Na Baoilligh, na Páistí agus Conall

Fannie Dónaí Bean Mhic Ruairí

Fannie Dónaí a chum

A Chonall Mac Grianna, is tú plúr na bhfear óg,
Rinn tú éifeacht na n-éifeacht nuair a scríobh tú do leabhar.
Thug tú fios don tír mhór seo go bhfuil an Ghaeilic beo
Is nach gcailltear go brách í i gCeann Dubhrann go deo.

Is é an Baoilleach is a mhac a bhí ina n-oidí i gCeann Dubhrann.
Is iad a bhí géarchúiseach, cliste agus cliúiteach,
Is gan i ndán do na páistí a bhí acu le treorú
Ach deoraíocht, sclábhaíocht, imirce is brón.

Chonaic na Baoilligh an Ghaeilic bhinn bhríomhar
Is go mbeadh a leath caillte mur ndéanadh siad gníomh.
Chonaic siad na páistí is an Ghaeilic seo leo
Is gur bheag acu a phillfeadh ar Éirinn go deo.

D’úirt na Baoilligh, ‘a pháistí, stadadh an gleo,
Tá teangaidh mur sinsear is í i mbaol a bheith beo.
Teannaigí oraibh is cruinnigí suas
Béaloideas, scéaltaí agus Gaeilic go leor.’

Rinn na páistí mar a d’iarr siad is chruinnigh siad neart
De chuid Gaeilic Cheann Dubhrann a rabh orthai an tslacht,
Do na Baoilligh go dtug siad sin béaloideas bheacht,
Ansin bhí a fhios ag na Baoilligh go rabh a ngníomh déanta i gceart.

Chuir na Baoilligh an Ghaeilic is an saothar i mbeart,
Is go hOllscoil na hÉireann a sheol siad an beart,
Ag dúil go mbeadh an Ghaeilic sa tír seo go fóill
A greadadh amach as ár sinsear fadó.

Luigh an beart sin san Ollscoil is na blianta ag gabháil thart,
Bliain is trí scór a bhí an taiscidh sa bheart
Go dtáinig Mac Grianna is gur scríobh seisean leabhar
Ar chuid saothair na mBaoilleach is na bpáistí fadó.

Tháinig Ciarán Ó hÉigeartaigh trasna ar an leabhar
Is chuir sé Antain is Caitríona is an BBC leo
Gur shroich siad Ceann Dubhrann is den leabhar rinn siad clár
A bheas le feiceáil sna Faoilligh, amach ina lár.

Ní moill a rinn Ciarán ná Antain is Caitríona
Gur chuir siad sin urradh le leabhar Chonaill Óig.
Ní dearmad a rinn siad de Choláiste Bhríde
Ná de mhuintir Cheann Dubhrann is na laetha a chuaigh thart.

Ár mbeannacht leis na Baoilligh atá anois sa ghlóir
Is leis na páistí atá marbh is an chuid eile atá beo.
Ár mbaochas do Chonall a chuir an saothar i gcló,
Is go mbeidh cuimhne oraibh uilig i Rann na Feirste go deo.