Ball Dearfa Ó Dónaill

Micí Sheáin Néill Ó Baoill

Lá de na laethaibh agus uair de na huaireanna á rabh Ó Dónaill ina chónaí i gcaisleán Dhún na nGall. Bhí sé póstaithe agus ní rabh aige ach aon mhac amháin mar theaghlach. D’fhás an mac seo aníos, agus nuair a tháinig sé go dtí aois pósta, pósadh é agus thug an t-athair caisleán Phort an Chrainn dó mar áit chónaí.

Ach bhí mac Ó Dónaill, ó tháinig ann dó, ag troid in éadan dhligheadh na Sasana in Éirinn, agus bhí barántas ag na Sasanaigh le breith air agus le é a chur chun báis. Ach nuair a bhí mac Ó Dónaill bliain póstaithe rugadh mac dó agus ba é an t-ainm a tugadh ar an tachrán seo—Ball Dearfa Ó Dónaill.

Bhí Ó Dónaill agus a bhean ina suí sa chaisleán aon lá amháin agus an tachrán ina chodladh insa chliabhán nuair a tí siad cabhlach na Sasana isteach chucu ón bháighe, agus bhí a fhios ag Ó Dónaill gur ar a lorg a bhí siad agus d’imigh sé ar a sheachnadh. Agus las a bhean coinneal agus chuir sí isteach i gcoinnleoir í agus d’fhág sí an coinnleoir ina shuí ar an tábla, agus rinn sí roithleagán ró thart ar an choinnleoir le cur in úil dá namhaid go rabh daingean láidir roipiu astoigh ach, má chuir féin, níor chuir sin lá beaguchtaigh orthu.

Tharraing siad orthai go tobann sa deireadh agus comh gasta agus nach rabh faill aici an tachrán a bhí sa chliabhán a thabhairt léithe. D’imigh sí agus d’fhág sí é. Nuair a tháinig na Sasanaigh isteach chun an chaisleáin chuartaigh siad ó choirnéal go coirnéal an toighe agus ní rabh le fáil acu ach an tachrán a bhí ina luí sa chliabhán. Agus leis an tormán a thóg siad sin ar theacht isteach daofa mhuscail an tachrán, agus d’iarr an t-oifigeach ar fhear de na saighdiúirí a ghabháil suas agus an tachrán a chur chun báis. Chuaigh an saighdiúir suas agus an claidhmhe tarnochta leis fá choinne an tachrán a chur chun báis.

Ach nuair a chonaic an tachrán é ag tarraingt air chuaigh sé a gháirí agus a dhéanamh cuideachta agus ag amaidí leis an chlaidhmhe a bhí ina lámh, agus ní rabh uchtach ag an tsaighdiúir é a chur chun báis. Chuaigh an t-oifigeach é féin suas ansin agus bhí rún daingean aige sin an obair a dhéanamh, agus rinn an tachrán mar an gcéanna leis sin. Agus d’úirt an t-oifigeach go nglacfadh sé duine iontach cruaidhchroíoch an tachrán céanna a chur chun báis agus nach dtiocfadh leofa dadaidh a dhéanamh ní b’fhearr ná é a thabhairt leofa go Sasain agus é a thabhairt don Rí, gur air a b’fhearr a bhí gléas é a thógáil.

Cuireadh Ball Dearfa Ó Dónaill ar bord soithigh i bPort an Chrainn i gcionn a naoi mí de aois. Tugadh go Sasain é agus chuaigh an t-oifigeach caol díreach leis go dtí caisleán an Rí. Bhí Rí na Sasana póstaithe agus bhí beirt mhac mar theaghlach aige. Bhí fear acu fán tuairim chéanna aois le Ó Dónaill agus bhí an fear eile dhá bhliain ní ba sine. Agus tógadh aníos iad i gcuideachta a chéile, agus bhí sé tuigthithe acu gur den teaghlach amháin iad. Nuair a bhí an bheirt ab óige bliain déag agus an fear eile trí bliana déag, ghlac siad lá saoire daofa féin aon lá amháin amach ins an tír, agus ba é san fhómhar a bhí ann. Agus tháinig siad go dtí páirc a rabh cuid mhór stucaí agus cruach inti agus chaith siad an lá ag déanamh folachadh na stucaí agus folachadh na gcruach. Le linn na hoíche shuigh siad síos agus iad tuirseach. Agus deir siad go bhfuil titimt an chearlamáin ar oíche fhómhair—go dtiteann sí i bhfaiteadh na súl, agus thit an oíche seo mar an gcéanna. Agus tháinig cuid mhór réalta amach ar an aer agus d’úirt an fear a ba sine de chlann Rí na Sasana gur cheart daofa trí achaine a iarraidh, agus thoiligh an triúr seo a dhéanamh.

