Mac an Gharrantóir agus Níon an Duine Uasail

Micí Sheáin Néill Ó Baoill

Bhí fear uasal uair amháin ina chónaí taobh amuigh de Iúr Chionn Trá, baile a dtabharann siad Cill Shléibhe air. Bhí sé póstaithe agus ní rabh aige mar theaghlach ach aon níon amháin. Fear gallta a bhí ann. Bhí garrantóir ag obair aige agus Caitliceach a bhí sa gharrantóir. Agus bhí an garrantóir póstaithe agus ní rabh aige mar theaghlach ach aon mhac amháin. Agus bhí mac an gharrantóir agus níon an duine uasail fán tuairim amháin aois. Bhí siad ina gcónaí trí mhíle as Iúr Chionn Trá, agus nuair a tháinig na páistí seo go dtí aois scoile ba ghnách leis an duine uasal i gcónaí a níon féin a thiomáint chun na scoile ar maidin le capall agus le cóiste a bhí aige, agus chun an bhaile tráthnóna, ach chaithfeadh mac an gharrantóir siúl. Ní rabh mac an gharrantóir maith go leor, mórluachmhar go leor ná saibhir go leor le theacht isteach ins an chóiste.

Chuaigh seo ar aghaidh nó go rabh sé deich mbliana de aois, agus ins an am seo cheannaigh an fear uasal meainc agus cóiste beag dona níon féin a bheadh sí féin ábalta a thiomáint chun na scoile agus chun an bhaile tráthnóna. Ach ba ghnách léithese i gcónaí marcaíocht a thabhairt do mhac an gharrantóir.

Bhí go maith agus ní rabh go holc nó go rabh siad ceithre bliana déag de aois, agus ins an am seo bhí an bheirt iontach geallmhar ar a chéile. D’aithin an fear uasal go rabh grá eatarthu agus bhí sé míshásta leis, agus tháinig sé go dtí an garrantóir aon lá amháin agus d’úirt sé leis go gcaithfeadh sé an gasúr a chur ar shiúl ón áit, nó mur gcuirfeadh go gcaithfeadh sé féin agus a bhean imeacht fosta. Chuir seo míshásamh mór ar an gharrantóir, nó bhí áit iontach mhaith aige. Bhí obair shócúlach aige. Bhí páighe mhaith aige agus bhí teach maith cónaithe aige a mbeadh sé ábalta strainséirí nó bordaeirí ar bith a choinneáil thart an bhliain. Agus bhí daoiní i gcónaí ag stopadh leo. Agus ar an tséala sin níor mhaith leis an áit a bhí aige a chailleadh.

Nuair a chuaigh sé chun an bhaile an oíche sin d’inis sé don bhean agus don ghasúr goidé a d’inis an fear uasal dó. Agus nuair a bhí deireadh an scéil críochnaithe aige d’úirt an gasúr nach mbeadh fiachaibh ar bith orthu corrú ar mhaithe leis sin.

‘Tá mise anois’, ar seisean, ‘ceithre bliana déag de aois, agus beidh mé ábalta a ghabháil ar seirbhís agus sábháileochaidh sin daoibhse an áit atá agaibh a chailleadh.’

Níor mhaith leis an athair ná leis an mháthair an gasúr a ligean ar shiúl i mbéal a chinn comh hóg ins an tsaol agus a bhí sé agus, mar an gcéanna, gan de theaghlach acu ach é, nó bhí grá mór acu air. Ach ba é an deireadh a bhí ar an scéal gurbh éigean daofa a chomhairle féin a thabhairt dó. Ar maidin an lá arna mhárach d’éirigh an gasúr ní ba luaithe ná ba ghnách leis. Rinn sé a bhricfeasta. Chruinnigh sé a scriosán éadaigh i gcionn a chéile. D’fhág sé slán ag an athair agus ag an mháthair agus d’imigh leis ar lorg seirbhís. Nuair a chonaic níon an duine uasail ag imeacht é, ghléas sí an meainc agus an cóiste agus tháinig sí aníos leis sular shroich siad an scoil, agus chuir sí ceist air goidé a thug ar shiúl inniu é ní ba luaithe ná lá ar bith eile.

‘Tá’, ar seisean, ‘tá mé ag imeacht ar seirbhís.’

‘Goidé atá do thabhairt ar shiúl ar seirbhís?’, ar sise.

‘Bhail, tá’, ar seisean, ‘scarann bochtaineacht cuideachta mhaith ó chéile.’

‘Tím’, ar sise.

