Fionnbhráid agus an Prionsa

John Ghráinne Ó Duibheannaigh

Bhí Rí sa tír seo am amháin a rabh níon aige, agus bhí sé canta go rabh an cailín sin ar an chailín a ba ghnaíúla agus a ba dóighiúla ar an domhan. Agus bhí prionsaí ag teacht as gach aon chearn ar an domhan go cúirt an Rí ag dúil go bhfaigheadh siad an cailín óg seo meallta le iad a phósadh—le achan duine ag déanamh go bpósfadh sé féin í. Agus níor éirigh le ceachtar acu ar an drochuair daofa féin agus daoithese. Ach cluinfidh tú.

Lá dá rabh an cailín seo, agus Fionnbhráid a bhí ar an chailín, sin ainm an chailín, lá dá rabh Fionnbhráid amuigh ag seilg lena cú bán agus lena capall, goidé a d’éirigh amach as faoi thom a bhí ag fás ar thaoibh abhna, ach gearria. D’imigh an cú i ndéidh an ghearria agus ar ndóighe d’imigh Fionnbhráid ar dhroim an chapaill ina ndéidh.

Síos gleann agus suas cnoc agus shéid an rása gur choinnigh siad ag gabháil, agus nuair a bheadh an cú ar bharr cnoic bheadh an gearria in íochtar gleanna, agus nuair a bheadh an cú in íochtar gleanna bheadh an gearria ar bharr cnoic. Agus mhair siad ar an téad sin go dtí go rabh sé ag gabháil anonn measartha mall sa tráthnóna agus go dtí gur chuir an gearria folach cnoc orthu. Ansin dar le Fionnbhráid go rabh an t-am aici a haghaidh a thabhairt ar an bhaile, nó nach rabh siad ag gabháil a bhuachtáil ar an ghearria. Thiompóigh sí thart a thabhairt a haghaidh ar an bhaile agus goidé a fuair sí ina seasamh roipi, ach seanchailleach chaite liath. Baineadh stangadh as Fionnbhráid nuair a chonaic sí an bhean a bhí ina seasamh roipi. Thug sí iarraidh bogadh le himeacht chun an bhaile, ach sula bhfuair sí corrú as áit na mbonn, d’úirt an tseanbhean léithe gur mhór an croí daoithe a bheith ar an tsliabh ag seilg i ndéidh luí gréine, ‘ach’, ar sise, ‘cuirimsa de gheasa ort gan aon fhear a choíche a phósadh ach an fear a rachas go dtí an Domhan Thoir agus a bhainfeas an luibh atá ag fás ar uaigh na Rí ansin agus a bhéarfas chugad isteach chun an toigh í. Agus’, arsa an chailleach, ‘tá luibh na draíocht seo ag fás ar uaigh na Rí agus sealán de leachtaí geala bána thart uirthi ins an Domhan Thoir. Agus an fear a rachas agus a bhainfeas an luibh sin, caithfidh sé an turas a dhéanamh eadar éirí gréine agus luí gréine. Anois’, ar sise le Fionnbhráid, ‘b’fhéidir go mbainfeadh sin rud beag den ghus asad.’ Agus ach oiread agus dá slogfadh an t-aer nó an talamh í, ní fhacaidh Fionnbhráid an dara hamharc uirthi. D’imigh Fionnbhráid go briste brúite ag tarraingt ar an bhaile agus í ag smaoitiú ar an mhanadh a bhí ag an tseanchailleach daoithe. D’inis an tseanchailleach daoithe, ‘mise’, ar sise, ‘Bean Chríonna na gCnoc agus bíodh a fhios agad’, arsa sise, ‘nach bhfuil tú ag gabháil a fháil réitithe domhsa comh gasta agus a shíleas tú.’

