Bonnaí Dubha Ó Dubhthaigh

John Ghráinne Ó Duibheannaigh

Seo scéal atá mé ag gabháil a inse anois fá—agus an is é an t-ainm a bhí ar an fhear seo, Bonnaí Dubha Ó Dubhthaigh.

Anois, réice mór a bhí ann agus cearrbhach mór fosta, agus ní rabh cúram ar bith air. Ní rabh sa teach aige ach é féin agus madadh, agus d’fhág sin cos scaoilte aige. Bheadh sé ar shiúl; ní rabh aon áit a mbeadh bainis, dáil nó baisteadh nach rabh Bonnaí Dubha a bheith cinnte a bheith aige. Agus bhí sé ar shiúl oíche amháin iontach antráthach, agus leoga is iomaí oíche acu sin a tháinig air, agus ar an bhealach chun an bhaile chonaic sé an caisleán díreach agna thaoibh agus chuir sé an dubhiontas air. Ach, bhí doras an chaisleáin foscailte. Shiúil sé isteach ar dhoras an chaisleáin agus d’amharc sé thart, agus ní rabh aon doras ar an chaisleán nach rabh foscailte. Shiúil sé leis ar fud an toigh ó sheomra go seomra agus bhí sin ann, seomraí go leor. Ach ní rabh duine ar bith le feiceáil aige, ná a dhath le mothachtáil aige, agus nuair a bhí na seomraí bunús siúlta aige, chuaigh sé isteach sa tseomra seo agus bhí bord mór i lár an urláir agus pláta mór aráin ina shuí ar an bhord. Dar leis féin, ‘tá mé giota maith ón bhaile go fóill agus nach mb’fhéidir go mbuailfeadh ocras mé sula mbeinn sa bhaile. Nach fearr domh píosa den arán seo a thabhairt liom anois agus a chur in mo phóca ar eagla na heagla?’ Chuir sé cupla píosa den arán ina phóca agus amach leis, agus shín leis ag déanamh ar an baile.

Fuair sé an baile a baint amach in am inteacht le bodhránacht an lae ar maidin, agus ní tháinig ocras i rith an ama air. Bhain sé dó a cheirteach agus chuaigh sé a luí, agus ar ndóighe chodlaigh sé go dtí go rabh sé i bhfad amach sa lá, agus mhuscail sé ansin. Ní rabh aon duine le coiscriú a chur faoi agus chuaigh sé a smaoitiú air—gur mhillteanach an rud dó an caisleán a fheiceáil, ná níor chuimhneach leis go bhfaca sé an caisleán ariamh aroimhe. Dar leis féin, ‘b’fhéidir gur ag brionglóidigh a bhí mé.’ Ach d’éirigh sé agus chuaigh sé a fhad lena cheirteach a bhí ar cathaoir ag colbha na leapa, agus chuir sé a lámh ins an phóca agus fuair sé an t-arán a thug sé leis as an chaisleán. Dar leis féin, ‘ní ag brionglóidigh a bhí mé.’ Bhí seo ag déanamh meadhráin dó agus chaith sé an t-arán chuig an mhadadh. Chuaigh an madadh a smúrthacht thart fán arán agus ag croitheadh a rubaill, agus chroith sé a chlaigeann agus d’amharc sé suas ar Bhonnaí Dubha, ach ní fhiachfadh an madadh an t-arán. Chuir seo iontas ar Bhonnaí Dubha agus bheir sé ar an arán—chaith sé isteach in áit na tineadh é. Dar leis féin, ‘caithfidh sé gur ag na daoiní beaga a bhí sé, a bhí an t-arán.’ Ach bhí sé oíche eile amuigh agus a dhálta sin ar ndóighe bhí sé mall ar a chois ag teacht chun an bhaile, agus dar leis féin go dtiocfadh sé an aichearra, agus tháinig sé, shíl sé féin. Ach fuair sé é féin ar bhruach na mara. Anois, bhí aichearra mhór trasna go dtí an áit a rabh sé ina chónaí, dá mbeadh tráigh ann. Thiocfadh leis a theacht anall an tráigh, ach bhí an lán mara ó chladach go cladach agus ní rabh tráigh ar bith ann. Bhí sé ansin, mar Bhonnaí Dubha, agus é eadar dhá chomhairle cé acu—b’fhada leis suí ins an chladach go dtráighfeadh sé agus b’fhaide ná sin ar ais leis a ghabháil thart timpiall. Agus bhí sé ansin, mar a d’úirt mé, eadar dhá chomhairle, ach leis sin féin, cé a tí sé ag tarraingt air, ach Giolla na nAdharc. Chuir Giolla na nAdharc ceist air an rabh sé ag iarraidh a theacht trasna.

