An Saol Mar a Bhíodh

Neidí Frainc Mac Grianna

Sa bhliain 1962, bhí Seán Ó Heochaidh ar cuairt in Rann na Feirste, áit a dtearn sé a chomhrádh le Neidí Frainc. Rinneadh an comhrádh sin a thaifeadadh agus tá an téip i seilbh Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. D’iarr Seán Ó Heochaidh ar Neidí cur síos a dhéanamh ar an tseantsaol i Rann na Feirste: ‘rud beag baoideach, a Éamainn, fán tseantsaol i Rann na Feirste’, a d’úirt Seán. Seo a leanas an méid a bhí le rá ag Neidí Frainc fán ábhar sin:

Bhail anois, le trácht ar an tseantsaol a bhí ann níl mé ag gabháil siar i bhfad, nó níl gar domhsa a ghabháil mórán níos faide siar ná atá cuimhne agam. Tá cuimhne agam siar, anois tuairim ar thrí scór bliain nuair a bhí mé féin i mo ghasúr agus mé ag fás aníos ar an bhaile seo, fán chineál saoil a bhí againn agus an tsuim a bhí againn i seanscéaltaí agus i seanseanchasc.

Nuair a thiocfadh oícheannaí fada geimhridh, chruinn na comharsain isteach, agus shuíodh na seandaoiní ansin a chomhrádh fán tsaol a bhí acu in Albain—cé a bhí ina gcuideachta; cé a bhí ina leithéid seo dhe bhaile a leithéid seo dhe oíche agus a rabh troid mhór aige lena leithéid seo dhe dhuine. Bhí na rudaí seo uilig go léir ag gabháil go hiontach deas agus suim mhór ag an ghasúr a bheadh ina luighe chois na tineadh agus a dhá chois thiar faoin leabaidh, b’fhéidir, agus a chionn aniar faoi dhá chois a athara, is ag éisteacht go suimiúil. Chanfaí ansin ar na taibhsí—cé a chonaic taibhse; cá háit a casadh air é; goidé a d’úirt an taibhse leis; taibhse a tháinig ar Eoin Phádaí nuair a bhí sé i ndéidh a theacht aníos as Tráigh na gCorr agus é ar foscadh thíos ag beann an chladaigh nuair a tháinig stoirm trom ceatha air … chéad chónaí. Smaoitigh sé gur fhéad sé a ghabháil isteach sa teach seo, ach léim an taibhse eadar é féin agus an teach. Shiúil sé leis píosa eile den bhealach, agus níl aon uair ariamh ar smaoitigh sé ar ghabháil isteach i dteach nár léim an taibhse roimhe, go dtí go dtáinig sé go dtí sruthán beag, agus ar ghabháil trasna an sruthán dó d’imigh an taibhse agus ní fhaca sé níos mó é.

Bhí an taibhseoireacht seo leis go soiléir againne le feiceáil. Tífeadh muid i gcónaí na rudaí seo an lá arna mhárach agus an oíche arna mhárach nuair a bheadh muid féin ag siúl amuigh, dar linn. Bhí iontas mór againn iontu.

Bhí an seanchas maith—na mná ina suí ag cleiteáil; cuid acu ag sníomh; cuid ag cardáil. A dhuine, bheadh suáilce duid a ghabháil isteach i dteach sa chomharsain ins an am sin agus suidhe agus oíche airneáil a bheith agad i measc na seanlaochra breátha seo a bhí anonn agus anall go hAlbain ag déanamh an fhómhair thall ansin, agus ansin ag teacht agus ag cathamh an gheimhridh sa bhaile. Chaithfeadh siad a ghabháil amach san am sin nuair a thiocfadh an t-earrach agus leas farraige a shaothrú. Obair chruaidh a bhí anseo. Chaithfeadh siad a ghabháil amach lena gcuid bádaí, giota fada, i ndoimhneacht na farraige, go dtí go dtaradh siad ar líonán leathaigh agus go mbaineadh siad lasta leathaigh seal trá. Bheirfí isteach sin, agus chaithfeadh siad sin a chur ina gcuid cliabh agus a iompar agus a spréadh ar a gcuid preátaí agus iad ag cur isteach barr mór, nó ní rabh an dara gléas beo ag na créatúir ins an am sin. Ní rabh an pháighe maith ar an choigrích féin. Chaithfeadh siad fiacháilt lena ndíchealt a dhéanamh, agus oiread barr a bhaint amach agus a thógfadh na páistí. Agus bhí sin ann san am sin, teaghlaigh mhóra, rud nach bhfuil inniu ann. Níl a dhath inniu ins na háiteacha a bhfuil mé ag caint orthu ach feadha ag fás agus léantaí bána, toighthí druidte agus comhlachaí ar na fuinneogaí. Agus, faraor, d’imigh an seanchasc. Tá sé ar shéala a bheith ar shiúl. Níl a dhath fágtha anois ann ach beagán beag thall agus abhus, ní mó ná gur fiú a bheith ag caint orthu.