Tháinig Fionnbhráid chun an bhaile agus an chaint seo ina hintinn ar fad, agus chuaigh na blianta agus na blianta thart, ach níor pósadh Fionnbhráid ariamh go dtí lá amháin tháinig ridire óg as an Spáinn ar cuairt go cúirt an Rí, agus an bomaite a tháinig sé isteach go cúirt an Rí agus a chonaic sé Fionnbhráid—dálta mar a d’éirigh do go leor comh maith leis—thit sé i ngrá le Fionnbhráid. Chuir sé ceist ar Fhionnbhráid an bpósfadh sí é, ach chroith Fionnbhráid a claigeann go truacánta.

‘Is fhearr duid coinneáil amach uaimsa’, ar sise leis an ridire. Arsa sise, ‘tháinig fir go leor anseo le blianta agus d’imigh siad—tá mise faoi gheasa—agus d’imigh siad go dtí an Domhan Thoir a choinne luibh na draíochta atá ag fás ar uaigh na Rí ins an Domhan Thoir a fháil, ach níor phill aon fhear ariamh acu lena scéal féin ná le scéal duine eile. Mar sin dó’, ar sise, ‘tabhair d’aghaidh ar do leas agus do chúl le d’aimhleas agus ná buair do chionn liomsa. Tá go leor caillte’, ar sise, ‘ar mhaithe liomsa agus gan níos mó a chailleadh.’

‘Bhail’, arsa an ridire, ‘is cuma liomsa cé a d’imigh agus cé nach dtáinig. Tá mise ag gabháil go dtí go mbainí mé luibh na draíocht atá ag fás ar uaigh na Rí agus go dtabharfaidh mé duid isteach i gcúl do dhoirn í.’

Níor fhan sé leis an dara focal. D’imigh sé. Bád a bhí leis ar ndóighe agus chuaigh sé go dtí an áit a rabh an bád feistithe thíos faoi chaisleán an Rí. Agus chrom sé ag gabháil a scaoileadh an fheistiú a bhí ar an bhád, agus nuair a thóg sé a chionn arís bhí bean bheag bhaoideach nach rabh airde do ghlún inti ina seasamh roimhe eadar é féin agus an bád, agus éideadh glas uirthi ó mhullach a cinn go barr a coise agus slat léithe ina lámh.

‘Tá tú—cá bhfuil do thriall, a Mhac an Rí?’, arsa sise leis an Phrionsa.

‘Tá mé ag gabháil go dtí an Domhan Thoir’, ar seisean, ‘go mbainí mé luibh na draíocht atá ag fás ar uaigh na Rí, thall ins an Domhan, thoir ins an Domhan Thoir.’

‘Bhail’, ar sise, ‘ní théanfaidh tú maith gan mo chuidiúsa.’

‘Agus cé tusa?’, ar seisean.

‘Mise Banríon na Sióg’, ar sise, ‘agus ní théanfaidh tusa maith gan mo chuidiú.’

‘Ó’, arsa seisean, ‘ní thabharaim isteach daoibh ar chor ar bith, maith ná olc’, ar seisean, agus thug sé coiscéim in aice an bháid ag gabháil isteach sa bhád ach, sula bhfuair sé a fhad leis an bhád, bhuail Banríon na Sióg buille den tslait draíocht a bhí léithe ina lámh ar charraig cloiche a bhí agna dtaoibh agus amach le triúr de fheara beaga baoideacha nach rabh mórán le ocht n-orlaí déag ar airde agus éideadh glas orthu, an dóigh chéanna a rabh ar an Bhanríon í féin. An chéad fhear a tháinig amach, bhí greim aige lena lámh chlí ar a chos chlí agus gan ar an talamh aige ach cos amháin. Agus an dara fear—nuair a tháinig sé amach, d’úirt Banríon na Sióg leis, ‘sin’, ar sise, ‘Coscheangailte—ainm an fhir sin.’ Amach leis an dara fear agus bogha agus saighead faoina ascaill leis.

‘Sin’, ar sise, ‘Aimsiú Fíor—ainm an fhir sin.’

Agus amach leis an tríú fear agus péire bolg leis.

