Scoil Cheann Dubhrann

Fannie Dónaí Bean Mhic Ruairí

Fannie Dónaí a chum

A scoil Cheann Dubhrann, nach mór do chreachsa
Gur de ghéag na Rosa thú, mo léan,
Ná, mar gheall ar an Ghaeilic níl meas acu ortsa
Mar nár thoiligh tú an Béarla a labhairt, faraor.

Ba chalma cródha thú, a scoil Cheann Dubhrann,
In éadan an Bhéarla is tú a sheasaigh an fód
Go dtáinig do tharrtháil ón pharóiste Ghaelach
Le teangaidh do thíre a fhágáil agad go fóill.

Ba deas an radharc é ag tarraingt ortsa,
Trasna an deán ó Ghaoth Dobhair anall,
Triúr oidí óg a bhí cliste cliúiteach
Le do pháistí a theagasc duid féin ar ball.

Donnchadh, Pádraig agus Máiréad ghléigeal
Atá ar fheabhas i méin, i ndreach is i stuaim,
Chruinnigh siad ortsa do pháistí Gaelach
A thug an sionnach uaidsa faoi smúid is faoi ghruaim.

Dia go deo leat, a scoil Cheann Dubhrann,
Shábháil tú an Ghaeilic lena linn go fíor,
Ach faichill, a pháistí is a oidí atá cliúiteach,
Tá an snámhaí, an sionnach, ar mur ngaobhar, faraor.