Réamhrá 

Le corradh agus dhá chéad bliain bhí traidisiún bríomhar seanchais, filíochta agus ceoil i réim i Rann na Feirste, agus seoladh an traidisiún sin ar aghaidh ó ghlún go glún. Is go luath sa tsaol a thoisigh páistí Rann na Feirste a fhoghlaim seanchais. Ina leabhar Ceoltaí agus seanchas (lch 21) tugann Seán Bán Mac Grianna tuairisc ar an dóigh ar thóg sé scéaltaí agus dántaí ó Ghráinne Phroinnsís, duine de sheanchaithe móra a linne: ‘Bhí aithne agam féin ar sheanbhean ar an bhaile seo. Sheanbhean [sic] annamh a bhí inti. Bhí sí lán ceoil. Bhí sí lán amhrán agus bhí sí lán scéalaíochta. Gráinne Phroinnsís a thugadh siad uirthi … Is iomaí uair, agus mise i mo pháiste, a d’aithris sí dánta beaga deasa agus scéalta agus amhráin dom’. Tá níon Ghráinne Phroinnsís—Sorcha Chonaill—le cluinstin ag aithris an scéil ‘An tIolar agus an tAingeal’ ar cionn de na dlúthdhioscaí atá ag gabháil leis an bhailiúchán seanchais atá i gcló anseo. Bhain Seán Bán le teaghlach a bhí ar maos i seanchas, i bfhilíocht agus i gceol. Inseann Séamus, deartháir Sheáin Bháin, dúinn ina leabhar Nuair a bhí mé óg (40–41) go rabh tréan scéaltaí agus filíochta ar eolas aige nuair a bhí sé ina ghasúr. Bhí an méid seo a leanas uilig aige, agus tilleadh lena chois, is dóiche, faoin am a dteachaigh sé faoi lámh an easpaig: ‘Laoi an Deirg agus Laoi an Arrachta, Gadaíocht Inis Duáin agus scéal Chúchulainn, agus Cathal Buí agus Mal Dubh an Ghleanna … an Lúrapóg … Murchadh Beag is Murchadh Mór, agus Mánus Ghibide, agus Seán na Binne Buí.’ D’fhoghlaim Séamus cuid mhór seanchais óna athair Feilimí Dhónaill Phroinnsís: ‘M’athair an duine ba mheasa liom a chonaic mé riamh. Chonacthas domh nach raibh aon fhear ar dhroim an domhain inchurtha leis … Is minic a shuigh mé ag éisteacht leis ag inse scéil, agus bhéarfainn a bhfaca mé riamh ar a bheith ábalta deis a chur ar mo sheanchas agus craiceann a chur ar mo chuid cainte mar níodh sé … Bhí m’athair iontach maith ag scéalaíocht’ (Nuair a bhí mé óg 18–19). Duine eile de theaghlach Fheilimí Dhónaill Phroinnsís agus Mháire Shéamaisín a thabhaigh cliú daoithe féin mar scéalaí Annie Bhán, agus tá sí le cluinstin ag aithris dhá scéal sa leabhar seo agam féin.

Is beag teach i Rann na Feirste nach rabh seanchas ann cupla glún ó shin agus tá a dhearbhú sin sa leabhar Rann na Feirste: seanchas ár sinsear le Conall Ó Grianna a bhfuil ochtó is a seacht scéal i gcló inti a bhailigh páistí scoil náisiúnta Rann na Feirste ó thart fá chaoga duine sna blianta 1937–38. Bhí Fannie Dónaí agus Donnchadh Chassie, atá le cluinstin ag aithris scéaltaí agus dántaí ar na dlúthdhioscaí, ar na páistí a bhailigh na scéaltaí seo.

Teach mór airneáil a bhí i dteach Sheáin Néill agus is ann a tógadh Micí Sheáin Néill, duine de sheanchaithe cliúiteacha Rann na Feirste, agus Bríd Anna, atá ag leanstan de thraidisiún na scéalaíochta agus na ranntaíochta sa lá atá inniu ann. Tá Bríd Anna ag obair go dícheallach le haos óg Rann na Feirste le suim sa scéalaíocht agus san fhilíocht a mhuscailt agus a chothú iontu. Tá a shliocht orthai: sa bhliain 1998 bhain Damien Ó Dónaill an chéad áit i gComórtas an Bhéil Bhinn as an dán ‘Deoraí an Oileáin’, a chum Bríd Anna, a aithris. Aithriseann Damien an dán céanna sa leabhar seo. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Micí Sheáin Néill faoi oícheannaí airneáil i Rann na Feirste: ‘Nuair a thiocfadh an oíche i gcónaí, rachadh muid ag airneáil. Bhí tithe speisialta acu fá choinne airneáil agus go háirithe áit a raibh seandaoine, agus ba é an gnás a bhí ann san am sin, d’inseodh duine scéal agus d’inseodh duine eile traidhfil filíochta a rinneadh ar an bhaile roimhe sin agus chuir an t-aos óg san am sin suim mhór ann agus fuair siad greim air agus ina dhiaidh sin bhí sé acu féin’ (Cathal Póirtéir, Micí Sheáin Néill: scéalaí agus scéalta, lch 44). Ach tháinig athrach ar an tsaol agus d’imigh an t-airneál, rud a d’fhág an traidisiún in áit a charta. Nár mhór an tubaiste é dá ligfí chun dearmaid an t-ábhar seo a rabh na daoiní ar maos ann leis na céadtaí bliain? Is é an chuspóir atá leis an leabhar seo, cuid bheag de shaibhreas sheanchas Rann na Feirste a chur ar fáil do dhaoiní sa dóigh is go dtig leo ní amháin an seanchas seo a léamh ach a bheith ag éisteacht leis fosta, agus sult a bhaint as dá réir.

