Gasúr an Mhí-Áidh

Annie Bhán Nic Grianna

An gasúr a rabh an mí-ádh agus an mífhortún ag siúl leis—dá dtéadh sé chun na Finne a dh’iarraidh uisce … ní bhfaigheadh sé aon deoir. Níor lasadh aon choinneal dá gcuireadh sé a mhéar á cóir. Bhí an saol mór ag gabháil ina éadan. Ní thiocfadh leis a dhath ar bith a dhéanamh. Cuireadh chun na scoile é, ach ní rabh gar ann. Ní fhoghlaimneochadh sé a dhath ar bith agus bhí na páistí eile á mharbhadh. Cuireadh ar fostódh é. Ní rabh aon duine gaibhte leis. Chuirfí chun an bhaile arís é.

Bhí sé ar thús teaghlaigh mhóir agus a mhuintir iontach bocht. Lá amháin d’úirt a athair leis go gcaithfeadh sé imeacht as seo agus a chuid a shaothrú go gcuideadh sé leis-sean na páistí eile a thógáil, agus é féin fosta. Thug sé leis é go haonach fostóidh é ach sheasaigh mo dhuine bocht an t-aonach i rith an lae, agus níor chuir aon duine ceist air cá rabh sé ag gabháil go dtí go rabh iomlán ar shiúl chun an bhaile, mur rabh fírián ann a bhí ag déanamh réidh le gabháil chun an bhaile. Tháinig Protastúnach mór grusach fiáin thart agus chuir sé ceist ar an ghasúr an rabh sé fá choinne fostódh. Ní rabh Béarla ar bith ag an ghasúr; ní rabh a fhios aige goidé a húradh leis. D’inis an t-athair dó go rabh, agus d’inis sé a chuid lochtaibh uilig fosta dó.

‘Ná bíodh eagla ort’, adeir an máistir seo, ‘cuirfidh mise chun an bhaile ina fhear eile agad é fá chionn naoi mí.’

‘Bhail’, arsa an t-athair bocht, ‘rud ar bith a dhéanfadh fear eile dó, bheinnse iontach sásta.’

Thug an máistir seo leis é. Bhí sé féin ann agus bean an toigh agus triúr buachaill—triúr mac dó. Rud ar bith a rachadh an gasúr bocht ina chionn ní rabh sé ábalta a dhéanamh, agus bhuailfeadh an máistir go trom le bata é nó go dtugadh sé air é a dhéanamh ar dhóigh éigin. Agus ní rabh an máistreás leathshásta leis seo. Déarfadh sí i gcónaí gur mhór an truaighe an gasúr bocht, nach rabh ciall aige. Ach i gcónaí nuair a bhuailfí é, déarfadh an duine bocht, ‘A Mhaighdean Mhuire, cuidigh liom.’

Lá amháin cuireadh amach é fá choinne dhá bhucáid phreátaí a bhruithfeadh sé don mhuc. D’imigh sé leis go stálaithe ag tabhairt thart na mbucáid agus é ag amharc soir agus siar. D’amharc sé síos agus ag barr a choise ar thaobh an chasáin chonaic sé pioctúir beag. Thóg sé an pioctúir—pioctúir na Maighdean Muire a bhí ann. Smaoitigh sé gur mhaith leis an pioctúir aige. Thug sé leis é. D’fhág sé i gcúl ardáin é go dtí go dtugadh sé na preátaí chun an toigh. Thug sé aníos na preátaí go gasta. Bhí fear de na mic ina sheasamh sa doras nuair a bhí sé ag tarraingt ar an teach.

‘Níl a fhios agam goidé a tháinig ar an diúlach’, adeir sé, ‘nuair atá sé ar ais cheana féin.’

‘Tháinig an seanduine’, adeir bean an toigh, ‘agus is truaighe é nach ligeann sé don ghasúr bhocht agus gan a bheith á bhualadh.’

Nigh an gasúr na preátaí go cruaidh gasta glan ordúil. Thug sé a gcuid do ghamhain agus do mhuca. Chuir sé isteach a gcuid eallaigh; bhligh sé iad agus b’fhearr é ná triúr gasúr an oíche sin. D’amharc achan duine ar an duine eile agus d’amharc siad uilig ar an ghasúr.

I ndéidh é a ghabháil a luí, nuair a thit sé ina chodladh, chonacthas dó go dtáinig an Mhaighdean Mhuire chuige. Chuir sí ceist air goidé a ba mhó a bhí ag cur bhuartha air agus d’úirt sé gur mhaith leis foghlaim a bheith aige.

‘Bhail, beidh sin agad’, a d’úirt sí. ‘Iarr cead ar an mhuintir a bhfuil tú acu do ligint chun na scoile agus gheobhaidh tú é, ach is cuma goidé an fhoghlaim a bheas agad, caithfidh tú gan dearmad a dhéanamh choíche gur tú an gasúr a rabh an mí-ádh agus an mífhortún ag siúl leis.’

