Fuadach Chlann Rí na Fraince

Neidí Frainc Mac Grianna

Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna ag cuan Bhinn Éadáin. Lá dá rabh Fionn Mac Cumhaill agus seacht gcatha na Féinne ag cleasaíocht ag cuan Bhinn Éadáin dhruid ceo thart orthu. Nuair a ghlan an ceo ar shiúl ní rabh fear ar bráid ag Fionn, ach é ina sheasamh ar an léana leis féin. Shiúil sé leis. Ní theachaigh sé i bhfad gur casadh cailleach ghraifleagach mhíofar air. Ní rabh mórán toil don chineál aige, agus nuair a tháinig sí fad cainte dó labhair sé léithe—cá rabh a triall, nó goidé a rabh sí ar a lorg.

‘Tá’, ar sise, ‘tá teachtaireacht anseo liom ó Rí na Fraince chuig Fionn Mac Cumhaill, Ardrí na bhFiann, é féin agus a chuid fear a bheith ansin roimhe a dó dhéag anocht.’

Chuir Fionn mallacht orthai gur dhona mar a d’aithris sí an scéal, agus d’amharc sé thart agus gan fear ar bráid aige. Ar amharc arís dó bhí an cailleach ar shiúl.

Shiúil sé leis go cineál brónach imníoch, agus ba ghoirid go bhfaca sé seachtar de bhuachaillí cruaidhe gasta ag tarraingt air.

‘B’fhéidir’, ar seisean, ‘gur seo cóir ag tarraingt orm.’

Nuair a tháinig siad fad cainte dó bheannaigh sé daofa agus chuir ceist orthu cá rabh a dtriall nó goidé a rabh siad ar a lorg.

‘Tá muid ar lorg oibre’, ar siad sin.

‘Is maith a tharlaigh ar a chéile muid’, arsa Fionn, ‘tá mise ar lorg fear.’

‘Bhail’, arsa na buachaillí, ‘má níonn muid socrú ar an tuarastal oibreochaidh muid inne duid.’

‘Cá ainm atá ortsa?’, arsa Fionn leis an chéad fhear.

‘Tá’, ar seisean, ‘mise Fead Mhac Fead.’

‘Agus goidé atá tú ábalta a dhéanamh le d’fhead?’, arsa Fionn.

‘Tá mé ábalta fead de ghlaic a dhéanamh a chruinneochadh seacht gcatha na Féinne ar an léana seo i bhfaiteadh na súl.’

‘Maith thú agus is rómhaith thú’, arsa Fionn, ‘agus cibé ar bith tuarastal a bheidh tú a iarraidh beidh tú liom.’

‘Cá ainm atá ortsa?’, ar seisean leis an dara fear.

‘Mise’, ar seisean, ‘Eolas Mhac an Eolais.’

‘Agus goidé atá tú ábalta a dhéanamh le do chuid eolais?’, arsa Fionn.

‘Beidh mé ábalta an t-eolas a dhéanamh duidse agus do sheacht gcatha na Féinne go cathair na Fraince agus arís gan chontúirt.’

‘Is maith thú agus is rómhaith thú’, arsa Fionn, ‘agus cibé ar bith tuarastal a bheidh tú a iarraidh beidh tú liom fosta.’

‘Cá ainm atá ortsa?’, arsa seisean leis an tríú fear.

‘Mise’, ar seisean, ‘Slis Mhac Slis.’

‘Agus goidé atá tú ábalta a dhéanamh le do shlis?’, arsa Fionn.

‘Tá mé ábalta soitheach domhain doimhnearacht a dhéanamh a bhéarfas tusa agus seacht gcatha na Féinne áit ar bith fríd na seacht bhfarraige ar mian libh seoladh gan chontúirt.’

‘Is maith thú agus is rómhaith thú’, arsa Fionn, ‘agus cibé ar bith tuarastal a bheidh tú a iarraidh bheidh tú liom fosta.’

‘Cá ainm atá ortsa?’, arsa seisean leis an cheathrú fear.

‘Mise’, ar seisean, ‘Eolas Mhac an Eolais.’

