An Óige, an Saol Mór agus an Bás

Micí Sheáin Néill Ó Baoill

Lá de na laethaibh agus uair de na huaireannaí á rabh Fionn Mac Cumhaill agus a chuid fear ag seilg fríd chuid sléibhte Thír Chonaill. Lean siad eilid aon lá amháin go domhain amach ins an tsliabh, agus d’imigh sí orthu ina n-ainneoin agus d’fhág sí folach sléibhe orthu. Shuigh siad síos ar mhaolchnoc beag glas agus iad tuirseach i ndéidh an turais, agus thit cnap ceo anuas ina mullach agus ní thiocfadh leat a ráit nach ceo draíochta a bhí ann.

‘Bhail, a fheara’, arsa Fionn Mac Cumhaill, ‘mur nglanaí an ceo seo ar shiúl tá muid i gcontúirt a bheith cailltithe i measc na sléibhte seo anocht agus gan aon teach ar ár n-amharc nó ar ár n-éisteacht.’

Leis sin, thug sé ruball a shúl síos gleann a bhí ina luí roimhe agus tíonn sé eadar é féin agus léas solas beag marbh thíos ins an ghleann. Chuir sé ceist ar na fir eile a bhí in éineacht leis, agus bhí siad dhá chlaigeann déag ann, an rabh siad ábalta an solas a fheiceáil, agus ní fhacaidh éinne acu an solas ach é féin.

‘Bhail, thig libh’, ar seisean, ‘mise a leanstan, agus dhéanfaidh muid ar an tsolas agus fiachfaidh muid le lóistín na hoíche a fháil go maidin.’

Shiúil an dá chlaigeann déag síos an gleann agus Fionn é féin ar thús báiríocht. Agus nuair a tháinig siad cóngarach don tsolas, nocht an caisleán chucu a ba deise a chonaic siad ariamh, agus bhí iontas an tsaoil ar na Fianna agus a leithéid de chaisleán comh hálainn leis a bheith tógaithe astoigh i measc na sléibhte. Chuaigh siad suas go dtí an caisleán. Bhí an doras fosclaithe, craos tineadh thíos ar an teallach, seanduine crupaithe liath ina shuí sa chlúdaigh. Bhí loca féasóige air a bhí ag folach a dhá ghlún agus cionn gruaige a bhí ag folach a dhá shlinneán, agus an scíon a bhí ina shúile bhí sé mar a bheadh an bás ann. Chuir Fionn Mac Cumhaill ceist air an bhfaigheadh siad lóistín na hoíche go maidin agus d’úirt sé go bhfaigheadh dá mbeadh múnadh orthu, agus mur mbeadh nach bhfaigheadh. Chuir seo iontas mór ar na Fianna—seanduine a rabh a chos astoigh agus amuigh as an uaigh aige, a leithéid de fhreagairt a thabhairt orthu. Shuigh siad síos ar na suíocháin agus dar leofa go mbeadh an oíche scéaltaí agus comhráidh acu ón tseanduine a b’fhearr a fuair siad ariamh roimhe sin, ach ina áit sin ní rabh focal ann, ach an cheist a chuirfí air go dtabharfadh sé freagar uirthi.

Nuair a bhí siad tamalt astoigh scaoileadh uaisc caorach a bhí ceanglaithe thíos i gcúl an dorais, agus tháinig sí aníos agus sheasaigh sí ar leacacha na tineadha.

‘Éireadh fear agaibh’, arsa an seanduine, ‘sibh is gaiste agus is lúfaire, agus ceanglaigí uaisc na caorach i gcúl an dorais arís.’

D’éirigh Oisín agus fuair sé greim adhairce ar an uaisc, agus bhuail an uaisc ina chlaigeann é agus chuir sí ar shlait chúl a chinn é i lár an urláir. D’éirigh Oscar agus fuair seisean greim orthai agus rinn sí an cleas céanna le hOscar. Bhí Fionn Mac Cumhaill ina shuí agus a dhroim le binn na tineadha.

‘Bhail, a fheara’, ar seisean, ‘is iomaí náire a thug sibh riamh domh agus is iomaí uair a b’éigean domh cúis fir a sheasamh daoibh, ach seo an náire is mó a fuair mé go fóill’, ag tabhairt léim ina sheasamh ag brath an uaisc a bheith leis eadar chorp agus chleiteacha, ach mur bith comh gasta agus chuir sí Oisín agus Oscar ar chúl a gcinn, chuir sí Fionn ar chúl a chinn lán comh gasta. Shuigh an triúr síos ar na suíocháin. D’éirigh an seanduine agus chuir sé an bata faoi mar thaca. Fuair sé greim adhairce ar an uaisc, thug leis síos í agus cheangail i gcúl an dorais í gan trioblóid. Agus ar pilleadh aníos dó, ‘bhail, caithim a ráit’, ar seisean, ‘gur drochfhir sibh. Ba leor do scaifte seanmhná an obair sin a dhéanamh.’

