Na Briathra

Réimniú an bhriathair

Tá claonadh sa téacs ar bhriathra a bhaineann leis an dara réimniú sa Chaighdeán a láimhdeachas amhail is dá mbainfeadh siad leis an chéad réimniú:

An Modh Ordaitheach, an tríú pearsa uatha: éireadh liom, nó ná héireadh (= éiríodh); éireadh fear agaibh’, arsa an seanduine leis na Fianna, ‘agus ceangladh sé an chaora sin’ (= ceanglaíodh); an dara pearsa iolra: codlaigícóirigícruinnigí.

An Aimsir Láithreach: agraimsmaoitiméireannoibreannimeas (foirm choibhneasta an bhriathair imigh).

An Aimsir Chaite, briathar saor: hathradhbunadhcoinneadhfiafradhfoscladhfuadadhhordadhsáradh.

An Aimsir Ghnáthchaite: dhamhsadh sinn.

Tá a mhalairt de chlaonadh le tabhairt fá dear sa bhriathar treabh: ainneoin gur briathar de chuid an chéad réimniú é de réir FGB, bíonn treabhaigh mar mhodh ordaitheach, an dara pearsa uatha, aige, agus threabhaigh mar aimsir chaite; ach treabhfaidh an fáistineach atá aige agus dtreabhfainn a choinníollach.

Tá dhá fhoirm ag briathra áirithe san aimsir chaite, mar atá chruinnighchruinndhallaighdhalld’oibrighd’oibirtharlaightharla. Níl ach sampla amháin sa leabhar d’aimsir chaite an bhriathair meas, mar atá chuartaigh muid thoir agus thiar achan áit a measaigh muid a dtiocfadh lena mhacasamhail a bheith coinnithe.

Bíonn -óch-, -eoch- san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach sa leabhar seo i mbriathra a bhaineann leis an chéad réimniú sa Chaighdeán, mar shamplaamharcóchaidhsábháileochaidhtaiseánóchaidhgcoimheádóchadhscairteochaí (= scairtfí ). (Bíonn -óch-, -eoch- fosta san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach i mbriathra a bhaineann leis an dara réimniú: féach thíos.)

An fhuaim -í a chloistear mar fhoirceann an fhoshuitigh láithrigh ag briathra atá sa chéad réimniú, agus ag briathra sa dara réimniú mar an gcéanna, ar ndóighe, de réir an Chaighdeáin. Seo a leanas roinnt samplaí de bhriathra de chuid an chéad réimniú a bhfuil -(a)í san fhoshuiteach láithreach acu: tá mise ag gabháil go dtí go mbainí mé luibh na draíocht‘siúil leat’, adeir sé, ‘go dtaiseánaí tú an choillidh domh’‘tá mé ag gabháil go caisleán an Rí’, arsa seisean, ‘go dtí go gcoimheádaí mé na cailíní don Rí’go mairítusa i réim. Úsáidtear an foirceann -(a)í fosta i bhfoshuiteach láithreach na mbriathra neamhrialta seo a leanas: déanfaghtéightítig (féach iad seo thíos).

Féach An Aidiacht Bhriathartha thíos fá choinne samplaí den fhoirceann -(a)ithe dá úsáid le briathra a bhaineann leis an chéad réimniú (macasamhail póstaithe).

An modh ordaitheach

An chéad phearsa iolra: agraí muid.

An aimsir láithreach

Baintear úsáid as an fhoirceann choibhneasta -(e)as san aimsir seo, mar shampla bíosshíleasfhágaschuireasimeas (= imíonn), níos (= déanann).

An aimsir láithreach scéalach

Úsáidtear an aimsir seo leis an bhriathar tí go háirid, mar shampla leis sin féin, tugaidh sé ruball a shúl síos gleann a bhí ina luí roipiu agus tí sé eadar é agus léas  solas beagleis sin féin tógaidh sé a chionn agus goidé a tí sé ach an ceo glan ar shiúlbhí Colm Cille amuigh sa gharraí  agus tógaidh sé a chionn agus tí sé na crainn dheasa ghlasa seoanuas leis dhe rúchladh ó bhinn na tineadh agus beiridh sé ar an chaoraag gabháil anonn go deas suaimhneach fáilí … agus tógaidh sé taobh an chapáin agus reath an luchóg bheag amach;

An aimsir fháistineach agus an modh coinníollach

Úsáidtear an fhoirm choibhneasta sna samplaí seo a leanas: bhainfeasbhaistfeasthoiseochas; féach fosta na briathra neamhrialta déanfaghtabhairtéightig thíos.

Sa leabhar seo bíonn -óch-, -eoch- i gcónaí san aimsir fháistineach agus sa mhodh choinníollach ag briathra a bhaineann leis an dara réimniú de réir an Chaighdeáin, ach ní ghlactar leis an tréith seo in FGB, mar sampla cuideochaidhdiúltóchaidhfhosclóchaidhimreochaidhinseochaidhréiteochaidhsaothróchaidhn-éalóchthá (= éalófá), n-aithneochadhgcríochnóchadhfhoghlaimneochadhimeochadhd’iompróchadhsheifteochadhdtarraingeochadhn-inseochaí (= inseofaí ).