‘Sin’, ar sise, ‘Gáladh Tréan. Anois’, ar sise leis na fir, ‘tá an fear seo ag gabháil go dtí an Domhan Thoir a choinne luibh na draíocht atá ag fás ar uaigh na Rí agus cé bith a théanfas Dia libh ná ligigí do Bhean Chríonna na gCnoc a ghabháil a mhagadh air.’

‘Tá Bean Chríonna na gCnoc láidir’, arsa na fir bheaga as béal a chéile, ‘ach tá muid inne lán comh láidir.’

Agus isteach dhe léim sa bhád le Coscheangailte agus isteach leis an bheirt eile ina dhéidh go gasta. D’imigh an Bhanríon mar a chuirfeá an choinneal as. Ní fhaca siad níos mó í. Agus d’iarr na fir a bhí sa bhád ar an Phrionsa a bheith dhe léim astoigh go gasta—nach rabh am ar bith le cur amogha. Isteach leis an Phrionsa agus an bomaite a chuaigh, tharraing an Gáladh Tréan ar na boilg agus thóg sé gáladh gaoithe móire a shíob trasna na mara iad go dtí go rabh siad ins an Domhan Thoir. Chuaigh siad i dtír agus d’fheistigh siad an bád i gcaslaigh fhoscaíoch ins an Domhan Thoir, agus tháinig siad amach agus d’amharc siad suas, agus bhí gleann mór rite suas roipiu agus cnoic arda ar achan taoibh den ghleann seo agus abhainn mhór leathan ag teacht anuas i lár an ghleanna, agus aibhneacha de uisce ghalánta ag reáchtáil anuas sleasa na gcnoc agus isteach san abhainn i lár an ghleanna. Lá marbhánta te samhraidh a bhí ann agus d’amharc an Prionsa—ar seisean, ‘an gcaithfidh muid a ghabháil suas an gleann sin?’

‘Caithfidh tusa a ghabháil suas’, arsa siad sin. ‘Níl muid inne ag gabháil níos faide leat.’

‘Ó’, arsa an Prionsa, ‘níl a fhios agamsa an bealach.’

‘Bhail, caithfidh tú fios a fháil’, arsa seisean, ‘agus an bealach a dhéanamh amach tú féin, nó níl cead ag an té a rachas go barr an chnoic aon duine a bheith leis ach é féin.’

D’imigh an Prionsa. Bhí sé óg agus aigeantach agus uchtach mhaith aige, agus d’imigh sé ag tarraingt ar bharr an chnoic agus ní obair bheag ná shuarach a bhí ansin. Agus go díreach nuair a bhí sé a dheas do bharr an chnoic, bhuail—tháinig cnap ceo mar a thitfeadh sé anuas ina mhullach go dtí nár léir dó cá rabh sé ag gabháil. Agus bhí spuacacha ar a chosa leis an tsiúl agus an teangaidh ramhar ina bhéal le tart. Shuigh sé síos agus dar leis féin, ‘seo mo dheireadh, nó seo an bealach céanna a dtáinig na fir a d’inis Fionnbhráid domh a tháinig an bealach seo agus níor phill siad ariamh, agus seo mar atá ag gabháil ag éirí domhsa fosta.’

Leis sin féin tógaidh sé a chionn agus goidé a tí sé ach an ceo glan ar shiúl, agus d’amharc sé trasna ar bharr an chnoic agus chonaic sé uaigh na Rí agus na leachtaí geala bána thart air agus astoigh i lár na leachtaí an—luibh na draíochta ag fás. Thug sé léim agus rása agus d’éirigh a chroí, agus níor stad sé go dtí go rabh sé ina sheasamh ar uaigh na Rí agus an luibh bainte aige agus an dúlúcháir air. Ach i ndéidh an luibh a bheith bainte aige, mhothaigh sé é féin ag éirí cineál lag, agus d’amharc sé agus goidé a tí sé ag tarraingt air ach Bean Chríonna na gCnoc.

