Mac Rí na Gréige

Micí Sheáin Néill Ó Baoill

Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí Rí agus Banríon ina gcónaí sa Ghréig uair amháin, agus bhí mac agus níon mar theaghlach acu. Fionnán Óir ab ainm don níon agus Sáil Fhada ab ainm don mhac, agus bhí siad ag ráit go rabh Fionnán Óir ar an chailín comh dóighiúil agus a dtiocfadh leat do shúil a leagan orthai. Bhí grá mór ag an Rí agus ar an Bhanríon orthai, agus nuair a tháinig sí i méadaíocht thóg an Rí caisleán daoithe ar oileán mara ins an taoibh ó thuaidh den Ghréig fá choinne í a bheith ina bhun. Bhí sí ina cónaí ansin agus cailíní ag freastáil orthai, agus tamalt ina dhéidh seo tháinig an bás ar Rí na Gréige agus fuair sé bás, agus fágadh an Bhanríon agus Sáil Fhada leo féin agus iad ag stiúradh na Gréige.

Bhí Rí in Éirinn san am agus bhí sé gaolmhar do Rí na Gréige, agus smaointigh sé gur leis féin a ba cheart treis a bheith sa Ghréig aige. Agus chuir sé an cabhlach chun na farraige agus tháinig sé i dtír sa Ghréig gan mhothú, agus chuir sé muintir na tíre faoi smacht. Chuaigh sé suas go dtí an caisleán a rabh Banríon na Gréige ina cónaí ann agus d’úirt sé léithe go dtiocfadh léithese seomra a ghlacadh ins an chaisleán agus í féin agus a mac stopadh ann, agus go dtiocfadh leis an mhac a ghabháil chun na scoile lena chlainne féin.

Bhí Rí na hÉireanna póstaithe agus bhí beirt mhac mar theaghlach aige. Bhí fear acu fán tuairim chéanna aois le Sáil Fhada agus bhí an fear eile dhá bhliain ní ba sine. Cuireadh chun na scoile iad. Bhí siad ag comrádaíocht ar feaidh tamailt, ach aon lá amháin ar an bhealach chun na bhaile ón scoil chuaigh clann Rí na hÉireanna a theacht i dtír ar Sháil Fhada as siocair gur chaill sé féin agus a mháthair treis ins an Ghréig, agus tháinig fearg air agus bhuail sé an bheirt acu, agus bhuail sé go maith iad. Nuair a chuaigh siad chun an bhaile d’inis siad don Rí agus don Bhanríon goidé a rinn Sáil Fhada. Agus chuaigh an Rí agus an Bhanríon isteach go dtí an seomra a rabh Banríon na Gréige ina cónaí ann agus d’úirt siad léithe mur gcuireadh sí an mac faoi smacht agus múnadh a choinneáil air go gcuirfeadh siad amach as an tír í. Agus d’iarr sise ar Sháil Fhada foighde agus ciall a bheith aige, nó go dtiocfadh an lá a mbeadh treis aige féin ins an Ghréig aríst.

Chuaigh seo ar aghaidh ar feaidh tamailt. Bhí siad ag teacht—ag gabháil chun na scoile agus ag teacht chun an bhaile i gcuideachta a chéile, agus tamalt ina dhéidh seo aríst chuaigh siad a mhagadh air ar ais, agus fuair fearg buaidh air. Agus mur bith a bhuail sé orthu an chéad uair bhuail sé a dhá oiread orthu an darna huair. Nuair a tháinig sé chun an bhaile agus d’inis sé don mháthair goidé a rinn sé bhí a fhios ag an mháthair go gcuirfí ar shiúl é, agus thug sí léithe—agus thug sí léithe go dtí an t-oileán a rabh a níon ina cónaí air. Ach bhí a fhios aici go mbeadh an tóir ina dhéidh ansin. Agus bhí bád ag fágáil an oileáin agus í ag teacht go hÉirinn, agus d’ordaigh sí dó a theacht go hÉirinn agus fostódh a dhéanamh le Fionn Mac Cumhaill, Ardrí na bhFianna.

Tháinig Sáil Fhada i dtír in Éirinn agus shiúil sé go rabh sé, go Binn Éadair, go dtí an caisleán a rabh Fionn Mac Cumhaill ina chónaí ann, agus nuair a tháinig sé go dtí an caisleán ní rabh ansin roimhe ach Gráinne—níon Chormac Mac Airt—bean Fionn. Chuir sé ceist orthai cá rabh na Fianna, agus d’inis sí dó go rabh siad amuigh ag seilg le seachtain, ach go mbeadh siad ar an bhealach chun an bhaile inniu agus nach mbeadh siad i bhfad amuigh.