‘Bhail, tá mé, cinnte’, ar seisean, ‘ach nach bhfeiceann tú go bhfuil an lán mara astoigh?’

‘Bhail, gabh ar mo dhroim’, arsa Giolla na nAdharc, ‘agus bhéarfaidh mise trasna thú.’

‘Maith go leor’, arsa Bonnaí Dubha, ag gabháil dhe léim ar dhroim an diabhail. Shiúil siad leo. D’imigh an diabhal leis ag siúl go haigeantach ar barr an uisce go díreach mar a shiúlfadh duine ar an talamh, agus nuair a bhí sé tuairim is ar leath bealaigh trasna, chuir sé ceist ar Bhonnaí Dubha goidé a níos an mháthair leis an leanbh nuair a bíos sí i ndéidh a cheirteach a chur air ar maidin.

‘Seo’, arsa Bonnaí Dubha, ‘treabhaigh an t-iomaire atá romhad.’

Sheol—shiúil an diabhal leis agus tamalt beag ina dhéidh sin ar seisean leis, le Bonnaí Dubha, ‘goidé an chéad rud a níos tú ag gabháil isteach chun na leapa a luí duid?’

‘Bhail, an leabaidh a bhrú faoim’, arsa an—arsa Bonnaí Dubha.

Shiúil an diabhal leis. Tamalt beag ina dhéidh sin, arsa an diabhal, ‘goidé a níos tú ag gabháil isteach go teach an phobail duid?’

‘Bhail, is annamh a théim an bealach sin’, arsa seisean, ‘ach, is cuma cá dtéim’, ar seisean, ‘is fhearr duid an t-iomaire atá romhad a threabhadh.’

D’imigh an diabhal leis go dtí go dtáinig siad isteach ar an taoibh abhus. Nuair a fuair Bonnaí Dubha é féin ar an taoibh abhus, léim sé anuas ó dhroim an diabhail.

‘Taiseánóchaidh mé anois’, arsa seisean, ‘goidé a níos an mháthair leis an leanbh nuair a chuireann sí a cheirteach air ar maidin: in ainm an Athair agus an Mhic agus an Spiorad Naomh’, ar seisean.

Leis sin féin, d’éirigh an diabhal ina chnap tineadh óna chosa amach go dtí go dteachaigh sé as amharc ins an fharraige ag an Tor Ghlas. Tháinig Bonnaí Dubha chun an bhaile agus é breá sásta go bhfuair sé an lámh in uachtar ar an diabhal, agus bhí sé ansin.

Ach bhí sé amuigh oíche eile agus goidé a tháinig ach oíche mhillteanach sneachta, agus bhí an sneachta comh trom agus go rabh eagla ar Bhonnaí Dubha nach rabh sé ag gabháil a dhéanamh. Smaoitigh sé cupla uair ar luí síos ins an tsneachta, agus dar leis féin ar ais, ‘má luighim, ní éireochaidh mé a choíche.’ Ach fá dheireadh tháinig sé a fhad le áit, agus d’amharc sé thart agus chonacthas dó go bhfaca sé caisleán den chineál chéanna a chonaic sé an chéad uair. Chuaigh sé go doras an chaisleáin, ach bhí an doras druidte ins an chaisleán seo. Bhuail sé tailm ar dhoras an chaisleáin agus amach le fear galánta.

‘Goidé faoi Dhia atá tú a dhéanamh ag doras ar bith an t-am seo dhe oíche’, arsa an fear an toigh leis, ‘nó goidé atá tú a iarraidh?’