Tamalt ina dhéidh seo chuir Fionn Mac Cumhaill ceist air an mbeadh gléas ar bith orthu greim bidh a fháil, agus d’úirt sé go mbeadh. Bheir sé ar an bhata agus bhuail sé doras seomra a bhí sa choirnéal ina aice, agus d’iarr sé ar an chailín óg a bhí thuas ins an tseomra a theacht anuas agus an suipéar a dhéanamh réidh do na fir seo. Nuair a d’fhoscail an cailín óg an doras bhain sí an t-amhanc as an dá shúil acu, bhí sí comh dóighiúil sin, agus ag gabháil síos an t-urlár daoithe fuair Oscar greim lámh orthai. Tharraing sí an lámh eile agus bhuail sí isteach sa leiceann é agus d’úirt sí, ‘nuair a bhí mise roimhe agad’, ar sise, ‘is beag a shíl tú domh, ach ní bheidh mé agad ar ais.’

Chuir seo iontas mór ar Oscar, nuair a bhí sé ag déanamh nach bhfaca sé an cailín lena dhá shúil ariamh aroimhe, agus ar na Fianna mar an gcéanna. Rinn sí réidh an suipéar, agus nuair a bhí an suipéar réidh aici d’iarr sí orthu suí anall go dtí an bord, agus shuigh. Agus chaith na Fianna suipéar an oíche sin comh maith agus a chaith siad ariamh aroimhe. Nuair a bhí an suipéar críochnaithe acu shuigh siad ar ais thart fán tinidh, agus ghlan sise suas an trioc agus d’fhág sí réidh iad fá choinne an bhricfeasta ar maidin. Agus nuair a bhí seo déantaithe aici chuaigh sí chun an tseomra arís. Tamalt ina dhéidh seo d’úirt an seanduine leofa go rabh sé leapacha réidh ins an tseomra sin thíos fána gcoinne; go gcaithfeadh beirt luí ar achan leabaidh, agus go rabh sé cinntí go mbeadh siad tuirseach i ndéidh a bheith ag seilg ó mhaidin agus go mbeadh a scíste a dhíobháil orthu. Shiúil an dá chlaigeann déag síos chun an tseomra agus ní rabh focal as éinne acu go maidin. Agus nuair a chonaic Fionn Mac Cumhaill ball bán ar an lá, bhí sé dhe léim ina shuidhe. Agus d’iarr sé ar a chuid fear éirí fosta, agus ní luaithe a bhí siad sin ina suí ná bhí an cailín óg ina suí roipiu agus an bricfeasta réidh aici, agus bricfeasta iontach maith—comh maith agus a chaith na Fianna ariamh. Nuair a bhí an bricfeasta críochnaithe acu, d’éirigh Fionn Mac Cumhaill ina sheasamh agus thug sé buíochas ar a shon féin agus ar shon a chuid fear fán méid a síleadh daofa ó tháinig siad anseo aréir—fán tsuipéar, fán leabaidh agus fán bhricfeasta.

‘Ach tá trí ceistí agam le cur ort’, ar seisean leis an tseanduine, ‘agus ba mhaith liom i gceart dá mbeifeá ábalta iad a fhuasclú.’

‘Bhail, más féidir liom’, arsa an seanduine, ‘agus mur féidir’, ar seisean, ‘níl neart air.’

‘Bhail, nuair a tháinig muid inne isteach anseo aréir’, arsa Fionn Mac Cumhaill, ‘chuir mise ceist ortsa an bhfaighimis lóistín na hoíche go maidin. D’úirt tú go bhfaigheadh dá mbeadh múnadh orainn, agus mur mbeadh nach bhfaigheadh. Agus bhí muid ag déanamh go rabh an freagar sin iontach agadsa á thabhairt orainn, fear a rabh a chos astoigh agus amuigh as an uaigh aige, nó bhí muid ag déanamh nach rabh dhá chlaigeann déag fear ar bith in Éirinn ar an uair i láthair a dhéanfadh muid a cheansú. Agus uaisc na caorach sin a tháinig aníos as cúl an dorais, ní rabh fear ar bith againn ábalta í a chur ar ais, agus chuir tusa síos í gan mhórán trioblóid. Agus an cailín óg sin a tháinig anuas as an tseomra, thit fear de mo chuid fearsa i ngrá léithe, agus ba í an freagar a thug sí air, nuair a bhí sí aige roimhe, gur beag a shíl sé daoithe. Agus ní cuimhin leis-sean ná linne’, ar seisean, ‘í a fheiceáil ariamh aroimhe.’

‘Bhail, níl tú as casán’, arsa an seanduine. ‘An cailín óg sin a tháinig anuas as an tseomra, sin an Óige. Agus nuair a bhí an óige agaibhse is beag a shíl sibh daoithe. Is iomaí masla agus anró a thug sibh daoithe nach rabh tuilltithe aici, ach ní bheidh sí agaibh ar ais. Agus uaisc na caorach a tháinig aníos as cúl an dorais, sin an Saol Mór. Agus á thréine agus a dtreabhfaidh sibhse an saol, socróchaidh an saol libh. Agus i dtaca liomsa dó’, ar seisean, ‘mise an Bás agus chuirfinn m’ordóg ar an oiread eile agaibh.’

D’amhanc Fionn Mac Cumhaill thart go bhfeicfeadh sé goidé an manadh a bhí ag a chuid fear ar na freagrachaí a fuair sé ar na ceisteannaí. Agus nuair a thiontaigh sé thart arís fuair sé ina sheasamh ar mhalaidh sléibhe agus gan a dhath thart air ach caoirigh agus gabhair ag ingheilt.