‘Bhail, níl faill agamsa’, ar seisean, ‘fanacht.’

‘Bhail, mur bhfuil’, ar sise, ‘caithfidh tú coinneáil ar an taoibh na láimhe deise den fharraige go dtara tú go dtí maolchnoc beag glas, agus nuair a thiocfas tú go dtí an maolchnoc beag glas seo mothóchaidh tú an chonairt ag tafann agus dhéanfaidh tú ins an áit a bhfuil an chonairt.’

Rinn Sáil Fhada mar a hiarradh air. Chuaigh sé caol díreach go dtí an cnoc beag glas seo, agus nuair a sheasaigh sé ar mhullach an chnoic mhothaigh sé an chonairt ag tafann agus rinn sé orthu, agus nuair a chonaic Fionn Mac Cumhaill ag teacht é bhí cuma gaiscígh air. Bhí sé mór alpartha dona aois, agus d’úirt Fionn Mac Cumhaill lena chuid feara gur seo gaiscíoch ag tarraingt orthu, agus má bhí sé ina leith gurbh fhearr daofa é, agus má bhí ina n-éadan gur mheasa daofa é, nó go rabh siad sin tuirseach i ndéidh a bheith ag seilg le seachtain agus nach mbeadh siad ábalta buaidh a fháil air. Nuair a tháinig sé fad scairte daofa, scairt Fionn Mac Cumhaill leis an rabh sé ar lorg máistir nó an rabh an máistir ar a lorg sin.

‘Tá mé ar lorg máistir’, ar seisean.

‘Bhail, goidé atá ag cur bhuaireamh ort?’, arsa Fionn Mac Cumhaill.

‘Tá mé ag iarraidh fostódh’, ar seisean, ‘go cionn bliana.’

‘Goidé an tuarastal a bheifeá a iarraidh?’, arsa Fionn Mac Cumhaill.

‘Tuarastal ar bith’, ar seisean, ‘á bhfuil tú a dhíol le do chuid fear féin.’

‘Bhail, sin’, arsa Fionn Mac Cumhaill, ar seisean, ‘cúig phíosa airgid agus culaith éadaigh go cionn bliana.’

Thoiligh sé an margadh seo a dhéanamh. Bhí na Fianna amuigh ag seilg le seachtain roimhe sin agus bhí cuid mhór éanlaith agus beathaigh brúidiúla marbh acu. Bhí carnán mór ina luí roipiu ar an talamh, agus nuair a tháinig Sáil Fhada chun tosaigh d’úirt Goll Mac Mórna leis gur Dia féin a chuir chun tosaigh é, ‘nó’, ar seisean, ‘bheadh an t-ultach seo’, ar seisean, ‘róthrom againne le hiompar chun an baile.’

‘Cá bhfuil an t-ultach?’, arsa Sáil Fhada.

‘Tá, sin romhad ansin é’, arsa Goll Mac Mórna.

‘Bhail’, ar seisean, ‘níl ultach aon fhear amháin ann.’

‘Bhail, níor beireadh ariamh in Éirinn’, arsa Goll Mac Mórna, ‘fear ar bith’, ar seisean, ‘a d’iompróchadh é.’

‘Bhail, níor beireadh mise in Éirinn’, ar seisean, ‘ach ní—ach d’iompróchainn an t-ultach’, ar seisean, ‘gan mórán a shílstean dó, agus iompróchaidh mé é fosta.’

Chuaigh sé anonn go dtí coillidh a bhí ina n-aice agus tharraing sé crann amach as—ins an choillidh. Thug sé anall an crann agus shín sé ar an talamh é, agus shín sé iomlán na n-éanlaith trasna ar an chrann agus na beithígh brúidiúla mar an gcéanna, agus nuair a bhí sin déantaithe aige bhí brainse amháin ar an chrann nach rabh fóirsteanach.

‘An bhfuil scin ag fear ar bith agaibh’, ar seisean, ‘a ghearrfadh an brainse seo den chrann?’

‘Tá scin agamsa’, arsa Fionn Mac Cumhaill, agus thug Fionn Mac Cumhaill an scin dó. Agus fuair Fionn Mac Cumhaill an scin seo ó níon Rí faoi thoinn, agus bhí geasa ar an scin gan trí thráth bidh a chathamh gan an scin a chur in úsáid. Agus nuair a shín Fionn Mac Cumhaill an scin dó ghearr sé an brainse, ach rinn sé dearmad í a chur ina phóca agus sháigh sé sa bhruach í a bhí ina aice. Bheir sé greim ar rúta an chrainn agus ar a bharr agus tharraing sé i gcionn a chéile é, agus nuair a bhí sin déantaithe aige chuir sé ceist ar Fionn Mac Cumhaill an rabh fear ar bith acu a bheadh ábalta eolas an bhealaigh a thabhairt dó chun an bhaile.

