Maol Muire an Bhata Bhuí

Micí Sheáin Néill Ó Baoill

Lá de na laethaibh agus uair de na huaireanna á rabh Maol Muire an Bhata Bhuí ina chónaí i gCaisleán na dTuatha. Bhí sé póstaithe agus bhí mac agus níon mar theaghlach aige. Bhí siad ag ráit go rabh níon Mhaol Mhuire ar an chailín comh dóighiúil agus a bhí i dTír Chonaill ina ham. Eibhlín ab ainm daoithe. Agus ba é an sloinneadh a bhí ar Mhaol Mhuire, Mac Suibhne. Ach ní bhfuair sé aon ainm ariamh i dTír Chonaill ach Maol Muire an Bhata Bhuí.

Bhí geasa sa bhata, agus bhí siad ag maíomh, duine ar bith ariamh ar bhuail sé leis gur chuir sé chun báis é. Ach bhí buachaill óg ins an chomharsain, fear a rabh Tarlach Ó Baoill air, agus ní bhfuair seisean aon ainm ariamh ach Tarlach Óg, mar bhí Tarlach ar an athair mar an gcéanna. Iascaire a bhí sa bhuachaill seo, agus mur mbeadh sé amuigh ar an fharraige mhór ag iascaireacht bheadh sé i gcónaí ag iascaireacht ar abhainn na Leaca. Ach fuair níon Mhaol Mhuire, fuair sise gléas iascaireacht fosta fá choinne a ghabháil ag iascaireacht ar abhainn na Leaca i gcuideachta an Bhaoilligh. Cé acu grá a bhí aici ar an iascaireacht nó ar an bhuachaill níl a fhios agam, ach bhíodh siad i gcónaí i gcuideachta a chéile fán abhainn. Agus chualaidh Maol Muire go rabh an buachaill seo i ngrá lena níon, agus bhí sé ag déanamh nach rabh sé mórluachmhar go leor le theacht ina cleamhnas. Agus bhí ceathrar i gcónaí de mhuintir Fhearraigh ag obair ag Maol Muire ar an dúiche. Agus d’iarr sé orthu seo, dá bhfeicfeadh siad an buachaill seo cóngarach don chaisleán am ar bith, príosúnach a dhéanamh dó agus é a thabhairt ina láthair.

Agus, ar ndóighe, chuaigh seisean—lá saoire a bhí ann: Déardaoin Deasghabháil—chuaigh sé soir go bhfeiceadh sé níon Mhaol Mhuire, agus fuair siad seo a súile air agus rinn siad príosúnach dó agus tugadh i láthair Mhaol Mhuire é. Agus chuir Maol Muire isteach in uamhach é. Bhí uamhach aige fá choinne na hócáide; príosún a bhí ann. Agus tá sé ansin go fóill. Agus chuir sé isteach san uamhach é agus coinneadh astoigh é go dtí Dé Domhnaigh, agus tráthnóna Dé Domhnaigh tugadh amach as an uamhach é agus crochadh é ar chrann agus cuireadh chun báis é. Agus i ndéidh é a chur chun báis fágadh sínte ar an léana ag taobh an chaisleáin é.

Bhí níon Mhaol Mhuire ina suí in airde agus í ag amhanc amach ar an fhuinneog barr agus í ag fuireachas leis an bhuachaill a fheiceáil ag tarraingt orthai. Agus nuair a d’amhanc sí anuas agus chonaic sí an corp ina luí ar an léana, d’aithin sí gurb é an Baoilleach a bhí ann. Thóg sí in airde an fhuinneog. Thug sí léim anuas agus bhris sí a muineál féin ina chuideachta.

Cás brónach a bhí ansin—an bheirt a bheith marbh—agus d’iarr na comharsanaigh iad a chur in aon uaigh amháin, ach ní thabharfadh Maol Muire cead seo a dhéanamh. D’úirt sé go gcaithfí duine acu a chur ar thaobh amháin den reilig agus an duine eile ar an taobh eile, agus b’éigean seo a dhéanamh, nó bhí toradh mór ag Maol Muire san am mar bhí sé ina thiarna mór talaimh. Agus cuireadh iad, duine acu ar thaobh amháin den uaigh agus an duine eile ar an taobh eile. Agus nuair a bhí siad tuairim is ar mí curtha san uaigh d’fhás dhá dhreasóg aníos os cionn as achan uaigh acu agus shníomh trasna na reilge gur shníomh siad isteach ina chéile. Bhail, gearradh na dreasógaí seo go mion minic, ach má gearradh féin tá siad ansin go fóill, agus duine ar bith a bhéarfas cuairt ar reilig na dTuatha gheobhaidh sé na dreasógaí ag fás amach as achan uaigh acu.

