháil’, agus bhí sé briste brúite gonta.

Bhí sé ag gabháil chuigna chuid oibre maidin amháin. Maidin ghéar gheimhridh a bhí ann agus é ag plúchadh shneachta. Casadh fear uasal air, agus nuair a tháinig an dílleachtaí a fhad leis chuir an fear uasal forrán air.

‘An as an tír seo tú?’, ar seisean.

‘Maise, ní hé’, arsa an dílleachtaí, ‘as Éirinn mé’, ag inse dó fán éan.

‘An éan buí a bhí ann?’, ar seisean.

‘Ba é’, arsa an dílleachtaí, ‘agus bhí fáinne deas ar chionn dena chosa.’

‘Agus an rabh a chuid cluimhrí uilig ar aon dath amháin?’, arsa an fear uasal.

‘Bhí’, ar seisean, ‘ach bhí cleite amháin faoi chionn dá cuid eiteog agus bhí an cleite seo comh dubh leis an tsúiche.’

‘Tá an t-éan sin agamsa sa bhaile’, arsa an fear uasal. ‘Bhí mé ag brath é a fhuagairt ar na páipéir nuaíochta, ach tá mé sona sásta anois nuair a fuair mé an t-owner de.’

Hobair nár thit an dílleachtaí as a sheasamh le lúcháir, agus chuaigh an dís a fhad le teach an fhir uasail agus thug an t-éan dó.

‘Anois’, ar seisean leis, ‘seo dhuid é, agus tá súil agam go n-éireochaidh leat an baile a baint amach slán sábháilte. Agus seo dhuid’, ar seisean, ag síneadh scór punta dó, ‘tífidh sin sa bhaile tú. Agus beidh lúcháir ar dóigh ar do mhuintir romhad féin agus roimh an éan.’

‘Ó, beidh’, arsa an dílleachtaí, ‘agus a sheacht n-oiread ar chailín óg deas a rabh mé tógtha léithe sular fhág mé na seanfhóide.’

Agus d’imigh sé ag tarraingt ar an chéidh go croíúil aigeantach. Chuaigh sé ar bord an oíche sin, agus nuair a rinn an soitheach port, d’imigh leis ag tarraingt ar an bhaile. Bhí aislingí go leor aige ar an bhealach: bheadh fleadh agus féasta fána choinne ag deireadh an astair—ceol, spórt agus cuideachta, agus spéirbhean álainn óg leis an chuid eile dena shaol a chathamh ina cuideachta. Ach, faraor, nuair a bhain sé an seanchaisleán amach bhí athrach scéil ann. Ní rabh fágtha sa tseanchaisleán ach an Rí agus é creapalta.

‘Agus caidé fá do níon?’, arsa an dílleachtaí go gruama.

‘Ó, tá’, arsa an Rí, ‘tá sí i gcuideachta na cuideachtan sínte sa reilig lena máthair agus le Séimí ar leis an t-éan a dteachaigh tú ar a lorg.’

‘A Shlánaitheoir Dé’, arsa an dílleachtaí, ‘nach millteanach an t-athrach é, ach go gcaithfear a theacht le toil Dé. Ní thiocfadh liomsa fanacht anseo anois. Bhrisfeadh mo chroí.’

Agus b’fhíor dó: d’imigh sé ina éan bhocht scoite fríd dhorchadas an tsaoil, agus ní fhacthas sa taoibh sin den tír é ariamh ní ba mhó