Ba é Casla an fear a ba ghaiste de na Fianna. Bhí sé cuntaistithe go rabh Casla ábalta an baile a fhágáil ar maidin agus a ghabháil thart ar Éirinn agus a bheith sa bhaile tráthnóna, bhí sé comh gasta sin. Agus d’iarr Fionn Mac Cumhaill ar Chasla eolas an bhealaigh a thabhairt dó. Thóg sé an t-ultach in airde ar a dhroim agus d’imigh leis mar a bheadh séideán sí ann agus Casla roimhe. Ach ní theachaigh Casla i bhfad go dtáinig fágáil air. Bhí sé reaite as anáil.

‘Níl mise ábalta a ghabháil níos faide’, arsa Casla.

‘Gabh suas anseo ar mo mhuin’, ar seisean, ‘i mullach an ultaigh’, ar seisean, ‘agus bhéarfaidh tú eolas an bhealaigh domh.’

Chuir sé Casla suas ar a mhuin agus thug Casla eolas an bhealaigh dó go Binn Éadair, agus nuair a tháinig Casla iontach cóngarach don chaisleán rinn sé scread a chruinnigh—achan uile áit in Éirinn.

‘Goidé an screadach atá ort?’, arsa Sáil Fhada.

‘Tá’, ar seisean, ‘má chaitheann tú anuas mé i gcuideachta an ultaigh’, ar seisean, ‘ní fhágfaidh tú aon chnámh in mo chorp’, ar seisean, ‘nach mbrisfidh tú.’

‘Ní chaithfidh mé anuas ar chor ar bith thú’, ar seisean, ‘agus bíodh ciall agad. Ligfidh mise anuas thú’, ar seisean, ‘go suaimhneach faichilleach’, agus lig.

Agus nuair a bhí an t-ultach ar an talamh aige agus Casla ina sheasamh ansin chuaigh sé isteach chun an chaisleáin agus chuir sé ceist ar Gráinne an rabh uisce ar bith fóirsteanach aici, nó gur mhaith leis an dinnéar a bheith réidh fá choinne na bhFianna nuair a thiocfadh siad chun tosaigh, go rabh ocras mór orthu i ndéidh a bheith ag seilg le seachtain.

‘Bhail, tá dabhach anseo’, ar sise, ‘agus glacfaidh sé ceathrar fear í a iompar folamh go dtí an tobar, agus níl na fir chun tosaigh’, ar sise, ‘leis an dabhach a iompar.’

‘Cá bhfuil an dabhach?’, ar seisean.

Thaiseáin Gráinne an dabhach dó, agus bheir sé ar an dabhach eadar a dhá lámh agus d’iompair sé go dtí an tobar í agus líon sé le uisce í agus, nuair a bhí sí lán, d’iompair sé an bealach céanna ar ais í go dtí an caisleán. Rinn siad réidh ansin. Chuaigh siad a phlucáil agus a fheannadh na mbeithígh fiánta seo agus a phlucáil an éanlaith go dtí go rabh lán an dabhach glan acu. Cuireadh uisce ins an dabhach, cuireadh síos ar chraos tineadh í agus nuair a bhí sin déantaithe cuireadh síos coire preátaí. Agus nuair a tháinig na Fianna chun tosaigh bhí an dinnéar réidh, agus bhí lúcháire mhór orthu roimhe, nó bhí an t-ocras ann.

Nuair a shuigh Fionn Mac Cumhaill isteach ag cionn an tábla tháinig smúid air.

‘Goidé atá ort?’, arsa Oisín.

‘Tá’, ar seisean, ‘tá an rud orm’, ar seisean, ‘nach dtearn mé margadh air. Chaill mé an scin’, ar seisean, ‘a thug níon Rí faoi thoinn domh’, ar seisean, ‘agus ní dual domh’, ar seisean, ‘trí thráth bidh a ithe’, ar seisean, ‘gan í a chur in úsáid, agus is goirid anois’, ar seisean, ‘mo chuid laethaibh’.

‘Bhail, ith do chuid ar scor ar bith’, arsa Sáil Fhada, ar seisean, ‘agus tífidh muid ina dhéidh sin.’

