Líontar Dúinn an Crúiscín

Bríd Anna Ní Bhaoill

 Seán Bán Mac Grianna a chum

A bhuachaillí, a bhuachaillí, molaim sibh go síoraí,
Sibh a thógfadh croí na gcailín is a chuirfeadh gnaoi ar chruinniú daoiní.
Nuair a smaoitim ar na scafairí is iad cruinn ar Ard an Aonaigh
Ag caochadh ar na streabhógaí is iad ag cogarnaigh go síodúil,
Is líontar dúinn an crúiscín is bíodh sé lán.

Isteach go toigh an leanna libh, a chailíní na dílse,
Braon de shú na braich’ a chuirfeas mothú in mur gcroí astoigh.
Ólfaidh muid is ceolfaidh muid is beidh muid seal go siamsach.
Beidh muid súgach meanmneach is pleoid ar bhuaireamh an tsaoil seo,
Is líontar dúinn an crúiscín is bíodh sé lán.

B’ann a bheadh an chuideachta, teacht chun an bhaile ón aonach,
Ag gealgháirí is ag priollaireacht is ag feitheamh lenár mian a fháil.
Fá dheireadh théadh gach scafaire ar ghreim sciatháin lena chaoinbhean
Síos fá mhalaidh an raithneach is iad ag portaireacht go croíúil,
Is líontar dúinn an crúiscín is bíodh sé lán.

Ní dhéanfaidh mise dearmad den tsuirí ins an oíche,
Éanacha na coilleadh is iad ag seinm ar na gaobhair,
Boladh deas na meala agus mo stóirín le mo thaobh liom,
Agus feothan deas ón fharraige ag siosarnaigh sa mhíodún,
Is líontar dúinn an crúiscín is bíodh sé lán.

Oíche Fhéil Eoin bheadh tinidh againn thuas ar Leac an Cháite,
An píopaire ag seinm dúinn agus sinn go haoibhinn sásta.
Le bodhránacht na maidne théadh gach strogán lena ghrá geal
Síos fá thaoibh an ghleanna nó go gcríochnóchadh siad an t-airneál,
Is líontar dúinn an crúiscín is bíodh sé lán.

Ó, a Dhia na glóire, an chuideachta a bheadh thíos ar Leac an tSúiste,
Ag cleasaíocht is ag gliodaíocht, ag peataíocht is ag súgradh,
An píopaire is an fidiléir ag seinm dúinn go croíúil.
Dhamhsadh sinn go maidin is níor fhada linn an oíche,
Is líontar dúinn an crúiscín is bíodh sé lán.

Ár mbeannacht leis na laetha sin—nach mór a d’athraigh an saol seo?
Níl grian an tsamhraidh ag taitneamh ann, níl gealach ann san oíche.
Níl guth na n-éan le cloistin ann, níl fidil ann, níl píob ann.
Níl ann ach blár fann folamh agus briseann sin mo chroísa,
Is líontar dúinn an crúiscín is bíodh sé lán.

A bhuachaillí is a chailíní, atá anois ar beagán buartha,
Déanaigí bhur ndícheall de, níl ann ach seal bhur gcuarta,
Nó tiocfaidh an lá go tapaidh ina mbeidh sibh scairte ar an uaigneas,
Ag gol agus ag mairgnigh fán chinniúint a fuair buaidh oraibh,
Is líontar dúinn an crúiscín is bíodh sé lán.

Nuair a bheas mé marbh, déanaidh m’fhaire i dtoigh na beoraí,
Ólaigí is ceolaigí go gcluinfidh mé mur nglórthaí,
Ansin tugaigí chun na cille mé agus déanaigí mo thórramh,
Agus baistigí le biotáilte mo chorp agus mo chónair,
Is líontar dúinn an crúiscín is bíodh sé lán.

Nótaí

  1. Tá an dán seo i gcló in Ióseph Ó Searcaigh (eag.), Ceoltaí agus seanchas le Seaghán Bán Mac Grianna (Rann na Feirste 1976) 35–7; tá dhá véarsa eile, de bhreis ar a bhfuil anseo ó Bhríd Anna, sa leagan den dán atá i gcló ag Ó Searcaigh.
  2. ‘Síos fá mhalaidh an raithneach’ (an tríú véarsa, líne a cúig): ‘Síos a’ mhalaigh raithní’ atá ag Ó Searcaigh.
  3. ‘ina mbeidh sibh scairte’ (an t-ochtú véarsa, líne a trí): ‘ ’s beidh sibh scaite’ atá ag Ó Searcaigh.
  4. ‘i dtoigh na beoraí’ (an naoú véarsa, líne a haon): ‘i dtigh na beorach’ atá ag Ó Searcaigh.