‘Bhail, níl mé ag iarraidh a dhath ar bith’, arsa Bonnaí Dubha, ‘ach foscadh na mballaí a gheall ar Dhia go maidin. Ná, má bhím amuigh faoi seo go maidin ní thiocfaidh mé isteach a choíche beo, agus nach mór an truaighe do aon duine mo bhás a bheith air?’

‘Bhail, is mór an truaighe tú a chur ó dhoras an oíche atá ann’, arsa fear an toigh, ‘gabh isteach’, agus chuaigh Bonnaí Dubha isteach. Bhí tinidh ghalánta thíos ar an teallach agus cathaoir shócúlach os coinne na tineadh amach.

‘Bí i do shuí’, arsa fear an toigh, ‘agus déan do scíste, agus’, arsa seisean, ‘thig leat fanacht ansin go maidin, agus ar eagla nach mbeifeá ábalta ar codladh, an bhfuil a dhath ar bith a ba mhaith leat a fháil?’

‘Bhail, ba mhaith liom dá bhfaighinn paca cardaí’, arsa Bonnaí Dubha, ‘chuirfeadh siad thart an oíche domh.’

‘Bhail, gheobhaidh mise sin duid.’

D’imigh fear an toigh. Tháinig sé agus paca na gcardaí leis. Thug sé do Bhonnaí Dubha iad agus ansin d’imigh fear an toigh. Bhí Bonnaí Dubha ag uthairt leis ar na cardaí tamalt go dtí gur éirigh sé tuirseach daofa agus ansin, dar leis, ‘nár fhéad mé mé féin a shíneadh ar an urlár ar gcladach na tineadh agus néal a chodladh?’ Thug sé iarraidh éirí, ach bhí sé greamaithe den chathaoir agus an chathaoir greamaithe den urlár, agus ní rabh sé ábalta ar bogadh as an áit a rabh sé. Mar sin féin, lig sé é féin siar ins an chathaoir agus thit sé ina chodladh. Bhí sé ina luí ansin ina chnap chodlata nuair a tháinig fear an toigh isteach ar maidin agus fuair sé Bonnaí Dubha agus a bhéal leathfhoscailte, agus a chlaigeann caite siar, sa chathaoir, agus é ina chodladh. Leag fear an toigh a lámh ar ghualainn Bhonnaí Dubha agus d’iarr sé air éirí, go rabh an t-am aige a bheith ina shuí. Thug Bonnaí Dubha léim ina shuí.

‘Ó’, arsa seisean le fear an toigh, ‘tá mé i mo shuí anois. Thug mé iarraidh éirí roimhe sin agus ní rabh mé ábalta. Bhí mé greamaithe den chathaoir agus an chathaoir greamaithe den urlár.’

‘Ó, níl ansin ach rud a shíl tú’, arsa fear an toigh.

Leis sin féin, chuaigh Bonnaí Dubha a chruinniú suas na gcardaí le iad a fhágáil sa dóigh a bhfuair sé iad, agus goidé a tháinig isteach ar an doras ach an Bás.

‘A Bhonnaí Dubha Ó Dubhthaigh’, arsa an Bás, ‘tá tú ag gabháil a bheith liomsa díreach anois.’

‘Bhail, tá sin maith go leor. Beidh mé leat’, arsa seisean, ‘ach suigh ansin bomaite. Níl mé réidh le gabháil go fóill’, ag tabhairt na cathaoire do—Bhás. Shuigh an Bás síos ins an chathaoir. Tamalt ina dhéidh sin, arsa an Bás le Bonnaí Dubha, ‘an bhfuil tú réidh anois?’

‘Tá mise réidh’, arsa seisean, ‘má tá tusa réidh.’

Thug an Bás iarraidh éirí, ach bhí sé greamaithe den chathaoir agus an chathaoir greamaithe den urlár.

‘Lig ar shiúl amach as seo mé’, arsa an Bás le Bonnaí Dubha.