‘A Mhic an Rí’, ar sise—bhí soitheach uisce léithe ina lámh—‘tá tú tuirseach’, ar sise, ‘i ndéidh an tsiúil, agus tá mé cinnte go bhfuil tart ort. Sheo dhuid agus ól deoch.’

Shín sí soitheach an uisce dó. Ba é sin an soitheach céanna a rabh lúcháir air sin roimhe. Bheir sé ar an tsoitheach agus d’ól sé deoch den uisce, agus an bomaite a bhí deoch an uisce ólta aige mhothaigh sé é féin ag éirí lag. Agus d’amharc sé thart agus chonaic sé na leachtaí thart ach a dtaobh dó agus prionsa óg ina luí ina chodladh ag bun achan leachta. Agus thit sé féin ina chnap ag cosa Bhean Chríonna na gCnoc.

‘Tá tú i do luí anois’, arsa Bean Chríonna na gCnoc, ‘agus is fada go n-éirí tú.’

Chuir sí a lámh ina hochras agus thug sí amach biorán suain, agus sháigh sí an biorán suain fríd an ghruag a bhí ar chúl a chinn agus síos ins an talamh, agus d’imigh sí, agus d’fhág sí ansin ina luí ansin é agus d’imigh sí. Ní rabh i bhfad ina dhéidh sin go dtí gur nocht na fir ar mhullach an chnoic—na triúr d’fheara beaga a bhí leis go dtí an bád, nó trasna na mara—tháinig siad a fhad leis agus rinn siad a sáith gáirí nuair a chonaic siad an dóigh a rabh sé ina luí ina chodladh ar uaigh na Rí. Tharraing—scaoil Aimsiú Fíor urchar agus chuir sé an biorán suain ina ghiotaí san aer, agus d’éirigh Mac an Rí comh maith agus a bhí aon lá ariamh, agus d’imigh—d’iarr an tAimsiú Fíor air a bheith ar shiúl go gasta agus a ghabháil ar dhroim Choscheangailte agus iarraidh a thabhairt ar an bhád. D’imigh siad.

‘Tá agamsa le fanacht anseo’, arsa Aimsiú Fíor, ‘lena gcionn a ligean leis na prionsaí óga seo uilig atá ina luí anseo le blianta ina gcodladh.’

Agus d’imigh an Prionsa agus chuaigh sé ar dhroim Choscheangailte, agus níor ghaiste an ghaoth Mhárta ag teacht anuas taoibh an tsléibhe ná Coscheangailte agus an Prionsa leis ar a dhroim. Tháinig siad go dtí an bád agus ní rabh i bhfad ina dhéidh go dtí go rabh Aimsiú Fíor sna sála acu. Chuaigh siad ar bord agus bhí Gáladh Tréan ina shuí ansin ag fanacht leo, agus an bomaite a chuaigh siad ar bord, thóg sé gáladh gaoithe móire trasna na mara ag síobadh ar ais iad agus tháinig siad i dtír abhus ag caisleán an Rí.

Anois, tháinig sé aníos agus isteach chun an chaisleáin, agus bhí Fionnbhráid ina suí an t-am sin agus a bos lena leiceann ag smaoitiú goidé a bhí a ghabháil éirí don Phrionsa a d’imigh go dtí an Domhan Thoir, agus ag smaoitiú gur dóiche go n-éireochadh dó mar a d’éirigh do na prionsaí uilig eile. Leis sin féin, d’fhoscail an doras. Shiúil sé isteach. Shiúil sé aníos an t-urlár agus thug sé luibh na draíocht daoithe isteach i gcúl a doirn. Ba é sin nuair a bhí an chuideachta ann. D’éirigh sí sin. Chuir sí a lámha thairena mhuineál agus phóg siad a chéile go gradamach, agus amach leofa, agus ní rabh i bhfad ina dhéidh sin go dtí go dtáinig na prionsaí eile i dtír agus gur ligeadh a gcinn leo, ach chuaigh Fionnbhráid agus Prionsa na Spáinne an lá arna mhárach go dtí gur pósadh iad, agus sin a fhad is a lean mise iad.