Mo Ghabhar Beag Baoideach Baoideach

John Ghráinne Ó Duibheannaigh

D’éirigh mé ar maidin go baoideach baoideach
Agus chuir mé síos tinidh bheag bhaoideach bhaoideach.
Scuab mé an t-urlár beag baoideach baoideach
Agus fuair mé sé pingne beag baoideach baoideach.

D’imigh mé chun an aonaigh go baoideach baoideach
Agus cheannaigh mé gabhar beag baoideach baoideach.
Ag pilleadh chun an bhaile domh go baoideach baoideach,
Tháinig mé ar thom beag baoideach baoideach sméar.

‘A ghabhair, gabh thusa chun an bhaile go bpiocaí mise mo thom beag baoideach baoideach sméar.’

‘Ní rachaidh’, arsa an gabhar.

‘A mhadaidh, gearr an gabhar, mur dtéidh an gabhar chun an bhaile, go bpiocaí mise mo thom beag baoideach baoideach sméar.’

‘Ní ghearrfaidh’, arsa an madadh.

‘A rópa, croch an madadh, mur ngearraí an madadh an gabhar, mur dtéidh an gabhar chun an bhaile, go bpiocaí mise mo thom beag baoideach baoideach sméar.’

‘Ní chrochfaidh’, arsa an rópa.

‘A chorráin, gearr an rópa, mur gcrochaí an rópa an madadh, mur ngearraí an madadh an gabhar, mur dtéidh an gabhar chun an bhaile, go bpiocaí mise mo thom beag baoideach baoideach sméar.’

‘Ní ghearrfaidh’, arsa an corrán.

‘A thinidh, dóigh an corrán, mur ngearraí an corrán an rópa, mur gcrochaí an rópa an madadh, mur ngearraí an madadh an gabhar, mur dtéidh an gabhar chun an bhaile, go bpiocaí mise mo thom beag baoideach baoideach sméar.’

‘Ní dhóifidh’, arsa an tinidh.

‘A uisce, báigh an tinidh, mur ndóighí an tinidh an corrán, mur ngearraí an corrán an rópa, mur gcrochaí an rópa an madadh, mur ngearraí an madadh an gabhar, mur dtéidh an gabhar chun an bhaile, go bpiocaí mise mo thom beag baoideach baoideach sméar.’

Ach, an deireadh a bhí air—nuair a thiompóigh sé thart, ní rabh an gabhar le feiceáil ar chor ar bith, agus nuair a chuaigh sé chun an bhaile bhí an gabhar ina sheasamh ag an doras ag fanacht leis.