Cumhaidh an Fhile

Fannie Dónaí Bean Mhic Ruairí

 Seán Bán Mac Grianna a chum

Is cumhaidhiúil thíos fá bhruach na mara,
Is gruama an saol is mé liom féin
Gan sólás croí, gan comhrádh carad,
A thógfadh cian domh is a mhúchfadh an léan.

Go domhain san oíche is mór mo mhearadh
Ag dúil go gcluinfinn ceol na n-éan,
Ach, mo bhrón, níl ann ach tuaim an bharra
Is uaigneas síor faoi ghlinnte an aeir.

Níl ceiliúr cuach, níl blátha geala,
Teacht an tsamhraidh, ann, mar a bhíodh.
D’imigh an smaolach is d’imigh an eala,
Is tháinig smoladh ar gach craobh.

Tá mo chairde gaoil go síor ina gcodladh
Ins an tseanbhaile, faraor,
Agus mise fágtha fuar fann folamh
Mar each gan sréin ag treabhadh an tsaoil.

Ní feicim bádaí ag gabháil an barra,
Ní fheicim daoiní amuigh ag snámh,
Ní fheicim slóite Domhnach earraigh
Thíos fán Bháinsigh mar a ba ghnách.

D’imigh an spórt as tóin an bhaile,
D’éag an seandream a bhí sámh,
Mo chumhaidh ina ndéidh nach mór an chaill é
Iad a bheith scartha uainn mar atá.

Grá mo chroí na laetha fada
A chaith mé síos fá bhruach na trá,
Seal ag imirt le mo mhadadh,
Seal ag súgradh le mo ghrá.

Seal gan ghruaim fá bhruach an easa
Ag féachaint bradán ar an tsnámh,
Is, a Rí na ndúl, nach trua nach mairfeadh
Saol na suáilce dúinn go brách.