Bean an Fhir Ruaidh—an Scéal

John Ghráinne Ó Duibheannaigh

Bhí táilliúir ins an áit seo am amháin agus bhí sé iontach maith ag táilliúireacht. Bhí sé comh maith ag táilliúireacht agus go rabh daoiní ag teacht as achan chearn den tír a fháil a gcuid éadaigh déanta ag an táilliúir. Ach bhí níon ag an táilliúir. Bhí sé pósta agus bhí níon aige, agus bhí sé canta go rabh an níon chéanna ar an chailín a ba deise agus a ba dóighiúla a bhí ins an áit agus, mar a d’úirt mé, níl a fhios agamsa goidé a bhí ag cruinniú na bhfear óg seo uilig fán teach, cé acu feabhas a chuid táilliúireachta nó áilleacht na mná óige a bhí á gcruinniú ach, cé bith acu, bhí an táilliúir ag fáil níos mó oibre ná bhí sé ábalta a dhéanamh. Agus chuir sé fuagra amach ag iarraidh tilleadh cuidithe. Agus leoga ní rabh i bhfad go bhfuair sé sin.

Beirt de bhuachaillí ligthe gasta a rabh lámh mhaith ar an tsnáthaid acu—buachaill bán agus buachaill ruadh. Chuaigh an bheirt bhuachaill seo i gcionn oibre, agus bhí siad comh mór le chéile le dhá chionn capall. Ní rabh gabháil amach ar an doras ag fear acu gan an fear eile a bheith ina chuideachta agus bhí siad, an bheirt acu, gleoiréiseach cuideachtach, agus fuair siad aithne mhaith ar an mhuintir a bhí thart fán cheantar, agus bhí siad ar shiúl ansiúd agus anseo. Agus goidé a tharlaigh i ndeireadh ama, ach gur thit an bheirt acu i ngrá le níon an táilliúra. Agus leoga, ar ndóighe, bhí sin go leor leis an charthanas a bhí eatarthu a bhriseadh agus thug an bheirt acu fuath dá chéile. Chuaigh an bheirt acu a dh’éad le chéile agus tífeadh achan fhear acu an fear eile báite ar spanóg uisce.

Ach bhí an buachaill bán soineanta agus gan urchóid ar bith ann, agus ní dhéanfadh sé dochar dó féin ná do aon duine eile. Buachaill deas sochmaidh soineanta a bhí ann, mar a d’úirt mé, ach bhí a mhilleadh sin ag an fhear ruadh. Bithiúnach bradach nach dtiocfadh leat d’anam ná do chorp a thrust leis a bhí san fhear ruadh. Ach bhí siad oíche amháin agus d’úirt an fear ruadh go rabh seisean ag gabháil a shuí mall a chríochnú culaith éadaigh a bhí leathdhéanta aige, agus ar ndóighe níor chuir duine ar bith iontas mór ar bith ansin. Chuaigh an chuid eile de bhunadh an toigh fá chónaí, nó chuaigh siad a luí, agus d’fhan an fear ruadh ina shuí in ainm a bheith ag críochnú culaith éadaigh, ach nuair a fuair sé an chuid eile ina luí, in áit culaith an éadaigh a chríochnú, thug sé leis dornán de uirnéisí itheacháin a bhí ag bean an toigh agus a bhí iontach cúramach ag bean an toigh. Thug sé leis iad agus chuir sé isteach i mála an fhir bháin iad, agus ansin chuaigh sé féin a luí.

Ar maidin an lá arna mhárach bhí an bhean, bean an táilliúra, ina suí agus í ag gabháil a ghiollacht bidh daofa mar a ba ghnách léithe, ach nuair a chuaigh sí a chuartú uirnéisí an itheacháin seo, ní rabh siad le fáil thíos ná thuas, thall ná abhus. D’éirigh an chuid eile de mhuintir an toigh agus an fear ruadh ina gcuideachta, agus chuartaigh siad uilig an teach. Ach ní rabh siad ábalta na huirnéisí itheacháin seo a fháil.