‘Bhail, d’iarrfainnse achaine’, arsa an fear a ba sine de chlann Rí na Sasana, ‘capall agus searrach a bheith agam os coinne achan réalt á bhfuil ar an aer.’

‘Bhail, d’iarrfainnse achaine’, arsa an darna fear, ‘bó agus gamhain a bheith agam os coinne achan réalt is a bhfuil ar an aer.’

‘Bhail, d’iarrfainnse achaine’, arsa Ó Dónaill, ‘saighdiúir agus taoiseach a bheith agam faoi arm agus éideadh os coinne achan réalt á bhfuil ar an aer.’

D’úirt na gasúraí eile gur sin achaine shaoithiúil. Nuair a tháinig siad chun an chaisleáin d’inis siad don Rí agus don Bhanríon fán lá pléisiúrtha a chaith siad sa tír agus fá na hachaineacha a d’iarr siad le titim na hoíche. Agus nuair a chualaidh an Rí agus an Bhanríon fá na hachaineacha a d’iarr Ó Dónaill, chuir sé iontas mór orthu. Agus d’úirt an Rí gur mhaith an rud a dhéanfadh sé nuair a thiocfadh ann dó, agus nach dtiocfaí dadaidh a dhéanamh ní b’fhearr ná é a chur chun báis. D’úirt an Bhanríon go rabh sin ceart go leor, ach gur tógadh aníos i gcuideachta a clann féin anseo é agus go rabh sé tuigthithe acu ariamh anall gur den teaghlach amháin iad. Agus le é a chur chun báis ina láthair, ar sise, ‘ní bhfaigheadh siad thairis a choíche. Ach tá deartháir duid’, ar sise, ‘ina Rí in Éirinn, agus mholfainn duid é a chur go hÉirinn ’sior do dheartháir agus iarraidh air sin é a chur chun báis comh gasta agus a tífidh sé amharc air.’

Thoiligh an Rí seo a dhéanamh agus ar maidin an lá arna mhárach cuireadh ina shuí Ó Dónaill ní ba luaithe ná ba ghnách; gléasadh é fá choinne an tsiúil. Chuir an Rí giolla leis go dtí an baile cuain agus leitir ’sior a dheartháir go hÉirinn ag inse dó gur seo gasúr a bhí sé ag cur chuige agus é a chur chun báis comh gasta agus a tífeadh sé amharc air. Cuireadh Ó Dónaill ar bord soithigh i Sasain agus tháinig sé i dtír i mBaile Átha Cliath mar bhí cónaí ar Rí na hÉireann ins an am sin i gcaisleán Bhaile Átha Cliath. Agus nuair a tháinig Ó Dónaill i dtír i mBaile Átha Cliath, nuair a bhí sé ag siúl suas an chéidh ag tarraingt ar an chaisleán, casadh an tsíofróg dó.

‘Is tú an giolla’, ar sise, ‘ag iompar na croiche.’

‘Creidim gur mé’, ar seisean.

‘Is tú’, ar sise. ‘An bhfuil leitir leat?’, ar sise.

‘Tá’, ar seisean.

‘Bhail, ba mhaith liomsa’, ar sise, ‘an leitir a fháil le léamh.’

Tharraing sé amach an leitir agus shín sé an leitir daoithe, agus nuair a léigh sí an leitir stróc sí í ina míle píosa. Tharraing sí amach peann agus páipéar agus scríobh sí leitir úr dó. Chuir sí seoladh Rí na Sasana go hiomlán ar an leitir ag inse gur seo gasúr a bhí sé ag cur chuige agus é an scoil ab airde a thiocfadh leis a thabhairt dó go cionn lá agus bliain, agus go ndíolfadh seisean go maith ar a shon é. D’iarr sí ansin ar Ó Dónaill an leitir seo a thabhairt don Rí, agus thug. Cuireadh ar scoil ard é, agus nuair a bhí lá agus bliain caitithe ar an scoil aige chuir Rí na hÉireann an leitir ’sior a dheartháir go Sasain ag inse go rabh an t-am anois caite agus gur mhaith leis díolachán a fháil ar shon an ghasúra. Nuair a fuair Rí na Sasana an leitir chuir sé fearg mhór air—gasúr a shíl sé a bhí marbh le bliain, suim mhór airgid a bheith le díol aige ar a shon. Agus thug sé ordú do sheachtar dena chuid saighdiúirí a theacht caol díreach go hÉirinn agus Ó Dónaill a chur chun báis. Ach an tráthnóna seo bhí na saighdiúirí le theacht i dtír in Éirinn; bhí Ó Dónaill agus scaifte eile scoláirí ag imirt chardaí ar an scoil a rabh siad ag fáil a gcuid teagaisc ann, agus tháinig an tsíofróg go dtí an doras aríst.

