An tAlt
Chun agus an t-alt uatha firinscneach:
- Go díreach mar a mbeifí ag súil leis, ní húsáidtear an t-alt uatha firinscneach i ndéidh chun i bhfrásaí mar lig sé an áit a bhí aige chun báine; do chur chun báis; nach dtiteann chun bróid; a ghabháil chun Comaoineach; chuaigh chun comhráidh leis; cé a chomórfas chun cogaidh sinn; ag cur cú na gcleas chun spairne; chealg sí an saol chun suain; nuair a thiocfadh siad chun tosaigh.
- Tá guta an ailt fhirinscnigh le cloisteáil de ghnáth nuair is consan séimhithe céad chonsan an ainmfhocail a leanann an t-alt, mar shampla chun an bhaile; chun an gharraí; chun an chaisleáin; chun an chladaigh. Is eisceacht ón riail seo an frása ‘chun ’ Charann Bhuí’ nach bhfuil guta ná consan an ailt le cloisteáil ann, ach mar sin féin bainim úsáid as an alt sa litriú (chun an Charann Bhuí ).
- De ghnáth, níl cuid ar bith—guta ná consan—den alt uatha firinscneach le cloisteáil nuair is guta nó t, d, s, sc, is tús don ainmfhocal (ar ainmfhocal cinnte é de réir an chomhthéacs) a leanann an t-alt, mar shampla ‘gabh isteach chun ’ oileáin’. I gcás mar seo, úsáidim an t-alt sa litriú (chun an oileáin) ainneoin nach bhfuil sé le cloisteáil sa chaint. Samplaí de seo eile is ea ‘chun ’ aonaigh’ (> chun an aonaigh); ‘chun ’ toigh(e)’ (> chun an toigh(e)); ‘chun ’ dorais’ (> chun an dorais); ‘chun ’ tseomra’ (> chun antseomra); ‘chun ’ tsaoil’ (> chun an tsaoil); ‘chun ’ sciobóil’ (> chun an sciobóil). Ach sa fhrása chun an tobair tá eadar chonsan agus ghuta an ailt le cloisteáil go soiléir. I gcás an focail talamh, tá rogha ann maidir le húsáid an ailt uatha de réir FGB: féach tuirlingt chun (an) talaimh (FGB s.v. talamh); sa fhrása ag titeam chun talamh níl cuid ar bith den alt le cloisteáil sa leabhar seo agus ní bhainim úsáid as an alt sa litriú sa chás áirithe seo.
Níl rian ar bith den alt le cloisteáil sa fhrása ‘go dtí ’ choillidh’, ach is mar go dtí an choillidh atá an frása seo scríofa agam.