Mo Bhaile Dúchais

Damien Ó Dónaill

Damien Ó Dónaill a Scríobh

Is Rann na Feirste mo bhaile dhúchais féin—nó ainm eile air, ‘Ceann Dubhrann na nDumhchann Bán’—suite anseo in iarthuaisceart Ghaeltacht Thír Chonaill. Reannaigh mhór ard atá inti, sínta amach i lár na farraige móire. Tá Gaoth Dobhair ar thaobh amháin dúinn is Gaoth Bearra ar an taobh eile. Tá an t-ainm Rann na Feirste déanta suas as dhá fhocal: an ‘Reannaigh’, a chiallaíonn ‘cionn tíre’, agus an ‘Fhearsaid’, a chiallaíonn ‘caolas uisce’.

Tá tuairim is trí chéad duine ina gcónaí san áit seo. Ba sa bhliain 1736 a rinneadh an chéad chónaí i Rann na Feirste: beirt dheartháir a bhí iontu—Pádraig agus Seán Mac Grianna. Tháinig siad ó bhaile eadar muid féin is Leitir Ceanainn, áit darb ainm na Stacarnaigh. Chonaic siad radharc nach rabh a shárú le fáil ar dhroim an domhain. Ghlac Pádraig seilbh ar an leath thoir, agus Seán an baile thiar, agus thóg siad a gcuid toighthe cónaithe ann.

Sa Ghaeltacht bheo seo a rugadh na sárscríbhneoirí agus scéalaithe cosúil le Seosamh Mac Grianna, Seán Bán, Micí agus Bidí Sheáin Néill, Neidí Frainc agus Eoghan Ó Dónaill. D’fhág siad saibhreas cultúrtha agus seanchais ina ndéidh. Ach, tá an scríbhneoireacht go beo anseo go fóill. Ina measc tá an tAthair Lorcán Ó Searcaigh, Pádraig Ó Baoill, Donnchadh Ó Duibheannaigh agus Conall Ó Grianna. Tá cliú is cáil bainte amach ag amhránaithe Rann na Feirste—bhí Hiúdaí Phádaí, Neilí Mhicí Hiúdaí agus Conall Mhicí Hiúdaí Ó Dónaill a bhain an Bonn Óir 1960. Sa lá atá inniu ann tá Gearóidín Neidí Frainc, Connie Mhary Mhicí agus Caitlín Ghracie, a bhain go leor duaiseanna ag an Oireachtas ag coinneáil an sean-nós beo go fóill.

Tá scolaíocht i Rann na Feirste ó bhí tús an chéad seo caite—1910. Sa bhliain 1956 a tógadh scoil úr—Scoil Oilibhéir Pluincéid. Tá cliú is cáil bainte amach as na scoláirí i gcúrsaí oideachais ar fud na tíre seo. Sa lá atá inniu ann is é Pádraig Mac Gairbhigh príomhoide na scoile agus is í Máiréad Bean Uí Risteárd an máistreás. Tá bród ar leith ag na múinteoirí, scoláirí agus muintir Rann na Feirste as an scoil.

In aice leis an scoil tá Oifig an Phoist agus siopa atá faoi chúram ag Pól Ó Searcaigh anois, agus a bhí ag a mhuintir roimhe sin leis na blianta fada. Cupla slat ón scoil tá Coláiste Samhraidh darb ainm Coláiste Bhríde. Ba an tAthair Lorcán Ó Muirí a chuir tús leis an chéad Choláiste Gaeilic ar Ard na bhFaoileog i 1926. Tagann na mílte scoláirí go dtí an Coláiste gach bliain leis an chultúr a bhlaiseadh.

Níl teach tábhairne ar bith i Rann na Feirste, mar d’úirt an tAthair Ó Muirí a fhad is a bheadh Coláiste Bhríde ann nach mbeadh cead acu ólachán a bheith ar an bhaile. Tá iarsmalann in ómós chlann Mhic Grianna ann ó bhí 1983. Tá sé suite in aice le Coláiste Bhríde. Is iomaí duine a d’fhág lorg a gcos i Rann na Feirste le trí scór bliain; ina measc bhí an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich. Tá leacht chuimhneacháin an Chairdinéil tógtha ar an Characamán. Tá cliú is cáil bainte amach ag an Druma Mór le fada an lá. Tá an drámaíocht iontach láidir fosta, le Charlie agus Vincie Byrne ag obair do Lios na Sí agus Gleann Ceo, agus í i gcónaí ag baint gáire asainn.

Tá muid bródúil a bheith inár gcónaí anseo i Rann na Feirste. Tá fáilte i gcónaí roimh gach Gael agus achan duine cuairt a thabhairt ar mo bhaile dhúchais féin leis an chultúr sin a bhlaiseadh.

Nóta: rinneadh an taifeadadh seo sa bhliain 2001. Faoi láthair tá múinteoirí eile sa scoil agus tá an siopa faoi chúram úinéirí eile. Sa bhliain 2005, fuair Caitlín Ghracie bás; ar dheis Dé go rabh a hanam uasal.