‘Agus goidé atá tú ábalta a dhéanamh le do chuid eolais?’, ar seisean.

‘Tá, dhéanfaidh mé an t-eolas duidse agus do sheacht gcatha na Féinne go cathair na Fraince agus arís gan chontúirt gan bháthadh.’

‘Is maith thú agus is rómhaith thú’, arsa Fionn, ‘agus cibé ar bith tuarastal a bheidh tú a iarraidh beidh tú liom fosta.’

Anois, bhí mé ag fágáil an duine ab fhearr i mo dhéidh—Neart Mhac Neart a ba chóir domh a thabhairt ar an fhear seo—an ceathrú fear.

Anois, arsa Fionn leis an chúigiú fear, ‘cá ainm atá ortsa, nó goidé atá tusa ábalta a dhéanamh?’

‘Tá’, ar seisean, ‘mise Dreapaide Mhac an Dreapaide.’

‘Agus goidé atá tú ábalta a dhéanamh le do chuid dreapaideacht?’, arsa Fionn.

‘Tá mé ábalta dreapaideacht míle agus fiche ar airde ar shnáithe síoda agus arís gan truisleadh gan leonadh.’

‘Is maith thú agus is rómhaith thú’, arsa Fionn, ‘agus cibé ar bith tuarastal a bheidh tú a iarraidh beidh tú liom fosta.’

‘Cá ainm atá ortsa’, ar seisean leis an seiseadh fear.

‘Tá’, ar seisean, ‘mise Gadaí Mhac an Ghadaí a ghoidfeadh an uibh ón chorr agus an chorr ina luí orthai.’

‘Ó’, arsa Fionn, ‘ní thearn muid a dhath ariamh le gadaíocht agus ní rún dúinn a dhéanamh. Níl gnoithe agam leatsa.’

Labhair an chuid eile as béal a chéile: ‘mur bhfuil tú ag tabhairt leat an gadaí, níl muid inne ag gabháil ach oiread.’

‘Bhail’, arsa Fionn, ‘féadann sé a ghabháil linn, ach ní bhfaighidh sé tuarastal ar bith.’

‘Bhéarfaidh tú a chuid dó?’, arsa siad sin.

‘Bhéarfaidh. Gheobhaidh sé an bia céanna a gheobhaidh muid féin.’

‘Maith go leor’, arsa siad sin, ‘margadh é.’

D’amhanc Fionn thart.

‘A Fhead Mhac Fead’, ar seisean, ‘cá bhfuil tú anois a gheall domhsa go gcruinneochthá seacht gcatha na Féinne chugam i bhfaiteadh na súl.’

‘Tá mé anseo’, ar seisean, ag cur a mhéar ina bhéal agus ag déanamh fead de ghlaic a cluineadh thart ar Éirinn uilig. Bhí na Fianna ag cruinniú aniar agus anoir. Bhí siad ag teacht as achan chearn go dtí go rabh siad cruinn ar an léana i bhfaiteadh na súl.

‘Anois’, arsa Fionn, ‘a Eolas Mhac an Eolais, cá bhfuil tusa?’.

‘Tá mé anseo’, ar seisean.

‘Gheall tú domhsa go ndéanfá an t-eolas go cathair na Fraince agus arís domh. Gabh ar tús anois agus stiúir muid.’

Chuaigh Eolas Mhac an Eolais ar tús, Fionn agus an seisear buachaill ina dhéidh agus seacht gcatha na Féinne ina dhéidh sin nó go dtí go dtáinig siad go dtí an baile cuain.

‘Bhail, anois’, arsa Eolas Mhac an Eolais, ‘tá dálta fhear chasadh an tsúgáin ormsa—tá mé a fhad agus tá mé ábalta a ghabháil. Níl mé ábalta an fharraige a threabhadh.’

‘A Shlis Mhac Slis’, arsa Fionn, ‘cá bhfuil tú anois a gheall domhsa go ndéanfá soitheach domhain doimhnearacht dúinn?’