Ar maidin an lá arna mhárach d’éirigh sé agus rinn sé an obair go géar gasta mar a rinn an oíche roimhe sin. Agus b’fhada leis go dtí go bhfaigheadh sé an t-eallach a ligint amach go dtugadh sé leis an pioctúir go dtí an choillidh. Thug sé leis an pioctúir go dtí coillidh, an áit a mbíodh sé ag buachailleacht achan lá. Chuir sé suas altóir bheag sa choillidh agus chuir sé an pioctúir air. Chuaigh sé ar a ghlúine. Bhain sé neoiníní agus blátha beaga a bhí ag fás thart ar thaobh an bhealaigh mhóir fá bhruach na coilleadh. Chuir sé isteach i mbuidéal iad agus uisce orthu. Chuaigh sé ar a ghlúine ansin agus chuaigh sé a dh’urnaí.

Achan uile lá chaithfeadh fear de na buachaillí a ghabháil amach agus amharc goidé a bhí an gasúr agus an t-eallach a dhéanamh. Bhí fear acu amach an lá seo. Bhí an t-eallach go maith ach ní rabh an gasúr le fáil. Fá dheireadh, d’amharc sé isteach sa choillidh. Bhí an choillidh lasta suas le solas uilig dhen tsaol, agus bhí an pioctúir seacht n-uaire comh mór agus a bhí sé an oíche roimhe sin, agus na neoiníní agus na blátha, an uair seo, bhí siad ag fás anuas ina rósaibh móra dearga. Chonaic sé an solas. Chuaigh sé isteach chun na coilleadh. Chuir sé ceist ar an ghasúr goidé a tharlaigh, agus d’inis an gasúr dó. Chuaigh sé féin ar a ghlúine ina chuideachta agus d’úirt sé urnaí.

Chuaigh sé chun an bhaile. Thug sé a mhuintir go dtí an choillidh, agus nuair a chonaic siad an choillidh, chuaigh siad uilig go teach an phobail agus thiontaigh siad ina gCaitilicigh. Cuireadh an gasúr chun na scoile, ach ní rabh sé i bhfad ansin go dtí gur fhág sé a chuid comrádaíonnaí uilig ina dhéidh. Cuireadh chun na coláiste é, rinneadh sagart dó agus go gearr ina dhéidh sin rinneadh easpag dó. Ní rabh aon seanmóirí ar an domhan comh maith leis. Bhí siad ag teacht as achan chearn de cheithre chearn an domhain a dh’éisteacht lena chuid seanmóireacht, agus daoiní ag tiontódh achan lá leis. Lá amháin bhí sé thuas ar an ardán agus bhí slua millteanach daoiní thart fá dtaobh dó. Dá dtitfeadh biorán as an aer, ar chlaigeann duine a thitfeadh sé. Sheasaigh sé agus rinn sé staidéar, agus d’amharc sé síos tamalt beag ar an chruinniú. Fágadh ina sheasamh ansin é gan bhéal gan teangaidh. Bhí cupla dochtúir sa chruinniú. Thug siad léim suas ar an ardán agus d’úirt siad go rabh an t-easpag ag déanamh barraíocht oibre. Thug siad isteach é, cuireadh a luí é, agus hiarradh air scíste—go rabh scíste mhór fada a dhíobháil air.

An lá arna mhárach nuair a mhuscail sé, smaoitigh sé ar an choillidh. Chuaigh sé go dtí an choillidh. Bhí an pioctúir ansin mar a bhí sé an chéad lá a fuair sé caillte é. Na rósaibh a bhí ag fás anuas, bhí siad ina gcoicheán dhubh dhóite crochta anuas le taobhannaí na mbuidéal, agus gan solas ar bith sa choillidh. Chuaigh sé ar a ghlúine agus chuaigh sé a dh’urnaí, agus thit sé ina chodladh. Nuair a mhuscail sé smaoitigh sé go rabh an t-am aige a ghabháil chun an bhaile. Ag teacht chun an bhaile dó, d’fhoscail cailín coimhthíoch an doras dó nach bhfaca sé riamh. Shiúil sé isteach ina sheomra féin, ach bhí easpag eile ansin roimhe. Chuir an t-easpag óg ceist ar an tseanduine cá huair a chuaigh sé amach.

‘Ar maidin inniu’, adeir sé, ‘i ndéidh mo bhricfeasta.’

‘Siúil leat’, adeir sé, ‘go dtaiseánaí tú an choillidh domh.’

Chuaigh. Ní rabh coillidh ar bith ann ach corrbhun crainn thall agus abhus. Shuigh sé ar bhun crainn ag taobh an áit a rabh an altóir agus fuair sé bás.

Nóta:

‘lasta suas le solas uilig dhen tsaol’ = ‘lasta suas le solas go huile is go hiomlán’.