Méilte Ghlas Cheann Dubhrann

Jimí Mhicí Jimí Mac Grianna

Jimí Mhicí Jimí a chum

Mo chreach is mo léan mar a chaith mé ’réir,
Ag ól liom féin go domhain sa choigrích.
Bhí an bheoir is an digh a mo chrá is a mo chloí,
Ag cur deanntaí fríd mo chliabhlaigh.
Tháinig samhailt fhíor a thug mé ’rís
Ar astar siar go tús m’óige
Nuair a bhí caisleáin óir ar ár dtaoibh i róid
I méilte ghlas Cheann Dubhrann.

Céad slán go deo le laetha m’óig’
Nuair ab fhiú a bheith beo gan bhrón gan bhuaireamh
I dTír na nÓg i measc dhaoiní cóir
Agus ceol binn éan fá ghlinnte.
Go domhain san oích’ is mé i mo luí
Is m’intinn thíos fá thóin na Báinseadh,
Ar na caisleáin óir a bhí ar ár dtaoibh i róid
Fá mhéilte ghlas Cheann Dubhrann.

Ba deas an radharc tráthnóna ’réir
Ó Ghob na Míne go Log Shábha Óige;
An éanlaith ag ceol agus géimneach bó
Le cluinstin siar fán Chionn Tráigh.
Le coim na hoích’ is mé ’mo shuí
Ar laftán fhraoich fá ghleann Néill Phádraig
Is, a Rí na ndúl, nár dheas a bheith ag siúl
Fríd mhéilte ghlas Cheann Dubhrann.

Tháinig ainnir óig fá mo dhéin le póig,
Agus shuigh sí síos sa fhraoch i m’aice
Is níor leag mé súil ar aon neach sa tsaol
Ab ansa liom ná an spéirbhean.
Bhí a maise gnaoi mar Ríon na Traoi
Ag cur deanntaí fríom ó bhonn go caoldrom,
Is, a dhaoiní cóir, nár dheas ár ndóigh
Fá mhéilte ghlas Cheann Dubhrann.

Ach, faraor, is mo léan, gur dhúisigh mé,
Agus d’éalaigh m’aisling mar shneachta earraigh.
Tá mé anseo liom féin, na mílte i gcéin,
Is is fada uaim Ceann Dubhrann.
Bím go síor ag ól is ag déanamh ceoil,
Is ag meabhrú siar ar laetha m’óige
’Soir na caisleáin óir a bhí ar ár dtaoibh i róid
Fá mhéilte ghlas Cheann Dubhrann.

NótaJimí Mhicí Jimí a mhol domh litrithe mar ‘ ’réir’ (= aréir) , ‘ainnir óig’ agus ‘ ’soir’ (= ‘is ar’) a úsáid sa dán seo.