Na Baoilligh, Na Páistí agus Conall

Fannie Dónaí Bean Mhic Ruairí

Fannie Dónaí a chum 

A Chonall Mac Grianna, is tú plúr na bhfear óg,
Rinn tú éifeacht na n-éifeacht nuair a scríobh tú do leabhar.
Thug tú fios don tír mhór seo go bhfuil an Ghaeilic beo
Is nach gcailltear go brách í, Ceann Dubhrann go deo.

Ba an Baoilleach is a mhac a bhí ina n-oidí i gCeann Dubhrann.
Is iad a bhí géarchúiseach, cliste agus cliúiteach,
Is gan i ndán do na páistí a bhí acu le treorú
Ach deoraíocht, sclábhaíocht, imirce is brón.

Chonaic na Baoilligh an Ghaeilic bhinn bhríomhar
Is go mbeadh a leath caillte mur ndéanfadh siad gníomh.
Chonaic siad na páistí is an Ghaeilic seo leo
Is gur beag acu a phillfeadh ar Éirinn go deo.

D’úirt na Baoilligh, ‘a pháistí, stadadh an gleo,
Tá teangaidh mur sinsear is í i mbaol a bheith beo.
Teannaigí oraibh agus cruinnigí suas
Béaloideas, scéaltaí agus Gaeilic go leor.’

Rinn na páistí mar a d’iarr siad agus sheiftigh siad neart
De chuid Ghaeilic Cheann Dubhrann a rabh orthai an tslacht,
Do na Baoilligh go dtug siad sin béaloideas bleacht,
Ansin bhí a fhios ag na Baoilligh go rabh a ngníomh déanta i gceart.

Chuir na Baoilligh an Ghaeilic is an saothar i mbeart,
Is go hOllscoil na hÉireann a sheol siad an beart,
Ag dúil go mbeadh an Ghaeilic sa tír seo go fóill
A greadadh amach as ár sinsear fadó.

Luigh an beart sin san Ollscoil is na blianta ag gabháil thart.
Bliain is trí scór luigh an taiscidh sa bheart
Ná go dtáinig Mac Grianna is gur scríobh sé sin leabhar
Ar chuid saothair na mBaoilleach is na bpáistí fadó.

Tháinig Ciarán Ó hÉigeartaigh trasna ar an leabhar
Agus sheol sé Antain is Caitríona is an BBC leo
Gur shroich siad Ceann Dubhrann is den leabhar rinn siad clár
A bheas le feiceáilt sna Faoilligh amach ina lár.

Ní moill a rinn Ciarán ná Antain is Caitríona
Gur chuir siad sin urradh le leabhar Chonaill Óig.
Ní dearmad a rinn siad de Choláiste Bhríde
Ná de mhuintir Cheann Dubhrann sna laetha a chuaigh thart.

Ár mbeannacht leis na Baoilligh atá anois insan ghlóir,
Na páistí atá marbh is an chuid acu atá beo.
Ár mbuíochas do Chonall a chuir an saothar i gcló,
Is beidh cuimhne orthu uilig i Rann na Feirste go deo.