‘Tá mé anseo’, ar seisean, ag siúl síos go béal an chuain agus ag tabhairt trí shlis amach as faoina bhearád agus á síneadh i mbéal na toinne. I bhfaiteadh na súl bhí soitheach mór láidir daingean doimhnearacht déantaithe aige. Chuaigh na Fiannaibh ar bord. Chroith siad óna bun go dtína barr í, ach ba é sin an soitheach a bhí láidir daingean. Chuaigh siad uilig ansin ar bord. Chuaigh Eolas Mhac an Eolais ar an stiúir. Thug siad a gcúl le tír agus a n-aghaidh air muir. Níor fhág siad aon téad tíre gan cheangal, ná aon mhaide rámha gan síneadh, gur thóg siad a gcuid seoltaí go bocóideach, go bacaideach, go barr na gcrann coimheádach, ag éisteacht le lupadán is le lapadán, le seitreach rónta, le feadaireacht phéistí móra agus le glórthaí na bhfaoileán fionn nó go dteachaigh siad i bhfolach ag fíorghlinnte an aeir.

Ní rabh i bhfad go dtáinig cathair na Fraince ar amharc chucu. Ar theacht anois isteach go cathair, nó go dtí céidh, na Fraince daofa bhí Rí na Fraince ansin agus a chabhlach faoi arm agus éideadh ag fanacht leofa. Cuireadh fáilte mhór roipiu. Tháinig Fionn i dtír, é féin agus a chuid fear, agus shiúil sé féin agus Rí na Fraince ar tús suas go dtí an caisleán, seacht gcatha na Féinne ina dhéidh sin agus arm na Fraince faoi arm agus éideadh ina dhéidh sin.

Anois, ní rabh fairsingeacht sa chaisleán do Fhionn agus dona chuid fear. Chuaigh—bhí na Fianna amuigh i gcampaí taobh amuigh den chaisleán agus chuaigh Fionn agus a chuid buachaillí féin isteach leis an Rí. Bhí tábla … socraithe amach ansin daofa—rogha gach dí agus rogha gach bidh. Bhí Fionn ar chionn den tábla agus Rí na Fraince ar an chionn eile, agus thúsaigh an comhrádh acu.

‘Tá iontas mór orm’, arsa Fionn Mac Cumhaill, ‘a Rí na Fraince, as an teachtaireacht a chuir tú chugam tráthnóna gan fios agad cé acu a bhí mé réidh fá choinne a theacht in d’araicis, nó nach rabh. An dtiocfadh leat inse domh goidé an géibheann mór a bhfuil tú ann?’

‘Thig liom’, arsa Rí na Fraince. ‘Dhá bhliain agus an mhaidin inniu rugadh mac óg do mo mhnaoi, agus bhí féasta mór againn. Bhí, ach is mór orainn go rabh oidhre ag gabháil a bheith ár ndéidh. Agus an oíche sin ar a dó dhéag tugadh ar shiúl an leanbh, agus ní fhaca muid ó shin é. Chuartaigh muid thoir agus thiar achan áit a measaigh muid a dtiocfadh lena mhacasamhail a bheith coinnithe. Ach ní bhfuair muid scolb ná scéala fá dtaobha dó. Bliain is an mhaidin inniu rugadh mac eile dúinn, agus leis an scéal fhada a dhéanamh goirid, agus cionn goirid a dhéanamh maith, chuaigh sé an bealach céanna a réir mo bharúla. Agus ar maidin inniu rugadh níon óg dúinn, agus rinn muid amach eadrainn féin má b’fhéidir í a shábháil, nach rabh aon duine ar an domhan a bheadh ábalta sin a dhéanamh mur ndéanadh Fionn Mhac Cumhaill agus a chuid fear é. Agus sin an tuigh ar chuir mé scéala fá do dhéin.’

‘Maith go leor’, arsa Fionn, ‘tá mé ag déanamh go bhfuil muid oiread anseo agus a d’fhéadfadh an páiste a chosaint go maidin.’

Anois, nuair a bhí an suipéar déantaithe acu tugadh isteach insa tseomra iad a rabh an páiste óg seo ina luí ann—cliabhán deas airgid agus deatach óir thart air; brat deas síoda anuas air agus dhá bhanaltra ina suidhe, bean ar ghach taoibh den chliabhán.