Bhí uncail ag Tarlach Óg—fear a rabh Feilimí Cam air. Agus bhí Feilimí Cam póstaithe agus bhí mac amháin aige mar theaghlach, agus ba í an obair i gcónaí a leanfadh sé suas, ag cóiriú bealtaí don Chomhairle Condae. Ach san am sin, clocha briste agus graibhéal a ba mhó a rachadh ar na bealtaí. Agus bhí sé aon lá amháin, é féin agus an mac, ag obair ar thaobh an bhealaigh agus tháinig Maol Muire agus muintir Fhearraigh thart leis, agus le linn an íospairteacht a fuair mac an dearthára, chuaigh sé chun spairne leo. Ach má chuaigh féin, bhí siad róláidir aige. Ní rabh an mac inchuidithe air. Ní rabh sé comh láidir, ná i mbun fháis, agus b’éigean dó féin agus don mhac teitheadh. Agus theith an bheirt go hardacmhainneach, ach má theith féin, ní rabh an mac comh gasta leis an athair. Rinn siad príosúnach dó sin agus thug siad leofa go dtí an caisleán é.

Ach chuaigh Feilimí Cam a chúlchoimheád go bhfeiceadh sé goidé a bhí siad ag brath a dhéanamh leis. Agus tráthnóna an lá sin tugadh amach as an chaisleán é. Tugadh síos go dtí an cladach é. Cuireadh isteach i mbád é agus d’imigh siad leofa síos báighe Sheephaven. Thug Feilimí Cam leis curach agus chuaigh sé sa tóir orthu, ach ní rabh an curach comh gasta leis an bhád. Thug siad a n-aghaidh ar Thoraigh agus tháinig siad sin i dtír i dToraigh i bhfad sula dtáinig Feilimí Cam ann, nó bhí sé antráthach san oíche nuair a tháinig Feilimí Cam i dtír ar an oileán. Agus shiúil sé leis suas agus ní rabh lastaithe ar an oileán ach aon solas amháin, agus chuaigh sé go dtí an teach a rabh an solas ann. Bhí cumhdach ar an fhuinneog ach bhí léirstean isteach eadar cumhdach agus cás na fuinneoige. Agus bhí craos tineadh thíos ar an teallach agus bean ina suí ag an tinidh. Agus ba í an chuma a bhí orthai go rabh sí ag freastal ar dhuine thinn.

Bhuail sé ag an doras, agus nuair a d’fhoscail sí dó chuir sé ceist orthai an dtáinig strainséirí ar bith chun an oileáin seo tráthnóna. D’úirt sí go dtáinig agus príosúnach leofa. Chuir sé ceist orthai an rabh a fhios aici cén teach a rabh siad ag stopadh ann agus d’úirt sí go rabh a fhios. Thug sí amach é go dtí coirnéal an toigh agus thaiseáin sí an teach dó. Chuaigh sé síos go dtí an teach. Teach fada chionn tuí a bhí ann, agus bhí doras—dhá dhoras ar an chistineach; ach d’fhiach sé an dá dhoras agus bhí an dá dhoras druidte, agus ní rabh sé ábalta fáil isteach. Thug sé léim suas ar mhullach an toigh, ar an díon—díon an toighe. Lig sé anuas ins an tsimléar agus nuair a tháinig sé anuas ar an urlár ní rabh a dhath ar bith thart timpiall sa chistineach ach sráideogaí. Agus bhí sé ladhra ar chos amháin de chuid mhac Fheilimí Cham, agus ba iad na ladhra a chuaigh seisean a mhothachtáil. Agus an chéad leabaidh a dtáinig sé go dtí í, bhí a mhac ina luí ann agus mac Mhaol Mhuire ina luí á choimheád. Agus d’iarr sé air—chuir sé cogar i gcluas an mhac éirí go formhothaithe, agus d’éirigh. Chuir sé air a chuid éadaigh agus a chuid bróga, agus nuair a bhí sin déantaithe aige chuaigh Feilimí Cam anonn agus bhain sé an bolta den doras. Bhí an teach dorcha. Agus d’iarr sé ar a mhac a ghabháil amach roimhe, agus tháinig sé anall arís agus chas sé an plaincéad thart ar chlaigeann mhac Mhaol Mhuire. Chuir sé isteach faoina ascaill é; thug sé leis síos go dtí an cladach é. Chuir sé isteach a mhac féin ar tús ins an churach agus mac Mhaol Mhuire ina dhéidh. Agus thug sé féin léim isteach ar an chéaslaidh. Agus tháinig sé—tharraing sé go dian dícheallach go dtáinig sé i dtír i nGóla. Agus tháinig sé i dtír i nGóla ar maidin le héirí gréine, agus bhí rópa leis ins an churach fá choinne an curach a fheistiú. Agus chroch sé mac Mhaol Mhuire i nGóla ar maidin le héirí gréine, agus ní bhfuair an áit sin aon ainm ariamh ó shin ach Cladach na Croiche i mbáighe Dhún na nGall.

Nuair a bhí sin déantaithe aige bhí gunna is neart púdair agus gráin, agus chuaigh sé féin is an mac isteach sa churach arís agus thug siad a n-aghaidh ar Inis Fraoich seo amuigh. Agus nuair a tháinig siad i dtír in Inis Fraoich chuaigh an bheirt suas go dtí scealpaigh a bhí ann agus luigh siad astoigh sa scealpaigh, agus mar an gcéanna ní bhfuair an scealpaigh sin aon ainm ariamh ó shin ach scealpaigh Fheilimí Chaim.