‘Bhail, imir do chluiche ar an lúth’, ar sise,
‘Agus dá ligfeá an uair seo thart,
Ar fhaitíos go mbeifeá mall,
Ar an chlár thall imir do beart.’

D’aithin Ó Dónaill go rabh an t-am caite, agus sciob sé amach go formhothaithe. Chuaigh sé síos go dtí an chéidh, agus bhí bád ansin réidh le seoladh chun na Spáinne agus chuaigh sé ar bord orthai. Tháinig sé i dtír sa Spáinn, ach ba é an dligheadh a bhí sa Spáinn san am sin, strainséir ar bith a chuaigh isteach chun na tíre, más Caitliceach a bhí ann gheobhadh sé saor agus más gall a bhí ann bhruithfí soip dhearga ar lorg a chos nó go gcuirthí amach as an tír é. Ach ní rabh Ó Dónaill ábalta cuntas a thabhairt goidé an creideamh a bhí aige agus cuireadh isteach i bpríosún é, agus nuair a bhí dhá bhliain caitithe ins an phríosún aige, thug Rí na Spáinne lá spóirt do mhuintir na tíre, agus bhí na spórtanna le coinneáil ag taobh an phríosúin. Nuair a tháinig an lá chruinnigh cuid mhór daoiní go dtí na spórtannaí seo, agus fuair na príosúnaigh amach agus shuigh siad suas ina líne ar bhalla an phríosúin. Tháinig an Rí agus an Bhanríon chun na Spáinne agus ní rabh acu mar theaghlach ach an aon mhac agus bhí an mac leofa. Agus scaoil siad na beithígh agus an cóiste ag taobh bhalla an phríosúin. Agus nuair a d’amhanc an Bhanríon suas ar na príosúnaigh d’úirt sí leis an Rí gur, ‘is iomaí duine anseo inniu i láthair a déarfadh go rabh a mac astoigh i bpríosún, nó sin an buachaill’, ar sise, ‘ba chosúla le ár mac féin a chonaic mise ariamh.’ D’amhanc an Rí suas ansin agus d’úirt nach dtiocfadh leis an bheirt acu a bheith ní ba chosúla le chéile ná a bhí siad.

Ba é rásaí beathach an chéad chuid de na spórtannaí agus chuir an Rí amach beathach ins an rása; beathach gorm a bhí inti. Agus tháinig beathach an Rí isteach ar an darna cionn. Agus nuair a bhí an rása críochnaithe d’éirigh Ó Dónaill ina sheasamh ar an bhalla agus d’úirt sé dá bhfaigheadh an beathach gorm ceart, gur cheart daoithe an rás a bhaint. D’éirigh an Rí ina sheasamh ins an chóiste agus chuir sé ceist air an mbeadh seisean ábalta é a dhéanamh ní b’fhearr, agus d’úirt sé go bhfiachfadh sé leis.

‘Bhail, má tá sin amhlaidh’, ar seisean, ‘scairtfidh mise an rása arís’, agus scairt.

Chuaigh Ó Dónaill amach mar mharcach ar bheathach an Rí agus tháinig sí isteach ar an chéad chionn. Chuir seo lúcháir agus áthas mór ar an Rí agus ar an Bhanríon agus ar an mhac mar an gcéanna nuair a chonaic siad gur bhain an beathach an rása. Agus d’úirt an Bhanríon leis an Rí nach dtiocfadh leis dadaidh a dhéanamh ní b’fhearr ná a ghabháil go dtí uachtarán an phríosúin agus an buachaill seo a fháil amach saor go mbeadh sé mar chuideachta agus mar chomrádaí ag a mac féin. Thoiligh an Rí seo a dhéanamh, agus nuair a bhí an lá críochnaithe chuaigh an Rí go dtí uachtarán an phríosúin agus fuair sé Ó Dónaill saor. Bhí an toradh sin aige.

Thug siad leofa go dtí an caisleán é agus bhí mac Rí na Spáinne agus Ó Dónaill ina ndá gcomrádaí mhóra. Ach tamall ina dhiaidh seo thit mac Rí na Spáinne i ngrá le níon Rí na Fraince, agus thit mac Rí na Sasana i ngrá léithe fosta. Agus ba é an breithiúnas a rinn sise eatarthu go gcaithfeadh an bheirt acu troid ar dhá dhroim beithígh, agus mur bith fear a gheobhadh an bhuaidh gur sin an fear a phósfadh sise. Thoiligh an bheirt seo a dhéanamh, agus nuair a chuaigh an scéal a fhad le Rí agus le Banríon na Spáinne chuir sé buaireamh mór orthu. Ní rabh acu ach an aon mhac, agus níor mhaith leofa géibheann ar bith a theacht air, ach mar sin féin thoiligh siad a chomhairle féin a thabhairt dó. Ach ba é an míniú is an réiteach a bhí ar an scéal gur shocair siad fá choinne lá troda, agus bhí an troid le coinneáilt san Fhrainc ag taobh an chaisleáin a rabh níon an Rí ina cónaí ann.