‘Anois’, arsa Rí na Fraince le Fionn Mac Cumhaill, ‘cuidigí libh féin go maidin. Sin rogha gach dí romhaibh ar an tábla sin. Tá mise ag gabháil a luí. Tá mé tuirseach.’

Agus d’éirigh an dá bhanaltra agus chuaigh siad isteach chun a seomra féin. Fágadh Fionn Mhac Cumhaill agus a mhórsheisear buachaill ann ag coimeád an leinbh. D’ól siad braon. Chan siad thart ar an … den tseanchasc a bhí ag gabháil san am. Bhí braon beag anois is aríst ag gabháil ar bord. Fá dheireadh thit fear ina chodladh anois, agus thit fear arís. Ar bhomaite an dó dhéag, tháinig an lámh fhada bhuí anuas an simléir, chuaigh i bhfostú i ngléas ceangail an leinbh agus thóg suas é. Chlis Fionn.

‘A Neart Mhac Neart’, ar seisean, ‘cá bhfuil tú anois?’

‘Tá mé anseo’, ar seisean, ag éirí agus ag tabhairt léim ina sheasamh agus ag fáilt greim ar an Lugh Lámhfhada os cionn lúbadh na huillinne, ag breith ar an leanbh amach as a lámh agus á fhágáil síos ins an chliabhán arís. Anois, ní rabh an Lugh Lámhfhada ábalta é a thabhairt fríd pholl an tsimléir amach, agus ní rabh seisean ábalta an Lugh Lámhfhada a thabhairt isteach. Ach sa deireadh bheir sé orthai go cruaidh agus tharraing sé amach as an ghualainn í. Thit sé féin anuas ar an urlár. Ba mhaith an mhaise don ainchríostaí é—chuir sé an lámh chlí isteach, chuaigh i bhfostú i ngléas ceangail an leinbh. Sula bhfuair Neart Mhac Neart éirí bhí an leanbh sciobthaithe ar shiúl. Seo an áit a rabh an buaireamh anois—Fionn Mhac Cumhaill ag fáisceadh a lámha; iad náirithe; an leanbh ar shiúl amach as a méara. Scairt sé anois ar Fhios Mhac Fios.

‘An dtiocfadh leat fios a thabhairt domhsa’, ar seisean, ‘cá bhfuil an leanbh seo?’

‘Thig liom’, arsa seisean.

Chuir sé a ordóg fána dhéad feasa agus chogain sé go smior í.

‘Tá’, ar seisean, ‘tá an leanbh sin anois ins an Domhan Thoir agus í ag diúl ar bhrollach mháthair mhór an ainchríostaí a sciob ar shiúl as seo í.’

‘A Eolas Mhac an Eolais’, arsa seisean, ‘an dtiocfadh leatsa an t-eolas a dhéanamh dúinn go dtí an Domhan Thoir?’

‘Thig liom’, ar seisean, ‘leanaigí domh.’

Chuaigh Eolas Mhac an Eolais ar tús, Fionn agus a chuid fear ina dhéidh, síos go dtí an baile cuain, agus chuaigh siad ar bord agus chuaigh Eolas Mhac an Eolais ar an stiúir. Thug siad a gcúl le tír agus a n-aghaidh ar muir agus sheol leo, agus ní rabh i bhfad go dtáinig an Domhan Thoir chucu ar amharc. Ar theacht go dtí an cuan daofa, bhí caisleán mór ard ina shuí ansin. Caisleán a bhí míle agus fiche ar airde agus gan fuinneog nó doras air ach fuinneog bheag a bhí thuas insa díon. Shiúil siad thart timpiall air cupla uair go bhfeicfeadh siad an rabh gléas ar bith fáilt isteach, ach ní rabh.

‘A Dhreapaide Mhac an Dreapaide’, arsa Fionn, ‘a gheall domhsa go rabh tú ábalta a ghabháil míle is fiche ar airde ag dreapaideacht, gabh suas agus cuir anuas an leanbh chugam.’

‘Rachaidh mé suas’, arsa an Dreapaide, ‘ach níl mé ábalta gadaíocht a dhéanamh i ndéidh a ghabháil suas.’