Nuair a mhuscail Maol Muire i dToraigh agus fuair sé an príosúnach ar shiúl agus a mhac féin ina chuideachta, bhí a fhios aige gurb é an fear cam a tháinig air, agus chuaigh siad sa tóir orthu, é féin agus a chuid fear. Agus nuair a tháinig Maol Muire i dtír i nGóla ní rabh le fáil aige ach corp a mhac féin. Agus chuaigh siad sa tóir ar Fheilimí Cham go hInis Fraoich. Agus nuair a tháinig siad i dtír in Inis Fraoich lig Feilimí Cam daofa uilig a theacht amach as an bhád ar Chladach na Feamnaí, agus nuair a bhí an fear deireanach amuigh, scaoil sé urchar agus leag sé fear le achan urchar gur mharaigh sé ceathrar dhe mhuintir Fhearraigh. Agus d’úirt sé le Maol Muire go dtiocfadh leis múr a dhéanamh de na cnámha i gCladach na Feamnaí, ach go ligfeadh sé a chionn leis-sean le hinse goidé a tharlaigh. D’imigh Maol Muire agus bhain sé Góla amach arís, agus thóg sé corp a mhac féin agus thug sé leis go dtí na Tuatha é. Rinneadh é a fhaire agus cuireadh é ins an uaigh chéanna leis an deirfiúr.

Tamalt ina dhéidh seo chuir Maol Muire cuireadh ar Fheilimí Cham le theacht agus síocháin—féasta a chathamh agus síocháin a dhéanamh. Ach bhí a fhios ag Feilimí Cam gur cuireadh feille a bhí ann, ach mar sin féin níor mhaith leis dhe shásamh a thabhairt dó nach rachadh sé. Ach bhí cliobóg dhá bhliain aige agus bhí sí comh gasta leis an ghaoth Mhárta. Agus chuir sé diallaid marcaíochta orthai agus d’imigh sé leis soir go dtí an caisleán. Agus nuair a tháinig sé go dtí an caisleán, cheangail sé an chliobóg don gheafta taobh amuigh den chaisleán. Agus chuaigh sé isteach, agus bhí scaifte mór ina suí astoigh roimhe. Bhí Maol Muire ina shuí thuas ag cionn an tábla, agus chuir sé fáilte romh fríd a fhiacla. Bhí bonnóg aráin choirce ar an tábla agus bheir Maol Muire ar an bhonnóig agus chuir sé ceist ar Fheilimí Cham goidé an rud sin.

‘Tá’, ar seisean, ‘bonnóg aráin choirce.’

‘Goidé a bhfuil sí cosúil leis?’, arsa Maol Muire.

‘Níl a fhios agam’, arsa Feilimí Cam.

‘Tá sí cosúil’, ar seisean, ‘le Baoilleach beadaí a thiocfadh chun an toigh agus ocras air.’

Tharraing Feilimí Cam an tslais agus rinn sé ceirtlín de Mhaol Mhuire faoin tábla, agus bhí léim an dorais aige. Chuaigh sé a mharcaíocht ar an chliobóig agus d’imigh sé. Ach nuair a chruinnigh Maol Muire é féin suas bhí beathach rása aige a bhí ag baint cuid mhór rásaí sa t-am sin anseo i dTír Chonaill, agus chuir sé diallaid marcaíochta orthai agus chuaigh sé sa tóir air agus an bata buí leis. Agus chuaigh an bheirt trasna naoi dtráigheannaí in aon seol mara, agus nuair a chuaigh siad trasna ar an naoú tráigh ghlac Feilimí Cam na páirceannaí air féin agus b’éigean do Mhaol Mhuire pilleadh chun an bhaile. Ach tamall ina dhéidh seo chualaidh Feilimí Cam go rabh sé sa tóir air arís—go rabh sé ag gabháil thart agus é ag cur i gcéill go rabh sé ag cruinniú na déirce, agus an bata buí leis fá choinne a theacht air go formhothaithe. Agus dar leis gurbh fhearr dó an tír a fhágáil agus a ghabháil go dtí an tOileán Úr.

Agus d’imigh sé siar go Sligeach agus thóg sé a phasáid ansin fá choinne an Oileáin Úir. Agus nuair a bhí sé ar bord ar an tsoitheach agus í réidh le seoladh, nuair a d’amhanc sé amach ar an chéidh, cé a tí sé ina sheasamh amuigh ach Maol Muire agus mála faoina ascaill leis. Scairt Feilimí Cam amach leis.

‘Bhail, a Mhaol Mhuire’, ar seisean, ‘dá mbeinn ar an chéidh’, ar seisean, ‘chuirfinn déirc in do mhála.’

D’amhanc Maol Muire isteach agus d’úirt sé leis, ‘bhail, dá mbeinnse’, ar seisean, ‘ar bhord soithigh chuirfinn an scin seo’, ar seisean, ‘go cuid mo dhoirn ionad.’

Thug mo dhá ógánach cúl a gcinn le chéile. Chuaigh Feilimí Cam go dtí an tOileán Úr, tháinig Maol Muire chun an bhaile, agus chuir sin deireadh leis an bhruíonadas.