An aidiacht bhriathartha

Nasctar an foirceann -(a)ithe (i) le briathra a mbíonn na foircinn -ta, -te sna haidiachtaí briathartha atá acu de réir FGBdéantaithedíoltaithepóstaithebaintithebaistithe,athbhaistithe,* cailltithecaitithegaibhtitheitithe; agus (ii) le briathra a mbíonn na foircinn -tha, -the acu de réir FGBcrupaithecurthaithefreagraithetuigthithe. Sa leabhar seo tá tarraingithe ag freagairt do tarraingthe FGB. Is féidir go rabh tionchar ag an fhoirceann -(a)ithe ar na foirmeacha seo a leanas: teach óstaitheteach an óstaithe. Corruair bíonn an foirceann -iste ag aidiachtaí briathartha, mar shampla cóiriste (= cóirithe), sábháiliste (= sábháilte).

An t-ainm briathartha

Is minic a chuirtear -le foirm an ainm bhriathartha, mar shampla coinneáiltfeiceáiltfiacháiltligintráitsábháilttitimt. Uaireanta tugann FGB aitheantas do fhoirmeacha dár críoch -a úsáidtear sa leabhar seo, mar shampla fáilt agus leagaint. Baintear úsáid as freastáil, comh maith le freastal, sa téacs. Aithnítear tiompódh mar ainm briathartha inFGB, ach ní mar sin do na hainmneacha briathartha tiontódh (= tiontú), fostódh (= fostúfostó), síothlódh (= síothlúsíothló); is é fostóidh an fhoirm ghinideach atá ag fostódh sa téacs. Ní aithnítear na hainmneacha briathartha seo a leanas in FGBimeart (= imirt); carraíocht (= carraeireacht); ag srathnaigh** (= ag srathnú).

Na briathra neamhrialta

Ní dhéantar tagairt anseo ach do fhoirmeacha nach bhfuil luaite in FGB

Abair An Aimsir Láithreach: baintear úsáid as fréamh an fháistinigh in sin urnaí nach ndéaraimsa go cionn sheacht mbliain. An Aimsir Chaite: caitear le fréamh na haimsire caite amhail agus dá mba leis an ghuta ú a thoisigh sé agus ní le (mar atá sa Chaighdeán), mar shampla húradh (aithnítear an litriú seo, comh maith le úradh, in FGB), gur úirtníor úirt. Dá bhrí seo, ní mór, le bheith de réir a chéile, an litriú d’úirt (agus ní dúirt) a úsáid sa leabhar, rud atá déanta. An modh foshuiteach caite: go n-abrainn.

Beir Fá choinne beiridh féach An Aimsir Láithreach Scéalach thuas.

 An Aimsir Láithreach, briathar saor spleách: bhfuilthear. An Aimsir Chaite, briathar saor neamhspleách: bhíthear.

Cluin An Aimsir Chaite: chualaidh.

Deán An Modh Ordaitheach, dara pearsa iolra: déanaidh. An Modh Foshuiteach Láithreach: mur ndéanaí túgo ndéanaí Dia a mhaith air. An Aimsir Láithreach: ní théan. An Aimsir Chaite, foirm spleách: thearndtearn. An Aimsir Fháistineach: théanfaidhthéanfas (foirm choibhneasta). An Modh Coinníollach: théanfá.

Fagh An Modh Foshuiteach Láithreach: go bhfaghaí mé. An Aimsir Láithreach: nach bhfaghann. An Aimsir Fháistineach, foirm choibhneasta: gheobhas.

 Tabhair An Modh Ordaitheach: tabharadhtabharaigí. An Aimsir Láithreach: ní thabharaima dtabharann. An Aimsir Fháistineach, foirm choibhneasta neamhspleách:bhéarfas. Fá choinne tugaidh féach An Aimsir Láithreach Scéalach thuas.

Téigh An Modh Foshuiteach Láithreach: mur dtéidh siad. An Modh Foshuiteach Caite: dá dtéitheá. An Aimsir Chaite, foirm spleách: ní theachaighsula dteachaigh; an briathar saor: chuathar. An Aimsir Fháistineach, foirm choibhneasta: rachas.

Tí An Modh Foshuiteach Láithreach: go bhfeicí mé. An Aimsir Láithreach, briathar saor neamhspleách: títhear. An Aimsir Chaite, foirm spleách: go bhfacaidhní fhacaidh.

Tig An Modh Foshuiteach Láithreach: go dtaraí tú (úsáideann Micí Sheáin Néill an leagan go dtara tú sa scéal ‘Mac Rí na Gréige’). An Modh Foshuiteach Caite: go dtaradhdá dtigeadh. An Aimsir Fháistineach, foirm choibhneasta: thiocfas.

*Níl  an briathar athbhaist luaite in FGB.

**Féach An tAinmfhocalAn Tuiseal Tabharthach Uatha, thuas fá coinne -(e)aigh sa tabharthach.