‘A Ghadaí Mhac an Ghadaí, cá bhfuil tú anois?’, ar seisean, ‘gabh agus goid an leanbh dúinn.’

‘Níor gheall tú tuarastal ar bith domhsa’, arsa an Gadaí, ‘agus níl mé ag gabháil a dh’obair.’

‘Seo anois’, arsa Fionn, ‘tá a fhios agad nach am géibheannach am faltanais. Gabh agus déan an obair agus gheobhaidh tú an tuarastal céanna a gheobhas an chuid eile.’

‘Maith go leor’, ar seisean.

Chuaigh sé ar dhroim an Dreapaide, chuaigh an Dreapaide suas míle agus fiche ar airde go rabh sé thuas ar uachtar an chaisleáin. Goidé a tí siad ansin?—dhá ghasúr bheaga dheasa ruadh ag tarraingt orthu agus dhá mheadar bheag uisce leofa. Chuaigh an Gadaí anonn go dtí iad.

‘Goidé atá libh?’, ar seisean.

‘Tá, dhá mheadar bheag uisce’, arsa na gasraí.

‘Goidé atá sibh a dhéanamh leis an uisce?’, ar seisean.

‘Tá ár máthair ina luí le bás. Tá cuid mhór fola ag teacht amach as a ascaill agus dóirteann muid inne an t-uisce fuar isteach agus bheir sin faoiseamh dó.’

‘Á, mur ndaidí beag bocht’, ar seisean. ‘Tabharaigí domhsa an t-uisce agus bíodh geall go bhfaighidh sí biseach gan mhoill. Thug sé—fanaigí shibhse anseo’, ar seisean, ‘ag an fhear seo go bpillí mise arís’, agus d’fhan.

Chuaigh sé síos go fáilí an dréimire agus bhí an Lugh Lámhfhada ina luí ag srannfaigh mar a bheadh muc mhara ann agus Scáthaigh Mhór í féin agus an páiste ina hochras aici agus í ag srannfaigh. Chuaigh sé anonn go fáilí, agus chuir sé a lámh isteach faoin éadach agus sciob sé an leanbh leis. Aníos an dréimire go gasta, chuir an leanbh eadar a dhá lámh agus fear de na gasraí faoi achan ascaill; chuaigh suas ar dhroim an Dreapaide agus anuas go bun. Sin an áit a rabh an lúcháir nuair a chonaic Fionn go rabh an bheirt ghasúr leo fosta. Chuaigh siad ar bord agus thug a n-aghaidh aríst ar chathair na Fraince. Anois, nuair a bhí siad tuairim ar leath báighe, ‘A Fhios Mhac Fios’, arsa Fionn, ‘goidé atá ag gabháil anois?’

‘Tá’, arsa Fios, ‘tá an t-ainchríostaí ag muscladh as an tsuan. Tá an phian ag fáil buaidhe air, agus nuair a tífidh sé go bhfuil an leanbh ar shiúl spréifidh sé claigeann a mháthara móire in éadan thaoibh an bhalla, agus an tormán a bhainfidh sé amach aisti cluinfear thart ar an domhan uilig é.’

Leis sin, chuala siad an tuargain mar a bheadh rois thairní ann.

‘Tiocfaidh sé orainn, is dóiche’, arsa Fionn, ‘insa bháighe.’

‘Tiocfaidh’, arsa Fios, ‘tá sé ár ndéidh anois, agus mur mbuaighí linn muid féin a chosaint cuirfidh sé síos muid.’

‘A Neart Mhac Neart’, arsa Fionn, ‘cá bhfuil tú anois?’

‘Tá mé anseo’, ar seisean, ag éirí ina sheasamh agus ag seasamh ar bord nó go dtí go dtáinig an néal dubh anuas os a chionn. Léim sé suas ina araicis. Fuair sé greim ar an ainchríostaí. Thit an bheirt anuas ar bord. Throid an bheirt thart agus thart ar bord nó go dtí go dtug Neart Mhac Neart anuas é agus go dtearn sé dhá chuid dena chlaigeann in éadan thoiseach an tsoithigh. Chaith sé amach san fharraige é.

