Níon an Rí agus an Frog

Bríd Anna Ní Bhaoill

Bhí níon iontach dhóighiúil ag Rí a bhí ina chónaí san áit seo fada ó shin. Bhí páirc mhór taobh thíos den teach agus bhí poll mór astoigh sa pháirc seo. Lá amháin bhí an cailín amuigh ag imeart liathróid, agus goidé a tharlaigh ach thit an liathróid isteach sa pholl. Faoi chionn tamailt chuir frog mhór a chlaigeann aníos os cionn an uisce, agus shuigh an cailín síos ar an fhéar agus thoisigh sí a chaoineadh.

Ansin chuir an frog ceist orthai, ‘cad tuigh a bhfuil tú ag caoineadh?’

D’inis an cailín dó go rabh sí ag imirt liathróid, gur thit an liathróid isteach sa pholl agus go muirfeadh a hathair í nuair a rachadh sí chun an bhaile.

‘Bhail’, arsa an frog, ‘má gheallann tú domhsa ligean ithe in do chuideachta agus codladh in do chuideachta bhéarfaidh mise aníos an liathróid.’

D’úirt an cailín go ngeallfadh, ach ar ndóigh cha rabh sí fá choinne a gealltanas a chomhlíonadh. Chuaigh an frog síos sa tobar ansin agus thug sé aníos an liathróid agus chaith sé amach ar an talamh é. D’imigh an cailín ar a seanrás chun an bhaile.

Agus scairt an frog léithe, ‘a níon an Rí, fan liom. Níl mise ábalta rith comh gasta sin.’

Ach níor fhan an cailín leis—d’imigh sí léithe chun an bhaile. An lá arna mhárach nuair a bhí sí ina shuí ag a dinnéar buaileadh an doras agus chuala sí glór ag rá, ‘a níon an Rí, foscail an doras.’

Chuaigh sí síos go dtí an doras agus d’fhoscail sí an doras, agus nuair a chonaic sí gur frog mór a bhí ann dhruid sí an doras amach ina mhullach, agus tháinig sí aníos go dtí an tábla. Chuir a hathair ceist orthai cé a bhí ag an doras agus thoisigh sí a dh’inse an scéal don athair.

‘Ó’, arsa an t-athair léithe, ‘caithfidh tú do ghealltanas a chomhlíonadh.’

B’éigean daoithe a ghabháil síos ansin, an doras a fhoscladh agus an frog a ligean isteach. Nuair a tháinig an frog aníos shuigh sé isteach ag an tábla agus thoisigh sé a ithe as pláta an chailín, agus ar ndóigh cha rabh sise ábalta a dhath a ithe ní ba mhó. Ansin d’úirt an cailín leis, nó d’úirt an frog leis an chailín go rabh sé tuirseach agus gur mhaith leis a ghabháil a luí, agus b’éigean daoithe a ghabháil a luí leis. Ar maidin an lá arna mhárach nuair a mhuscail sí chuala sí an frog ag gabháil síos an staighre agus bhí lúcháir an domhain orthai, nó shíl sí go rabh sí réidh leis. Ach nuair a bhí sí ina shuí ag an dinnéar arís buaileadh an doras agus chuala sí an ghlór chéanna, ‘a níon an Rí, foscail an doras agus lig isteach mé.’ B’éigean daoithe a ghabháil síos agus an frog a ligean isteach, agus rinn sé an rud céanna a rinn sé an chéad lá. Ar maidin an lá arna mhárach nuair a mhuscail sí fuair sí an frog mór ag amharc orthai agus, ar seisean, ‘is mé a thug an drochíde duid, ach as seo amach beidh mé go maith duid.’

Leis sin thoisigh an tairneach agus an soilse agus fágadh an áit dubh dorcha, agus ní fheicfeá an duine a bhí do sheasamh os do chomhair. Agus nuair a ghlan an dorchadas ar shiúl agus stad an tairneach agus an soilse, fuair níon an Rí buachaill óg dóighiúil donn ina seasamh os a comhair. Chuaigh an bheirt acu amach le chéile ansin agus pósadh iad, agus bhí bainis acu a mhair seacht lá agus seacht n-oíche, agus b’fhearr an lá deireanach ná an chéad lá. Gasúr a bhí ins an frog a bhí faoi dhraíocht. Sin é.