Seanchaithe agus Filí Rann na Feirste

Bríd Anna Ní Bhaoill

Bríd Bean Uí Bhaoill a chum

Ó tháinig an chéad chónaí go Rann na Feirste, tá ceol, seanchas agus filíocht ann ó shin. Tá sé comh bríomhar inniu agus a bhí sé an t-am sin. Níl orm ach na scríbhneoirí a chur in aithne daoibh—cloinn Mhic Grianna. Tá aithne ag pobal na hÉireanna agus pobal an domhain orthu. Tá mé ag cur síos anseo ar sheanchaithe agus ar filí Rann na Feirste. Bhí cuid mhór filíocht i Rann na Feirste fada ó shin agus buíochas do Dhia tá an fhilíocht ann go fóill. Níl acu ach scéal beag a chloisteáil agus cuirfidh siad i bhfilíocht é. Seo cupla ceathrú a chum Bríd Bean Uí Bhaoill, nach maireann, fá na seanchaithe cáiliúla a bhí i Rann na Feirste agus atá anois ar shlí na bhfíréan.

Ár mbeannacht le ár gcuid seanchaithe,
Ár mbeannacht leo go deo.
Thug siad suáilce agus pléisiúr dúinne
A fhad agus bhí siad beo.

Shuigh siad ins an chlúdaigh,
Shuigh siad ar gach ardán.
D’fhoghlaim siad sin na scéaltaí dúinne
Gan pingin nó bonn a fháil air.

D’aithris siad an fhiannaíocht,
D’aithris siad na dánta.
D’aithris siad an fhilíocht,
Is toiscéal Dé gach lá dúinn.

Ó, nach siomaí tráthnóna glórmhar samhraidh
A chaith siad féin is a gcairde,
Iad ag aithris a gcuid seanchais
Is ag cur cú na gcleas chun spairne.

Ó, nach minic a sciob siad leo
An chraoibh ó na hoireachtaisí is na feiseanna.
Sheasaigh siad cliú na gConallach
Le corradh agus dhaichead bliain.

Ach tháinig an scairt ins an earrach
Thart fá uair an mheán lae.
D’fhág siad slán go deo ag Ceann Dubhrann
Agus thug a n-aghaidh ar ríocht Dé.

Ach nuair a thiocfas lá an bhreithiúnais,
Tógfaidh Dia a lámh go hard,
Ag scairtigh ar na seanchaithe
As Ceann Dubhrann na ndumhchanna bán.