‘Maise, cha ligim ná a shaothar orm’, arsa Bonnaí Dubha, ‘nó tá mé tuirseach go leor duid mar atá mé agus gan a ghabháil a thabhairt cead do chinn anois duid.’

Leis sin féin, isteach le Aingeal an Bháis.

‘Comh tiubh géar agus a thig leat, a Bhonnaí Dubha’, arsa Aingeal an Bháis, ‘scaoil an Bás agus lig ar shiúl é.’

‘Goidé a bheifeása a rá?’, arsa Bonnaí Dubha, agus chuir sé a dhá lámh leis an Aingeal agus d’fhág sé ag srathnaigh i mullach an Bháis an tAingeal. Ghreamaigh an tAingeal den Bhás agus an Bás den chathaoir agus an chathaoir den urlár, agus bhí léim an dorais ag Bonnaí Dubha. D’imigh sé sna featha fásaigh ag déanamh oiread deifre agus a thiocfadh leis le fáil ar shiúl ar an Bhás ach, leis sin féin, isteach le fear an toigh ar ais. Lig sé a chionn leis an Bhás agus leis an Aingeal, agus d’imigh an tAingeal agus an Bás go dtáinig siad a fhad le—agus ní rabh sé i bhfad go dtí go bhfuair siad greim ar Bhonnaí Dubha.

‘Tá tú gaibhte anois’, ar siad sin.

‘Bhail, má tá féin’, arsa seisean, ‘níl neart air.’

Chuaigh an tAingeal agus an Bás—duine acu ar achan taoibh de Bhonnaí Dubha—agus thug siad leo é agus chuaigh siad díreach go geaftaí na bhflaitheas.

‘Cé atá libh anois?’, arsa Naomh Peadar.

‘Bonnaí Dubha Ó Dubhthaigh’, arsa siad sin.

‘Ó, ní bhfaighidh Bonnaí Dubha Ó Dubhthaigh ar bith isteach anseo’, arsa seisean. ‘Bí ar shiúl’, arsa seisean.

‘Bhail, cá háit a rachaidh mé’, arsa Bonnaí Dubha, ‘mur bhfuil áit agadsa fá mo choinne?’

‘Bhail, gabh go dtí an chéad doras, siúil leat giota mór fada’, arsa seisean, ‘agus an chéad doras a chasfar ort ar thaoibh do láimhe clí, gabh a fhad leis agus tá mé cinnte go ligfidh siad sin isteach thú.’

D’imigh sé leis—an duine bocht—go dtí go rabh sé tuirseach ag siúl, agus fá dheireadh tháinig sé a fhad leis an doras ar thaoibh a láimhe clí agus bhuail sé ag an doras. Cuireadh ceist air ón taoibh astoigh goidé a bhí sé a iarraidh nó cé hé féin. D’inis sé gur Bonnaí Dubha Ó Dubhthaigh a bhí ann agus go rabh sé ag iarraidh fáil isteach. ‘Bhail, más tú Bonnaí Dubha Ó Dubhthaigh, bí ar shiúl. Níl áit ar bith anseo fá do choinne. Is tú a cheangail an Bás agus Aingeal an Bháis, agus an té a rinn sin níl áit ar bith anseo dó. Bí ar shiúl.’

‘Agus cá háit a rachaidh mé?’

‘Bhail, níl a fhios againne cá rachaidh tú, ach bí ar shiúl.’

D’imigh sé. Chuaigh sé go dtí an tríú doras, ach bhí an manadh céanna fána choinne ansin. Ní ligfí isteach é. D’imigh sé. Dar leis féin, ‘níl an dara suí sa bhuailidh agam ach iarraidh a thabhairt ar na flaithis ar aist go bhfeicí mé goidé a thig liom a dhéanamh le Naomh Peadar.’ Chuaigh sé chun na bhflaitheas.

‘Nár inis mise duid’, arsa Naomh Peadar, ‘nach bhfuil áit ar bith anseo fá do choinne agus nach bhfuil tú ag fáil isteach?’

‘Agus cá háit a rachaidh mé, bhail, mur bhfaghaí mé isteach anseo?’