Is ó Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga, a fuair mé na taifeadtaí de Sheán Bán, de Mhicí Sheáin Néill, de Owenie Mór, de Annie Bhán agus de Shorcha Chonaill atá sa leabhar seo, agus tá mé buíoch de Raidió na Gaeltachta as na taifeadtaí seo a chur ar fáil domh agus as cead a thabhairt domh iad a fhoilsiú. I gcás an ábhair atá anseo ó Neidí Frainc, is ó Raidió na Gaeltachta a fuair mé taifeadadh an scéil ‘Ag Mallachtaigh ar Éabha agus ar Ádhmha’, agus is ó Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, a fuair mé an chuid eile. Tá mé buíoch de Raidió na Gaeltachta agus de Bhord Scoil an Léinn Cheiltigh as cead a thabhairt domh an t-ábhar seo a chur i gcló. Maidir leis na scéaltaí eile agus na dántaí eile atá sa leabhar, mé féin a rinn an taifeadadh orthu. Gabhaim buíochas ó chroí leis na daoiní seo a leanas a bhí toilteanach a gcuid scéaltaí, a gcuid dántaí agus a gcuid seanchais a aithris domh agus a chur ar téip: Damien Ó Dónaill, Fionnuala Nic Giolla Chearra, Owenie Beag Mac Suibhne, Bríd Anna Ní Bhaoill, Donnchadh Chassie Ó Baoill, John Ghráinne Ó Duibheannaigh, Fannie Dónaí Bean Mhic Ruairí agus Jimí Mhicí Jimí Mac Grianna. Ainneoin gur strainséir a bhí ionam nuair a chuaigh mé i gcionn na hoibre seo, chuir na daoiní seo uilig fearadh na fáilte romham agus chuidigh liom deacrachtaí a bhí san ábhar a réiteach nuair a bhí mé á scríobh amach. Ach is é John Ghráinne is mó a chuir mé faoi bhrú: is beag ceist a bhí agam faoin ábhar atá sa leabhar seo nach rabh sé ábalta a fhuasclú, agus is iomaí uair an chloig a chaith sé ag éisteacht go cúramach le mo chuid ceisteannaí agus á bhfreagairt go foighdeach. Beidh mé ina bhun dó a choíche.

Gabhaim buíochas fosta le Bord Scoil an Léinn Cheiltigh as cead a thabhairt domh an leabhar seo a chur i gcló. Tá mé buíoch d’Aodh Mag Eoin, de Chaitlín Mhic Chonluain agus de Mháiri Nic Gill-Fhinnein ar son an leabhar a léamh agus ar son meancógaí a aimsiú agus leasuithe a mholadh; mé féin is ciontaí le cibé dearmaid atá déanta agam sa téacs. Tá focal buíochais tuillte fosta ag mo mhac Máirtín a rinn digitiú ar na taifeadtaí agus a chuidigh le hullmhú na ndlúthdhioscaí. Rann na daoiní seo a leanas a gcuid saineolais ar leagan amach agus ar dhearadh leabhar orm agus tá mé buíoch daofa ar a shon sin: Gavin McCullagh, Stephen McCullagh agus Michelle O Riordan.

In alt leis an Ollamh Brian Ó Cuív (‘The changing form of the Irish language’, in A view of the Irish language (Dublin 1969) 22–34, ag 33–4), rinn sé trácht ar chaighdeáin réigiúnacha a bheadh bunaithe ar na trí canúintí móra: ‘The regional standard, if used in schools in the province on whose speech it was based, would help to sustain and enrich the local dialects and it would provide a sound basis for children from non-Gaeltacht areas who might wish later to study Irish in the Gaeltacht of the region.’ Tá sé le ciall go mbeadh caighdeán scríofa faoi réim sa tír ar fad, agus tá a leithéid ann ar ndóighe, ach níl amhras nó chuideochadh caighdeáin réigiúnacha le tuigbheáil níos fearr a bheith againn ar na canúintí agus le meas dá réir a bheith againn orthu. Sa leabhar seo agam féin, rinn mé iarracht gramadach na gcainteoirí a léiriú sa litriú; tá cuntas ar an dóigh a dtug mé faoi seo a dhéanamh sa chaibidil dheireanach den leabhar. Dá bharr seo, beidh cuid mhór foirmeacha sa leabhar a chuirfeas iontas ar an léitheoir nach bhfuil eolas aige ar an chanúint agus nach bhfuil aige ach ‘An Caighdeán’—d’úirt ségur úirt séníor úirt mésaothróchaidh misetímtá cuilceach agadcroí na gcailín, mar shampla, agus go leor leor eile. ‘… foirmeacha réamhchaighdeáin ar fáisceadh an muineál go reachtúil acu sna caogaidí i dTeach Laighean’ a thug Niall Ó Dónaill (‘Ag iarraidh dúchas a chaighdeánú’, Comhar 40 (1981) vii, 21–2) ar mhacasamhail na bhfoirmeacha seo atá luaite agam. Ach má fáisceadh an muineál féin acu, ní bhfuair siad bás go fóill.