Ag Mallachtaigh ar Éabha agus ar Ádhmha

Neidí Frainc Mac Grianna

Maidin deas chiúin earraigh d’éirigh an buachaill óg seo amach as cruach fhéir ina suidhe ar mhalaidh shléibhe. Chumail sé a lámha dena shúile ag iarraidh an tochas agus an codladh a bhaint astu, agus d’amharc sé thart ins na ceithre hairde fichead. Ní rabh beo ná ceo le feiceáil aige, ach caoraigh agus gabhair ag ingheilt thart fá dtaobha dó. Bheiridh sé thart a shúil síos an gleann a bhí ina luí roimhe agus tí sé sruthán beag deas ag reáchtáil i lár an ghleanna. Lig sé é féin go toradh a sheanrása síos go bruach na habhna bige. Chrom sé síos agus chaith sé cupla tonn uisce aníos ar a aghaidh. Thriomaigh sé é féin le ruball a léine agus bhí an codladh anois ar shiúl as na súile.

Agus d’amharc sé thart aríst agus tí sé toit amuigh thuas ag teacht amach fríd na crainn i mbarr an ghleanna. Dar leis féin, tá duine éigin ina chónaí ansin agus b’fhéidir go bhfaighinn béile beag bidh ar maidin. Shiúil leis suas a chois na habhna, drandán beag ceoil leis, nó go dtí go dtáinig sé go dtí an áit a rabh an toit. Fuair sé amach anois gur caisleán beag deas a bhí astoigh anseo, bábhún ard thart air, agus geafta ar an bhábhún. Shiúil sé anonn. D’fhoscail sé an geafta agus shiúil sé go dtí an doras tosaigh. Bhuail sé cnagán beag ar an doras. D’fhoscail an doras agus tháinig cailín óg chun an dorais chuige nach bhfaca sé ariamh ar amharc a shúl. Bheannaigh siad dona chéile. Chuir sí ceist air goidé a rabh sé ar a lorg.

‘Tá, maise’, ar seisean, ‘greim bidh, más é do thoil é, agus déirce.’

‘Ó, bhail’, ar sise, ‘ní thig liomsa rud ar bith a dhéanamh duid gan ordú ó mo mháistir’, ag tiontódh ar a sáil agus ag gabháil isteach arís. Chuaigh go dtí seomra an mháisteara agus d’inis dó fán fhear a bhí ag an doras.

‘Beidh mise ansin anois’, arsa an máistir, agus anuas an staighre leis ina déidh, agus chonaic sé an buachaill óg seo ag an doras. Bheannaigh siad dona chéile.

‘Caidé a bhfuil tú ar a lorg?’, arsa an duine uasal.

‘Déirce, más é do thoil é, agus greim le hithe.’

‘Ó’, arsa an duine uasal leis, ‘nach náireach do fhear óg cosúil leatsa a bheith ag gabháil ó dhoras go doras ag cruinniú na déirce? Cad tuigh nach n-oibreann tú?’

‘Níl obair ar bith le fáil agam’, arsa an buachaill.

‘Agus an mbeifeá sásta oibriú dá bhfaightheá obair?’

‘Is mé féin a bheadh’, ar seisean.

‘Ó, más sin mar atá’, arsa an duine uasal, ‘tá tú fada go leor ar an bhealach. Tar isteach.’ Tháinig sé isteach. Chuaigh an duine uasal go dtí an chistineach an áit a rabh an cailín ag déanamh réidh an bhricfeasta agus d’ordaigh sé daoithe greim bidh a dhéanamh réidh don bhuachaill seo, go rabh sé ag teacht a dh’obair acu. Agus rinn sí sin. Nuair a bhí an bricfeasta itithe ag an bhuachaill tháinig an duine uasal isteach arís.

‘Lean domhsa’, arsa an duine uasal, agus lean.

Chuaigh siad amach ar an doras cúil, agus thall ag bun an bhalla bhí smachtín de ord throm.

‘Cuir an t-ord sin ar do ghualainn’, arsa an duine uasal, ‘agus lean mise.’

Chuir sé an t-ord ar a ghualainn agus lean sé an duine uasal síos an gleann go dtí áit a rabh beanna arda agus coillidh lena thaoibh, agus maidin dheas chiúin ann.