Nuair a tháinig siad go dtí an scoil d’fhág siad slán agna chéile, ach bhí lámh agus focal eatarthu. Gheall sise dó sin a bheith díleas dó go bpilleadh sé arís, agus gheall seisean daoithese mar an gcéanna. Chuaigh an ghirseach go teach na scoile agus shiúil an gasúr leis nó go rabh sé i mBéal Feirste, agus chuaigh sé a dh’obair ansin ag fear a bhí ag tógáil bádaí. Agus d’oibir sé dhá bhliain i mBéal Feirste agus níor scríobh sé ariamh chun an bhaile le hinse cá háit a rabh sé.

Nuair a bhí an dá bhliain caitithe i mBéal Feirste aige d’imigh sé mar chócaire ar chionn de na bádaí a bhí ag imeacht as an chuan agus tháinig sé i dtír i Nua Eabhrach. Thréig sé an bád i Nua Eabhrach agus chuaigh sé a dh’obair ar an bhaile mhór ann, agus d’oibir sé seacht mbliana déag i Nua Eabhrach gan scríobh ariamh go hÉirinn le hinse cá rabh a bheo nó a mharbh.

Nuair a bhí na seacht mbliana déag caitithe aige i Nua Eabhrach smaointigh sé aon lá amháin go dtiocfadh sé go hÉirinn go bhfeiceadh sé an rabh an t-athair agus an mháthair beo. Ach sular fhág sé Nua Eabhrach cheannaigh sé scáth fearthana, nó ní rabh siad coitianta in Éirinn san am. Chuaigh sé ar bord soithigh agus tháinig sé i dtír arís i mBéal Feirste. Stop sé an oíche sin go maidin ann, agus ar maidin an lá arna mhárach shín leis ag tarraingt ar Iúr Chionn Trá—ag tarraingt ar a bhaile féin.

Nuair a tháinig sé go dtí an scoil, d’aithin sé í agus smaointigh sé ar gach lá pléisiúrtha ár chaith sé féin agus níon an duine uasail ag teacht chun na scoile agus ag gabháil chun an bhaile tráthnóna. Shiúil sé leis giota eile agus casadh triúr ban dó. Agus chuir sé ceist ar na mná seo an rabh an garrantóir agus a bhean ag stopadh ina leithéid seo de áit ar fad. D’úirt na mná leis go rabh, ach níor lig sé a aithne a fhad leofa.

‘Shílfeá gur strainséir mór thú’, arsa bean acu.

‘Maise, is strainséir mór go leor mé’, ar seisean. ‘Tá sé naoi mbliana déag ó shiúil mé an bealach seo aroimhe.’

‘Creidim gur fá choinne oíche lóistín atá tú’, arsa bean eile acu.

‘Is é’, ar seisean, agus ní thearn sé a dhath ní ba eolaí í.

‘Bhail, tá muid inne ag gabháil suas’, arsa bean de na mná, ‘go dtí teach an duine uasail seo thuas. Tá a níon le pósadh amárach ar a leithéid seo dhe fhear agus tá cuireadh ag a bhfuil ar an dúiche go dtí an dáil.’

‘Tím’, arsa seisean.

Chuaigh sé a bhrádarsaigh fearthana agus spréigh seisean amach an scáth fearthana, agus d’úirt na mná leis go rabh gléas sásta leis fá choinne a shábháilt ar an fhearthainn. D’úirt sé go rabh.

‘Goidé an t-ainm atá ar an ghléas sin?’, arsa bean acu.

‘Is é an t-ainm a fhaigheann sé’, ar seisean, ‘ “scarann bochtaineacht cuideachta mhaith ó chéile”.’

‘Tím’, ar sise.

Nuair a tháinig siad go dtí an crosbhealach, scar siad óna chéile. Chuaigh na mná go teach na dála agus chuaigh seisean go dtína bhaile féin. Agus nuair a chuaigh sé go dtí an teach bhí a mháthair ina seasamh sa doras agus í réidh fá choinne teach na dála mar dhuine. Agus chuir sé ceist orthai an mbeadh sí ábalta é a choinneáil go maidin, agus níor lig sé a aithne a fhad léithese ach oiread.

‘Maise, tháinig tú drochoíche orm’, ar sise, ‘oíche chorr chointinneach’, ag túsacht agus ag inse dó go rabh dáil mhór ar cois i dteach an duine uasail seo thuas anocht; go rabh cuireadh aici féin agus ag fear an toigh go dtí an dáil; go rabh fear an toigh ar shiúl suas; agus go rabh rún aicise a bheith sna sála aige.