An oíche roimhe an troid d’úirt Ó Dónaill le mac Rí na Spáinne go luífeadh seisean an oíche sin mar chomrádaí aige is go mbeadh sé ábalta a inse dó ar maidin cé acu a bhainfeadh sé nó a chaillfeadh sé. Luigh Ó Dónaill ag mac Rí na Spáinne an oíche seo, agus nuair a mhuscail siad ar maidin d’úirt Ó Dónaill leis go muirfí inniu é, nó nár stad sé ag clismearnaigh amach as a chodladh ó chuaigh sé a luí aréir.

‘Is mór an truaighe’, ar seisean, ‘mac Rí a mharbhadh, agus rachaidh mise agus glacfaidh mé d’áit inniu, agus má mharbhthar mise féin’, ar seisean, ‘ní théanfaidh sé mórán duifir.’

Chuir seo lúcháire mhór ar an Rí agus ar an Bhanríon agus ar an mhac nuair a chonaic siad an spiorad agus an sracadh a bhí in Ó Dónaill. D’fhág siad an Spáinn ansin agus Ó Dónaill leofa, agus chuaigh siad chun na Fraince fá choinne na troda. Agus nuair a tháinig siad i dtír ins an Fhrainc bhí mac Rí na Sasana aníos agus síos an tsráid ar dhroim beithígh ag déanamh réidh fá choinne na troda. Nuair a tháinig an t-am chuaigh Ó Dónaill amach ar bheathach mhac Rí na Spáinne. D’aithin Ó Dónaill mac Rí na Sasana, ach níor aithin mac Rí na Sasana Ó Dónaill i ndéidh gach lá pléisiúrtha a chaith siad i gcuideachta a chéile i Sasain. Ach, mar an gcéanna, bhí nimh san fheoil ag Ó Dónaill dó, nó bhí sé ag déanamh gurb é bunrúta a chuid trioblóide é. Agus an darna huair a tháinig siad in éadan a chéile chaith Ó Dónaill a chlaigeann dó leis an chlaidhmhe, agus sula bhfuair an chlaigeann faill titimt ar an tsráid chuir sé barr an chlaidhmhe i bhfostódh inti. Thóg sé in airde í agus chaith sé isteach í sa tseomra a rabh níon Rí na Fraince ina suí ann, agus d’úirt sé léithe gur sin pronntanas ag an bhean uasal.

Bhí an troid ansin baintithe acu agus lúcháire mhór ar bhunadh na Spáinne, agus tháinig siad ar ais chun na Spáinne. Agus tamalt ina dhéidh seo tháinig Rí na Spáinne agus an Bhanríon agus a mac leofa chun na Fraince fá choinne an phósta, ach nuair a tháinig siad isteach i gcaisleán Rí na Fraince d’úirt níon an Rí leofa nár tógadh sa Spáinn ariamh an fear a mharaigh mac Rí na Sasana, ‘nó, an dealramh’, ar sise, ‘a bhí ina ghruaidh, níor fhág sé mo shúilesa ó shin, agus má tá sé ar dhroim an domhain’, ar sise, ‘beidh sé agamsa.’

B’éigean daofa a ghabháil an bealach céanna a dtáinig siad. Cupla bliain ina dhéidh seo bhí rásaí beathach ins an Fhrainc agus tháinig mac Rí na Spáinne agus Ó Dónaill leis ar na rásaí. Agus ag gabháil síos an tsráid daofa ag taobh an chaisleáin bhí níon an Rí ag amhanc amach ar an fhuinneog barr, agus fuair sí a súil orthu agus d’aithin sí Ó Dónaill. Chuir sí cuireadh ina dhéidh agus tháinig an bheirt ar an chuireadh, agus nuair a tháinig siad isteach i gcaisleán Rí na Fraince d’úirt níon an Rí leofa, ‘tusa’, ar sise, ‘a mharaigh mac Rí na Sasana in mo chuimhnesa agus tusa a chaithfeas mise a phósadh.’

‘Tá mé toilteanach’, arsa Ó Dónaill.

Pósadh Ó Dónaill agus níon Rí na Fraince ar a chéile agus tháinig taoiseach agus daichead ar an rása.

Nótaí:

  1. ‘Is tú an giolla’, ar sise, ‘ag iompar na croiche’ = ‘tá tú ag tarraingt ar d’aimhleas.’
  2. ‘Bhail, imir do chluiche ar an lúth’, ar sise, … : tá leagan eile de na líntí seo in Ailbhe Ó Corráin, A concordance of idiomatic expressions in the writings of SéamusÓ Grianna (Belfast 1989) 94; is é an míniú a thugann Ó Corráin ar na líntí ná ‘take time by the forelock’.