Sagart na Paráiste agus an Fhaoiside

Seán Bán Mac Grianna

Bhí sagart paróiste san áit is againne fosta, agus sagart cráfach; agus sagart cráfach a ba chóir a thabhairt air. Bhí sé i gcónaí ag moladh do na daoiní faoiside a dhéanamh go minic. Shíl sé nach rabh a dhath ar an domhan comh maith le faoiside le iad a choinneáil gan smál. Ní rabh sé ariamh tuirseach ag éisteacht. Tá mé ag déanamh dá dtigeadh duine chuige i log na hoíche go n-éireochadh sé amach as an leabaidh go n-éisteadh sé é. Anois, nuair a bhíodh am fá réir aige bhíodh sé ag siúl thart fá theach an phobail ag léamh a leabhair le dúil go dtiocfadh duine ar bith a dh’iarraidh faoiside.

Bhí an duine bocht ag gabháil anonn in aois agus bhí an fhuil ag fuarú—bhí sé iontach deileoir. Bhíodh cruach breá mhónadh i gcónaí ag taoibh an toigh aige. Bhíthear ag goid na mónadh. Bhí seo ag cur míshásta air. Chan amháin go rabh an duine bocht míshásta cionn is a bheith ag cailleadh a chuid mónadh i ndéidh a cheannacht go daor goirt, ach bhí sé míshásta go rabh duine ar bith ina pharóiste a bheadh ag síneadh na láimhe. Rinn sé seanmóir scáfar ar an seachtú haithne. Aithne a bhí inti nárbh fhéidir maithiúnas a thabhairt inti gan aisíoc.

Tráthnóna amháin, bhí sé ag spaisteoireacht thart fá theach an phobail ag léamh a leabhair agus tháinig seanduine beag crupaithe aníos an bealach mór, isteach go teach an phobail, agus chaith sé é féin go cráfach ar a dhá ghlúin os coinnibh na haltóra. Tháinig an sagart isteach ina dhéidh. Lig sé dó a urnaí a chríochnú, agus nuair a d’éirigh sé ina sheasamh, chuaigh an sagart a fhad leis.

‘Ag iarraidh faoiside?’, adeir seisean.

‘Ní headh’, arsa an seanduine. ‘Tháinig mé isteach go n-abrainn paidir.’

‘Is fhearr duid faoiside a dhéanamh anois nuair atá mise agus tusa sa láthair’, ar seisean.

‘Níl mé réidh’, ar seisean.

Ní rabh an sagart sásta cead a chinn a thabhairt dó, nó ba mhaith a bhí a fhios aige nár bhuail an fear sin a ghlún faoi shagart leis na blianta. Ach ní rabh an fear eile sásta.

‘Seo anois’, adeir an sagart, ‘b’fhéidir go dtáinig an uair. B’fhéidir gur marbh a bheifeá roimh an am seo amárach. Caithfidh tú faoiside a dhéanamh anois. Cuideochaidh mise leat. Réiteochaidh mé an bealach duid agus rachaidh tú chun an bhaile gan smál.’

Nuair a bhí cruaidh ag gabháil air agus chonaic sé nach rabh sé ag gabháil a fháil cead a chinn, d’amhanc sé isteach san aghaidh ar an tsagart.

‘Shílfeá’, ar seisean, ‘gur mhian leatsa fios a fháil cé a bíos ag goid do chuid mónadh’, ar seisean.