An Yawl Mhór

Donnchadh Chassie Ó Baoill

 Seán Bán Mac Grianna a chum

File a bhí ar an bhaile seo blianta, Seán Bán Mac Grianna, tá sé marbh anois, agus bhí sé ag spaisteoireacht fán tráigh lá agus chonaic sé giota de chasadhmaid an bháid seo ina luí ar an chladach, agus thóg sé é agus rinn sé ceathrú cheoil dó. Bhí a fhios ag Seán stair an chasadhmaid. Bád a bhí fada ó shin ar an bhaile agus bhí sí maith ag baint rásaí. Agus nuair a chuaigh sí ó mhaith cuireadh isteach san chladach í agus tug na comharsanaigh urraim daoithe. Níor baineadh riamh daoithe fá choinne ábhar tineadh nó a dhath mar sin, agus bhí sí go dóighiúil ansin acu agus iad go mórtasach inti cionn is comh maith agus a bhí sí sna laetha a chuaigh thart. Ach tháinig Poncánach mór chun an bhaile ar laetha saoire agus chuaigh sé síos chun an chladaigh, agus shuigh sé thuas ar dhroim an bháid—ar an chaoldrom—agus bhí sí cineál éadrom agus—cineál gur bhris sé í. Agus chuir seo imní orthu, eisean a bheith ina suí suas orthu, agus rinn an file ceathrú cheoil: eisean a dtugann sé an stroillire a bheith suite ar an chaoldrom agus eisean a ghabháil go hifreann agus a bheith ceangailte legadrógaí iarainn. Bhí an file ag caint leis an chasadhmaid an chéad uair sa tinidh agus ansin bheir an casadhmaid freagar air. Bhí an bheirt ag caint le chéile.

An Dán

A chasadhmaid chrín, ba sheasmhaidh is ba righin tú,
Is ba ionad a bhí fíorscoith na darach.
Nach iomaí sin lín’ a chuir tú ón tsaol
Ó tháinig do chraobh os cionn talamh?
D’fhás tusa aníos i do phlanta dheas aoibhinn
Is bhí snáithe glan caoin ort le gearradh,
Cé gur iomaí sin oíche ar ucht shliabh an tsín
A lúb tú le gaoth agus le stoirm.

Nuair a smaointim comh glórmhar is a bhí laetha na hóige,
Chan iontadh na deora mo dhalladh.
I gcoillidh ghleann ceo is mé faoi dhuilliúr go fóill,
Agus géimreach na mbó á mo mhealladh,
An chonairt sa tóir ar an tsionnach gach neoin,
Na héin ag gabháil cheoil ins na crannaibh,
Agus mise comh bródúil is nárbh dhual domh go deo
A bheith i mo chréatúr gan só fá na beannaibh.

Ná caoin thusa d’óige, nó sin mar a hordadh,
Ní mhaireann an córas ach tamalt.
Is beag nach ndéan póit is nach dtiteann chun bróid,
Ach tá an Cruthaitheoir trócaireach geanúil.
Seanchlaigeann ghránna ar cholainn ró-álainn,
Níor hordadh ar Ardrí, ná a shamhail.
Codail go sámh, beidh rath ort is ádh,
A bhanríon na mbád, a bhí geanúil.

Ní ag caoineadh atá mé ach tá an chinniúint ag rá liom
Gur thabhaigh mé náire agus scainneach
Do fhíorscoith an adhmaid a d’fheistigh na cábáin
Is a chuir cinn ar na teampiaill san tseanam.
Ní rabh aon chipín ná aon chlár nach rabh oibrithe san Áirc
Nach rabh gearrtha as crann álainn den darach,
Is nár sin an scéal cráite is nach trua leat mo chás
A bheith sceite i mo chláraí sa ghreallach?

Nach dona is nach cloíteadh mar a rinneadh an díobhadh duid,
A phlanta de uaisle na coilleadh?
Ábhar chathaoir na rí agus chroisín na naomh,
Do dhúchas nach tútach mar a milleadh.
Ba do chinniúint a bhí bithiúnta i ndeireadh na scríobh,
Mo léan, nach an saol seo atá bradach?
Tú mar earra ag stroillire ag baint taca as go haoibhinn
I scealpaigh bheag íseal sa chladach.

A sheanfhile chaoin, ná bí ag briseadh do chroí
Fá mise a bheith sínte ar an leacaigh.
Ná héiligh fán stroillire a bheith suite ar mo chaoldrom,
Níl mé ach ag íoc as mo pheacaí.
Níor shiúil mise díreach ar bhóithrí an tsaoil seo,
Ba iad mo bhéasaí a d’fhág míchliú ar m’ainm,
A d’fhág mo chleiteacha síos liom agus osna in mo chroí,
Agus coincleacha míofar ar m’anam.

Shíl mé gur bád thú nár choir is nár cháin
Ó chuaigh tú ar sháile i do leanbh,
Gur sheol tú go státúil ó Thoraigh go hÁrainn
Is gur bhain tú gach rás ar na cainéil.
Níor chuala mé ráite gur ciontach tú i mbáthadh
Ná i ngníomhrachaí rógánta ar bith eile,
Ach má thógann tú cáipéis do d’anam, bí cráifeach,
Déan faoiside chráite le file.

Bhí mé trom ar na rámhaí is ní seoltóir maith báid mé,
Is ní rabh mé ariamh ádhúil ag scadáin.
Theilginn na tairní ar fhíorbheagán ábhair
Is ní thearn mé riamh tábhacht le bradáin.
Chuir mé foirinn as Árainn i gcontúirt a mbáite
Agus dhíbir mé dhá mhaighdean mhara.
D’fheall mé sa rás ar chuid fhear Bhaile Mhánais
Agus bháigh mise an Dálach sa bharra.

Seo achaine chráifeach ó ghlún an Ardrí
Do thógáil gan spás as an anás,
Agus cathaoir i bParthas a bheith agad go brách
Agus gaobhar le Banríon na n-aingeal;
Tú a bheith gan chian ar dheislámh ag Dia
Agus smál dubh na mbliantach de d’anam,
Is an stroillire go síoraí a bheith in ifreann na bpian
Agus gadrógaí iarainn á cheangailt.