Oirniú an Athair Donnchadh

Bríd Anna Ní Bhaoill

 Bríd Anna a chum

Seo dán a scríobh mise, Bríd Anna, i gcuimhne ar ócáid oirniú an Athair Donnchadh Ó Baoill as Rann na Feirste a hoirníodh chun na sagartóireacht ar an naoú lá fichead de mhí Mheitheamh naoi déag naocha is a seacht. Ins an dán seo cuirimsa síos ar Dhonnchadh agus an ceiliúradh mór a bhí againn anseo i Rann na Feirste. Thug mise ‘Oirniú an Athair Donnchadh’ air.

Bhí an smaoitiú seo i gcónaí in d’intinn
Agus choinnigh tú leis go cinnte.
Ní thearn tú dearmad ariamh de do chuid paidreacha
Ná an tAifreann Dé Dé Domhnaigh.

Bhí tú ag urnaí go cráifeach,
Tú ag fanacht leis an lá seo a theacht
Leis an obair seo a dhéanamh.

Ó, nach siomaí tráthnóna samhraidh
A chaith tú ag spaisteoireacht thíos fán reannaigh,
Tú ag coimheád na dtonnaí ag bualadh an chladaigh,
Is tú ag éisteacht le ceol binn na n-éan.

Tá fleá agus féasta fá Cheann Dubhrann;
Tá cléir agus tuataí páirteach ann.
Tá áthas agus bród inár gcroíthe
Mar tá an tAthair Donnchadh anseo inár measc.

Chuir na buíontaí ceoil is do chairde dílis
Fáilte chroíúil romhad chun an bhaile.
Lasadh tinte, thoisigh an gleo,
Agus bhí sin ann, oíche ar dóigh.

Ó, a Dhonnchadh an chléir,
Go mairí tusa i réim
Go sona agus go séanmhar sásta.
Seo chugad uaim féin Paidir is Cré,
Is beannacht Mhic Dé na ngrásta.