Rinn Fionn—chaith Fionn Mac Cumhaill an suipéar. Nuair a bhí an suipéar caitithe, ‘bhail’, arsa Fionn Mac Cumhaill, ‘tá na Fianna uilig tuirseach’, ar seisean, ‘i ndéidh a bheith ag seilg le seachtain, agus an bhfuil fear ar bith anseo’, ar seisean, ‘a bheas sásta garda a choinneáil go maidin?’

Níor labhair éinne acu.

‘Bhail, coinneochaidh mise garda anocht’, arsa Fionn—arsa Sáil Fhada, ‘ar acht’, ar seisean, ‘tú fear de do chuid fear’, ar seisean, ‘sealaíocht a dhéanamh liom’, ar seisean, ‘ó anocht amach.’

D’úirt Fionn Mac Cumhaill go ndéanfadh cinntí. Choinnigh Sáil Fhada garda an oíche sin agus d’fhág Fionn Mac Cumhaill an dá mhadadh aige—Bran agus Sceolán. Agus ins an mheán oíche tí sé bean ag teacht chuige fríd an cheo a ba gráinne agus a ba suaraí a chonaic sé ariamh. Bhí dhá chárfhiacail—chlárfhiacail aici … a dhéanamh dhá chroisín daoithe, agus bhí a cuid gruaige ag scuabadh an talamh. Nuair a tháinig sí, chuir Sáil Fhada ceist orthai goidé a thug anseo í.

‘Tháinig mé’, ar sise, ‘le comhar. Tháinig mé’, ar sise, ‘le tusa an scin’, ar sise, ‘a chaill Fionn Mac Cumhaill a fháil’, ar sise. ‘Tá sí ar a leithéid seo dhe oileán mara’, ar sise, ‘ag na Lochlannaigh atá i ndéidh a theacht i dtír in Éirinn, agus bhéarfaidh mise brat duid’, adeir sise, ‘agus rachaidh tú agus gheobhaidh tú an scin. Bhéarfaidh sé díolachán ar bith duid ansin ar maidin’, ar sise, ‘á n-iarrfas tú. Agus is é an díolachán a iarrfaidh tú, é do chuid fear a chur anonn leat go dtí an Ghréig, agus nuair a rachas tú chun na Gréige tar—fan ag an oileán a bhfuil do dheirfiúr ina cónaí ann agus cuirfidh Rí na Gréige—cuirfidh sé cogadh ort. Ach déan thusa margadh leis, fear a chur chugad i ndéidh an fhir eile, agus ná bíodh eagla ort, nó gheobhaidh tú buaidh, agus gheobhaidh tú féin treis ins an Ghréig arís.’

D’imigh Sáil Fhada agus choinnigh sise garda dó, agus fuair sé an scin ar an oileán. Bhí na Lochlannaigh i ndéidh a theacht i dtír ann agus bhí craos tineadh thíos acu, crúiscín uisce ina shuí ar tábla agus an scin astoigh ann. Shiúil sé suas. D’ól sé deoch amach as an chrúiscín. Bhí an scin leis ina bhéal agus rinn sé ar ais ar tír mór.

Tháinig sé go dtí caisleán Bhinn Éadair agus bhí sí thuas in suí sa tsimléar ag coinneáil garda dó ó d’imigh sé. D’imigh sí uadh mar a bheadh séideán sí ann. Nuair a—ar maidin an lá arna mhárach nuair a d’éirigh na Fianna, shuigh Fionn Mac Cumhaill agus smúid air thuas ag cionn an tábla agus chaith Sáil Fhada an scin suas trasna an tábla.

‘Bhail, bulaí fir thú’, arsa Fionn Mac Cumhaill.

‘Bulaí fir cinnte mé’, ar seisean.

‘Goidé an díolachán’, ar seisean, ‘a ghlacfaidh tú anois’, ar seisean, ‘ar shon na hoibre seo?’

‘Tá’, ar seisean, ‘cuidiú a chur liom anonn go dtí an Ghréig’, ar seisean, ‘le—leis—muintir na Gréige a chur faoi smacht.’

‘Cuirfidh mise sin cinnte leat’, arsa Fionn Mac Cumhaill.

Chuir na Fianna bád chun na farraige agus chuaigh siad go dtí an Ghréig, agus nuair a chualaidh muintir na Gréige go dtáinig siad i dtír chuir siad cogadh orthu, ach rinn Sáil Fhada margadh le Rí na Gréige fear a chur chuige i ndéidh an fhir eile, agus chuir. Agus fuair siad buaidh an iomláin. Fuair sé treis ins an Ghréig agus tá sé féin agus a bhunadh i dtreis ins an Ghréig ón lá sin go dtí an lá inniu.