An Mhaighdean Mhaiseach

Fannie Dónaí Bean Mhic Ruairí

Jimí Fheilimí Mac Grianna ('Máire'a Chum

Is cianach corrach a chodail mé an oíche aréir,
Is ba bhrónach m’aigneadh ar maidin le spéarthaí an lae.
Bhí ualach tuirse agus tinnis i lár mo chléibh
Is, a Rí na cruinne, nach dona mar a fágadh mé.

Thiar a chois toinne is loinnir an lae ag fáil bháis
Is é a casadh domh an ainnir ina seasamh i mbéal na trá;
A bráidh is a muineál gur ghile ná sneachta ar mhóin,
Is é a caoinroisc bharrúil a mhearaigh mo chiall go deo.

D’éirigh an ghealach agus chealg sí an saol chun suain,
Agus spréigh sí a solas mar fhallaing ar shléibhte an chuain;
Crónán an easa gur bhinne na glórthaí píob,
Agus tuaim na toinne gur bhinne ná ceoltaí sí.

Is é mo ghéarghoin tinnis mar a d’imigh an aisling chaoin.
Tháinig néaltaí dorcha a dhallaigh uaim grá mo chléibh
In uaigneas an ghleanna an áit arbh ansa liom uair dem shaol,
Is is brónach a ghoilim tráth a chluinim an chuach ar craobh.

A mhaighdean mhaiseach, tar seal a mo chóir ar cuairt,
Is cóirigh mo leabaidh le scratha is le fóide fuar,
Cealg mé a chodladh le glórthaí do bhéilín binn
In uaigneas an ghleanna an áit ar casadh le chéile sinn.