Chuir bean an toigh fios ar na Gardaí agus tháinig siad sin, ach mise ag inse duidse nach rabh na Gardaí i bhfad á gcur ar bun. Fuair siad iad astoigh i mála an fhir bháin. Thug siad leo an fear bán gránna ina phríosúnach. B’éigean dó an dligheadh a sheasamh agus fuair sé sé mhí i bpríosún as gadaíocht.

Anois, tá an ghadaíocht dona—nó tá an phríosúntacht dona go leor in am ar bith, ach tá sé i bhfad i bhfad níos measa nuair atá tú i bpríosún agus gan a dhath déanta as bealach agad. Mar a d’úirt mé, fuair sé na sé mhí agus rinn sé na sé mhí, agus a fhad agus a bhí sé ag déanamh na sé mhí i bpríosún, goidé do bharúil nach rabh an fear ruadh ag siúl amach le níon an táilliúra. Agus nuair a bhí na sé mhí astoigh ag an fhear bhán, fuair sé a chionn leis agus fuair sé amach.

Agus ins an am sin bhí an fear ruadh agus níon an táilliúra pósta ceangailte agus an fear ruadh ag obair ar a chonlán féin i dteach dó féin. Ach ní mná a bhí ag cur bhuarthata ar an fhear bhán bhocht. Bhí sé buartha go rabh ainm gadaí aige agus ní rabh a fhios aige goidé ab fhearr dó a dhéanamh. Ach goidé a rinn sé?—thug sé a aghaidh ar Mheiriceá.

D’imigh sé agus d’fhág sé an clár is an fhoirinn acu agus bhain sé Meiriceá amach. Chaith sé a shaol in Meiriceá, nó bunús a shaoil, go dtí go rabh sé ag gabháil suas le bheith ina bhog-sheanduine. Agus bhuail cumhaidh é, cith a fhliuch an saol, is cosúil, nó gur doiligh buaidh a fháil ar an chumhaidh. Bhuail cumhaidh é, agus smaoitigh sé gur dheas a aghaidh a thabhairt arís ar an tír seo agus a theacht go dtí an áit ar chaith sé laetha na hóige nuair a bhí sé aigeantach agus éadrom sa chroí agus gan mórán ag cur bhuarthata air. Chruinnigh sé é féin suas comh maith agus a thiocfadh leis, agus shaothraigh sé airgead agus thug sé a aghaidh ar Éirinn, ach lig sé é féin rud beag as aithne. Bhí an aois air, ar ndóighe—giota maith níos sine ná bhí an lá a d’fhág sé Éirinn. Ach lena chois sin, lig sé féasóg air féin go leath a bhrollaigh agus tháinig sé go hÉirinn. Agus tháinig sé go dtí an áit seo agus shiúil sé thart leis ag breathnú ar na háiteacha ar ghnách leis a bheith ann nuair a bhí sé óg agus é ag táilliúireacht don táilliúir. Anois, duine ar bith a bhí anonn in aois ins an am ar fhág sé Éirinn, bhí siad marbh. Agus an mhuintir a bhí óg, níor chuimhneach leo go bhfaca siad ariamh é, ach mar sin dó, bhí sé ina dhústrainséir ins an áit. Níor aithin duine ar bith é, agus níor aithin seisean mórán ach oiread. Ach tráthnóna amháin le coim na hoíche, bhuail sé isteach chuig an fear ruadh agus chuigeana bhean. Níor aithin siad é, ach d’aithin seisean iad sin. D’úirt sé leo gur táilliúir a bhí ann agus go rabh sé ag cuartú lá oibre agus, cé bith eile a bhí le rá leis an fhear ruadh, bhí sé maith ag táilliúireacht agus bhí sé ag fáil níos mó oibre san am ná bhí sé ábalta ar a dhéanamh, agus ba bhuí bocht leis an fear seo a fháil le cur a dh’obair. Chuir sé a dh’obair é agus sin an áit a rabh an fear bán ag obair nuair a chum sé an t-amhrán breá sin, ‘Bean an Fhir Ruaidh’.

Nóta: ‘Agus bhuail cumhaidh é, cith a fhliuch an saol’: ciallaíonn seo gur bhuail cumhaidh é go díreach mar a bhuaileann cumhaidh achan duine.