Bean an Fhir Ruaidh—an tAmhrán

John Ghráinne Ó Duibheannaigh

Táilliúir óg aerach mé ag déanamh éadaigh i dtoigh an fhir ruaidh
Agus thug mo chroí spéis dona béilín a ba bhinne ná an chuach.
Thug mo chroí spéis dona béilín meala gan ghruaim
Agus, a charaid mo chléibh, dá n-éalóchthá liom ón fhear ruadh.

Nuair a théimsa suas seal cuairte go Condae na Mí
Agus a chluinim an fear ruadh á lua le rúnsearc mo chroí,
Nuair a chluinim, ní fhaghaim suaimhneas ná néal de chodladh na hoích’
Is gurb í bean an fhir ruaidh a rinn gual domh in aice mo chroí.

A bhruinneall gan smál, a bhfuil na dealraitheacha deasa in do ghruaidh,
An feasach tú ní ar bith a chloífeadh aigneadh an fhir ruaidh?
Ní cheilimsa ar éinne goidé an fáth a bhfuil ormsa gruaim—
A dh’ainneoin eaglaisigh is bráithre, is í grá mo chroí bean an fhir ruaidh.

Tá crann ins an gharraí a bhfásann air an bláth buí,
Is nuair a leagaim mo lámh air is láidir nach scoilteann mo chroí.
Ní iarrfainn de spás ar an Ardrí atá i bhflaitheas na naomh
Ach an aon phóg amháin, is a fáil ó bhean an fhir ruaidh.

Dá gcuirfí mé síos i bpríosún dhorcha chruaidh,
Na boltaí ar mo chaolchorp agus na mílte glas ó sin suas,
D’éireochainn dhe rúchladh mar a d’éireochadh an eala ón chuan
Ar acht a bheith sínte seal oíche le bean an fhir ruaidh.

Nár fhágaí mé an saol seo go brách is nár chaillí mé an greann
Go rabh mé is mo chéadsearc seal oíche fá bharra na mbeann,
Gan aon duine a bheith ar na gaobhair ach Bríd i measc dhuilliúr na gcrann
Is an fear ruadh a bheith sínte i gCill Bhríde agus leac os a chionn.