Fidiléir Ghleann Fhinne

Bríd Anna Ní Bhaoill

 Pádraig Ó Baoighill a chum

Seo dán a scríobh Pádraig Ó Baoighill fá fhidiléir Ghleann Fhinne, Johnny agus Simí Ó Dochartaigh, ach go speisialta Johnny, mar go rabh sé ar dhuine de na fidiléirí ab iomráití agus a ba chliúití a bhí anseo i nGaeltacht Thír Chonaill.

Ba dhuine den ghlún thú a shíolraigh ó uaisle,
Is ba thíorthúil do theaghlach ar bhóithrí an tsaoil seo.
Thug tú an chraoibh leat i gceol, ceird agus uaisleacht
Agus thug tú d’oidhreacht do shinsear go caoin do na sluaite.

Thar chnoic agus gleanntáin ar shiúil tú san oíche,
Is bhí fáilte an fhile sin romhad ag do dhaoiní.
Nuair a leag tú do mhéara go ciúin ar na téada
Chuir binneas an cheoil sin aoibhinn ar chéadta.

Ón Bhrocaigh chun na gCruach agus ó sin chun na nGleanntach,
An tSealgán, An Dúchoraidh is Cró Bheithe do dhúchas.
Gleann Fhinne, mo ghrá thú, is Gleann tSúilí i ngar dó,
Sraith an Urláir is an Bhearnas nach minic a shiúil tú.

I dTeileann a chaith tú seal aoibhinn in d’óige,
Is bhí bádaí an chuain ag iompar lucht ceoil ann.
Portaíocht ceoil, seanchas agus amhráin,
An Charraig, Cill Chártha, Gleann agus Málainn.

Ar bhruach Loch Finne tá tú anois le do ghaolta
Sa Ghaeltacht Láir sin a rabh meas ar an dúchas;
Scríbhneoirí, filí is na fidiléirí móra,
Beidh cuimhne go deo ar d’oidhreacht atá luachmhar.

Nót

  1. Tá bunleagan an dáin seo i gcló in Pádraig Ó Baoighill, Gaeltacht Thír Chonaill: ó Ghleann go Fánaid (Baile Átha Cliath 2000) 101.

  2. ‘d’oidhreacht do shinsear’ (an chéad véarsa, líne a ceathair) = ‘oidhreacht do shinsear’, bunleagan Uí Bhaoighill.
  3. ‘fáilte an fhile sin’ (an darna véarsa, líne a dó): ‘fáilte an fhile ansin’, bunleagan Uí Bhaoighill.
  4. ‘aoibhinn ar chéadta’ (an darna véarsa, líne a ceathair) = ‘aoibhneas ar chéadta’, bunleagan Uí Bhaoighill.
  5. 'Cró Bheithe do dhúchas’ (an tríú véarsa, líne a dó): ‘Cró Bheithe do dhúchais’, bunleagan Uí Bhaoighill.