‘Anois’, arsa an duine uasal leis, ‘brisfidh tú na clocha sin a tí tú caite thart ansin. B’fhéidir go mbeadh úsáid agamsa leofa lá éigin gan mhoill, agus gheobhaidh tú scéala nuair a bheas an bia réidh sa teach.’

Chaith sé dó a chóta agus d’imigh an duine uasal leis. Thúisigh sé a bhriseadh na gcloch. Mar a d’úirt mé libh, bhí maidin dheas chiúin ann, agus tá sé canta go mbíonn dhá dtrian gréine fá bheannaibh, dhá dtrian gaoithe fá chrannaibh agus dhá dtrian galair le hoíche. Anois, leis an rud a dhéanamh ní ba mheasa, tháinig scaoth mhíoltóg amach as an choillidh, agus bhí an duine bocht mar a chonaic Dia é—bhí sé in ifreann ar an tsaol seo. Agus fá dheireadh ní rabh snáith éadaigh air nár chaith sé dó ach a bhríste. Agus ar ndóighe ba é seo mar a b’fhearr—bhí gléas ar na míoltógaí a theacht agus luí air. Beaga agus mar a bhí siad, tá mé ag inse duid go rabh siad ábalta do sháith pianpháise a thabhairt duid. Fá dheireadh lig sé síos an t-ord agus d’amhanc sé in airde sa spéir, agus chuir sé a sheacht mallacht agus mallacht Dé ar Éabha agus ar Ádhmha, ach go bé gur bhris siad ordú Dé sa gharraí an chéad lá, nach mbeadh fiachaibh air sin a bheith ag obair mar seo—go dtiocfadh a chuid ó neamh chuige. Ach ní rabh a fhios aige go rabh an fear uasal é féin i gcúl na binne.

Tháinig an fear uasal thart.

‘Goidé mar atá tú ag gabháil ar aghaidh?’ ar seisean, agus é ag iarraidh a bheith ag triomú an allais dó féin.

‘Ó, tá, maith go leor’, ar seisean.

‘Cé a bhí ag caint leat?’

‘Ó, ní rabh duine ar bith ag caint liom.’

‘Ó, anois,’ arsa an duine uasal, ‘ná hinis sin domhsa. Nach rabh mé ag éisteacht leat ag caint agus mé ag teacht anuas an bealach?’

‘Ó, amaidí, maise.’

‘Goidé an amaidí a rabh tú ag caint air?’

‘Maise, tá, bhí mé ag mallachtaigh ar Éabha agus ar Ádhmha. Ach go bé gur bhris siad ordú Dé an chéad lá sa gharraí, nach mbeadh fiachaibh ormsa a bheith ag obair mar seo inniu.’

‘Is dóiche nach mbrisfeá thusa ordú Dé’, arsa an duine uasal.

‘Ó, ní bhrisfinn’, arsa an buachaill.

‘Bhail, más mar sin atá, tá tú fada go leor ag obair. Tabhair leat an t-ord sin agus lean mise.’

Thóg sé leis a chóta agus an t-ord agus chaith sé an t-ord ins an áit a bhfuair sé é. Agus thug an duine uasal isteach é. Agus thug sé isteach é go dtí seomra a bhí ar thaobh na pasáiste ag gabháil isteach dó. Anois, bhí rogha gach dath éadaigh le fáil ansin agad. D’iarr sé air é féin a chóiriú ón bhróg go dtí an hata agus nuair a bheadh sin déantaithe aige a theacht amach chuig eisean. Agus rinn an buachaill sin. Tháinig sé amach agus chuaigh sé chuig an fhear. Thug sé isteach go dtí seomra eile a rabh maoiseogaí óir agus airgid ar an tábla: ‘líon do phócaí anois. Tabhair leat do sháith. Ná spáráil dadaidh. Gabh amach agus bíodh pléisiúr agad i measc do chuid comrádaíonnaí. Gheobhaidh tú cuid acu ar an tsráidbhaile seo thíos, ach bí ar aist agamsa ar a deich a chlog anocht.’