‘Bhail, ní théan sin duifear ar bith liomsa’, ar seisean. ‘Tá mé i ndéidh siúl as Béal Feirste agus tá mé tuirseach, agus nuair a gheobhas mé mo shuipéar’, ar seisean, ‘rachaidh mé chun mo leabaidh.’

Chuaigh sí isteach agus rinn sí réidh an suipéar dó, agus nuair a bhí an suipéar críochnaithe aige chuaigh sé a luighe.

Nuair a chuaigh na mná seo isteach go teach na dála bhí an garrantóir ina shuí ansin roipiu, agus d’inis siad dó fán strainséir fir a bhí ar shiúl síos chun an toighe; gur strainséir mór a bhí ann; go rabh sé naoi mbliana déag ó bhí sé an bealach aroimhe, agus go rabh gléas iontach sásta leis fá choinne an fhearthainn a choinneáil uadh. Nuair a chualaidh níon an duine uasail an t-ainm a thug sé ar an scáth fearthana—nuair a d’úirt sé, ‘scarann bochtaineacht cuideachta mhaith ó chéile’, smaointigh sí ar an fhocal dheireanach a labhair mac an gharrantóir léithe naoi mbliana déag roimhe sin, agus smaointigh sí gurb é a bheadh ann. Sciob sí amach go formhothaithe. Chuaigh sí síos go dtí teach an gharrantóir agus chuir sí ceist ar bhean an gharrantóir an rabh strainséir ag stopadh anseo anocht.

‘Tá’, ar sise, ‘ach tá sé ina leabaidh.’

‘Bhail, ba mhaith liom’, ar sise, ‘é a fheiceáil.’

Thaiseáin bean an gharrantóir daoithe an leabaidh a rabh sé ina luí air agus ní luaithe a chonaic sí é ná d’aithin sí gurb é a bhí ann. D’aithin seisean ise mar an gcéanna. Chuir níon an duine uasail ceist air an rabh sé díomhaoin i rith an ama agus d’úirt sé go rabh, nach dtearn sé athrach ar bith le linn a shiúil, agus nuair a chualaidh an mháthair cé a bhí ann bhí lúcháir an tsaoil ar an mháthair roimhe.

‘Bhail, bhí mé, bhí mise le pósadh amárach’, arsa níon an duine uasail, ‘agus má bhí féin’, ar sise, ‘ní rabh toil ar bith agam don fhear atá mé—a bhí mé ag gabháil a fháil, agus d’fhan mé leatsa ar feadh naoi mbliana déag go dtí gur bhain mé deireadh dúil duid a theacht. Agus ó tharla nach bhfuil an pósadh déanta gur phill tusa arís, tá mé sásta é a fhágáil agus tusa a ghlacadh mar chéile.’

‘Bhail, fan mar atá tú anocht’, ar seisean, ‘agus nuair a bheas tábla an tsuipéir ina shuí thart tarraing ort scéal, agus inis daofa gur cuimhin leat nuair a bhí tú i do ghirseach bheag gur cheannaigh d’athair cása duid fá choinne éadach a choinneáil; go rabh glas agus eochair air; gur chaill tú an eochair agus gur cheannaigh tú cionn úr, ach go bhfuair tú an tseaneochair anocht. Agus cuir ina láthair cé acu cionn de na heochracha a ba cheart duid a choinneáil, agus má abrann sé gurb í an tseaneochair, a chead ag an fhear úr imeacht’, ar seisean, ‘agus pósfaidh mise amárach tú.’

‘Maith go leor’, ar sise.

Chuaigh sí féin agus bean an gharrantóir go dtí teach na dála, agus nuair a bhí tábla an tsuipéir ina shuí thart, tharraing sise orthai an scéal—gur chuimhin léithe nuair a bhí sí ina girseach bheag gur cheannaigh a hathair cása daoithe fá choinne éadach a choinneáil; go rabh glas agus eochair air, ‘ach chaill mé an eochair’, ar sise, ‘agus cheannaigh mé cionn úr, ach fuair mé an tseaneochair anocht agus cuirfidh mé in mur láthair cé acu cionn de na heochracha a ba cheart domhsa a choinneáil.’

D’úirt iomlán á rabh ag an tábla ina n-aonghuth gurb í an tseaneochair.

‘Bhail, má tá sin amhlaidh’, ar sise, ‘fuair mise anocht an fear a bhfuil mé i ngrá leis, agus caithfidh tusa imeacht.’

D’aithin an fear úr go rabh a chosa nite agus d’imigh sé. Pósadh í féin agus mac an gharrantóir ar a chéile an lá arna mhárach. Thit sé isteach ins an dúiche agus tá a bhunadh in Iúr Chionn Trá ón lá sin go dtí an lá inniu.