‘Is maith an beathach sin ar shiúl ar scor ar bith’, ar seisean, ‘tá sé leat an iarraidh seo.’ Sheol leo nó go dtí go dtáinig siad i dtír sa Fhrainc arís. Cheangail siad a mbád agus suas leofa go dtí an caisleán, Fionn agus an ghirseach bheag leis eadar a dhá lámh, Neart Mhac Neart agus fear de na gasraí leis, agus Gadaí Mhac an Ghadaí agus an gasúr eile leis. Agus nuair a chuaigh siad isteach chun an tseomra chuir siad an leanbh beag isteach sa chliabhán—an ghirseach bheag—agus bhí fear acu ar ghach taobh den tinidh agus gasúr ar a ghlún aige. Leis sin, isteach le Rí na Fraince. Nuair a d’fhoscail sé an doras agus tí sé an bheirt ghasúr ar a nglúin acu tháinig tocht air. Chuaigh sé isteach agus phóg sé iad. Thóg sé amach chuig an Bhanríon iad agus d’inis siad an scéal ansin daofa óna thús go dtína dheireadh. Sin an áit a rabh an lúcháir.

‘Bhail, anois’, arsa Rí na Fraince, ‘ní bhfuair mise faill baisteadh ná féasta ar bith a dhéanamh do mo chuid leanbh. Ach dhéanfaidh mé baisteadh agus féasta anois.’

Cuireadh amach an bolsaire fríd an tír agus tugadh cuireadh do bhocht agus do nocht a theacht chuig an choirm, agus tháinig, agus bhí baisteadh agus féasta ann a mhair seacht lá agus seacht n-oíche. Ar deireadh an tseachtú lá, ‘bhail, anois’, arsa Fionn, ‘caithfidh mise iarraidh a thabhairt ar mo thír dhúchais. Caithfidh mise a ghabháil go hÉirinn, nó ní bheidh a fhios ag mo mhuintir ansin goidé a d’éirigh domh.’

‘Ní bhfaighidh tú imeacht go fóill’, arsa an Rí, ‘caithfidh mise mur bpáighe a thabhairt daoibh.’

‘Ní thabharfaidh sé páighe ar bith—ní thabharfaidh tú páighe ar bith dúinne’, arsa Fionn. ‘Thig leat páighe a thabhairt do na buachaillí seo más mian leat é.’

‘Ní thabharfaidh sé páighe ar bith dúinne’, arsa na buachaillí. ‘Ní hé a rinn muid a fhostódh agus ní hé a íocfas ár dtuarastal ach oiread. Caithfidh tusa ár dtuarastal a dhíol.’

‘Díolfaidh mise sin’, arsa Fionn, ‘nuair a rachaidh mé go hÉirinn, ach níl airgead ná ór agam anseo.’

Anois, d’imigh siad leo síos ag tarraingt ar an bhaile cuain, Rí na Fraince agus a chuid saighdiúirí ag gabháil leo síos go dtí an soitheach. Chuaigh na Fianna agus Fionn agus na buachaillí ar bord. Thug siad a gcúl le tír agus a n-aghaidh ar muir. D’fhág siad slán agna chéile. Thóg siad a gcuid seoltaí agus d’imigh leo. Ba ghearr gur chuir dorchadas na hoíche i bhfolach ins an cheo iad. Tháinig siad i dtír in Éirinn. Anois, nuair a bhí an bád feistithe d’úirt Fionn go rachadh siad uilig go léir go dtí an dún, go gcaithfeadh na buachaillí seo a bpáighe a fháil. Ar amharc thart dó, bhí an soitheach ag éalódh amach as béal an chuain arís. D’fhág siad slán ag Fionn agus d’imigh leo amach go fíorghlinnte an aeir. Thug Fionn agus a chuid fear iarraidh ar an bhaile. Thug mise iarraidh ar mo bhaile féin. D’imigh siad sin leofa, agus níor chuala mise lá iomráidh orthu ón lá sin go dtí an lá inniu.

Nóta

‘tá ár máthair ina luí le bás’: ‘tá ár n-athair ina luí le bás’ a ba cheart a bheith ann de réir an chomhthéacs.