Chuaigh sé amach, líon sé a phócaí, agus d’imigh sé síos an bóthar chuig a chuid comrádaíonnaí. Ó, níorbh iontas leofa sin ná an tuile ag gabháil in éadan an chnoic é a fheiceáil ag tarraingt orthu ins an éideadh a rabh sé ann, agus chan an t-éideadh go hiomlán, ach dar leat go rabh saibhreas an domhain le scabadh aige. D’ith siad agus d’ól siad ar feadh an lae agus chuimhnigh sé ar a theacht roimh an deich a chlog san oíche. Agus nuair a tháinig sé thaiseáin an duine uasal a leabaidh dó astoigh i seomra iontach álainn, agus tábla beag deas i lár an tseomra.

‘Sin an leabaidh anois’, arsa an duine uasal. ‘Gabh a luighe agus gabh a chodladh.’

Ach nuair a bhí sé i ndéidh a ghabháil isteach sa leabaidh tháinig an duine uasal ar aist agus é ag iompar capán beag deas adhmaid ina láimh chlí agus rud beag éigin leis ina lámh deas. Chuir sé béal an chapáin faoi ar an tábla agus chuir sé an rud beag seo isteach faoin chapán.

‘Anois’, ar seisean leis, ‘ná bog an capán.’

‘Ó, ní bhogfaidh.’

‘Oíche mhaith.’

Is d’imigh an duine uasal leis.

Chodlaigh sé go maidin. Ar maidin an lá arna mhárach d’éirigh sé, chuir air a chuid éadaigh agus d’amhanc sé ar an chapán, ach ní bhainfeadh sé dó. Ní bhainfeadh—d’ordaigh an duine uasal dó gan baint dó. Rinn sé a bhricfeasta agus rinn sé an cleas céanna an lá sin. Agus leis an scéal fhada a dhéanamh goirid agus an cionn goirid a dhéanamh maith, rinn sé an cleas céanna an oíche sin. Tháinig sé agus chuaigh sé a luighe. Tháinig an duine uasal agus an capán beag leis aríst. Chuir sé i lár an tábla é agus a bhéal faoi, agus chuir sé rud éigin isteach ann.

‘Anois’, ar seisean, ‘ná bain de sin.’

‘Ní bhainfidh.’

D’éirigh sé ar maidin an darna lae agus bhí iontas air goidé a bhí faoin chapán, ach ina dhéidh sin chuimhnigh sé gur ordaigh an duine uasal dó gan bhaint dó. D’imigh sé an lá sin agus tháinig sé an oíche sin arís. Agus anois ar maidin an tríú lae nuair a d’éirigh sé, dar leis féin, ‘tá rud éigin astoigh faoin chapán seo, agus dá mbeadh a fhios agam goidé atá ann is dóiche go mbeinn comh heolach leis an duine uasal é féin.’

Scrúdaigh sé thart an seomra. An rabh gléas ar bith ag duine ar bith ar an taobh amuigh é a fheiceáil? Ní rabh. Ní rabh poll eochrach féin sa doras. Ní thiocfadh le duine ar bith é a fheiceáil. Ní bheadh a fhios ag aon duine gur bhog sé dadaidh. Ag gabháil anonn go deas suaimhneach fáilí, mar a bheifeá ag gabháil a ghabhadh éin ar nid, agus tógaidh sé taobh an chapáin agus reath an luchóg bheag amach, siar faoin leabaidh agus as go brách.

Thit a dhá lámh fána chrios. Dar leis féin, ‘beidh an duine uasal ina dhéidh orm seo a dhéanamh.’ Chuaigh sé amach agus a chionn anuas go maith, agus shuigh sé ag an tábla, agus ní rabh i bhfad go dtáinig an duine uasal isteach: ‘goidé mar a chodlaigh tú aréir?’

‘Ó, chodlaigh mé go maith’, ar seisean.

‘Ar bhog tú an capán?’

‘Bhog’, ar seisean.

‘Tím. Bhail, anois’, arsa an duine uasal leis, ‘bhí tú ag mallachtaigh ar Éabha agus ar Ádhmha gur bhris siad ordú Dé sa gharraí, ach dá mbeifeá thusa ann ní dhéanfá leath comh maith é. Ní rabh tú ábalta m’ordúsa a choinneáil trí hoíche i ndéidh a chéile. Bí ar shiúl anois. Buail an bóthar agus ná habair—ná déan mallacht ar Éabha ná ar Ádhmha go dtéidh do chorp i dtalamh, nó tuigeann tú nach bhfuil tú féin leath comh maith.’

Sin deireadh an scéil.

Nóta

‘go toradh a sheanrása’ = ‘de thoradh a sheanrása’.