‘Is cuma liomsa cá háit a rachaidh tú’, arsa seisean, ‘ach níl tú ag fáil isteach anseo.’

‘Bhail, foscail an doras’, arsa seisean, ‘go dtí go bhfaghaí mé amhanc amháin isteach.’

‘Ní fhosclóchaidh mé a dhath den tseort’, arsa Naomh Peadar. ‘Bí ar shiúl.’

Leis sin féin, seo an tAthair Síoraí—Dia na Glóire. Bhuail truaighe Dia na Glóire. ‘Á’, arsa seisean le Naomh Peadar, ‘má níonn sé maith ar bith dó amharc isteach’, arsa seisean, ‘foscail an doras’, arsa seisean, ‘agus lig dó amharc isteach.’

D’fhoscail Naomh Peadar an doras agus d’amharc Bonnaí Dubha bocht isteach, agus an t-amharc a chonaic sé, ní fhaca sé a leithéid dhe áit ghalánta riamh aroimhe ina shaol. Ní rabh a fhios aige goidé a bhí sé a dhéanamh. Chuir sé suas a lámh agus bheir sé ar hata smolchaite a bhí ar a chlaigeann agus chaith sé fad a urchair isteach i lár an toigh sna flaithis an hata, agus nuair a bhí sin déanta aige, mar a bheadh sé ag smaoitiú go dtearn sé sin agus nár cheart dó a dhéanamh.

‘Ó, a Naomh Peadar’, arsa seisean, ‘caith amach an hata sin ar ais chugam.’

‘Ní chaithim a dhath den tseort, a mhaistín gan mhúnadh’, arsa Naomh Peadar. ‘Ní théanfaidh mé é. Gabh isteach agus tabhair leat é.’

Léim Bonnaí Dubha isteach agus bheir sé ar an hata. Chuir sé an hata ar a chlaigeann agus bhí suíochán deas sócúlach agna thaoibh agus shuigh sé síos ins an tsuíochán.

Aníos le Naomh Peadar; ‘éirí amach as sin’, ar seisean, ‘agus gabh amach ar an doras.’

‘Ó, tá mé i gceart an áit a bhfuil mé’, arsa seisean; ‘nach bhfuil mé sna flaithis?’

‘Níl tú i gceart ná leath i gceart’, arsa seisean, ‘agus caithfidh tú a ghabháil amach as seo.’

Leis sin féin, seo Aingeal an Bháis: ‘is tú a rinn iarraidh príosúnach’, arsa sise, ‘a dhéanamh domhsa agus den Bhás nuair a bhí muid ar an tsaol úd eile, agus anois’, arsa sise, ‘níl tú ag gabháil a bheith anseo.’

Chuaigh duine acu ar achan taoibh dó agus ní rabh siad ábalta ar é a chur amach, ach chruinnigh siad air; chruinnigh scaifte air agus caitheadh amach—go dtí go caithfí amach ar an doras é agus go ndruidfí doras na bhflaitheas ina éadan. Nuair a bhí sin déanta mhothaigh sé é féin ag éirí fuar, agus dar leis féin, ‘chuir siad amach mé i gan fhios domh.’ Agus d’éirigh sé fuar agus d’amhanc sé—chonaic sé an spéir agus chonaic sé na réalta, agus d’amhanc sé agus bhí an sneachta ansin—é ina luí sa tsneachta agus garda mór graifleach agus greim gualann aige air á thógáil as an tsneachta.

‘Bhail, a Dhia’, arsa Bonnaí Dubha leis an gharda, ‘an bhfuil a fhios agad go rabh brionglóideach shaoithiúil agam’.

Thoisigh sé a dh’inse dó goidé.

‘Bhail, tá tú i gceart’, arsa an garda, ‘ná bíodh eagla ort go ndruidfear an doras romhad ins an áit a bhfuil mise a do thabhairt. Tá mise a do thabhairt an áit a bhfaighidh tú lóistín agus tá tú cinnte dó.’

Thug sé díreach chun na beirice é agus ba é sin Bonnaí Dubha Ó Dubhthaigh bocht. Ina luí sa tsneachta a bhí sé i rith an ama.