Scéal Cholm Cille

John Ghráinne Ó Duibheannaigh

Bhí Colm Cille ina chónaí san áit seo am amháin ach, leoga, fear cruaidh ceachartha. Ní thabharfadh sé déirce do dhuine ar bith, agus b’fhéidir, dá dtigeadh duine isteach agus ocras air agus bia á láimhdeachas ag Colm Cille, go rannfadh sé an bia leis, ach pingin ná leathphingin agus ní thabharfadh sé do dhuine ar bith ar shéala déirce.

Bhí sé lá amháin, mar Cholm Cille, amuigh sa gharraí agus é ag cur uisce ar a chuid tortha agus blátha, agus ní rabh astoigh sa teach ach an cailín aimsire a bhí aige, agus leis sin féin goidé a tháinig isteach ar an doras, le, fear bocht díoblaí, agus d’iarr sé déirce ar an chailín aimsire.

‘Bhail’, arsa an cailín aimsire, ‘ní thig liom déirce ar bith a thabhairt duid.’

‘Bhail, an dtig leat a inse domh cad tuigh nach dtig leat déirce a thabhairt domh?’, arsa an fear bocht.

‘Bhail, níl ionam ach cailín bocht seirbhís’, arsa an cailín, ‘agus ní thabharfaidh mo mháistir cead domh déirce a thabhairt do dhuine ar bith.’

Bhí sí ag fuineadh aráin san am agus d’úirt sé léithe go rabh ocras air agus an dtabharfadh sí crág den taos dó. Thug sí crág den taos dó, ach d’uthairt sé suas eadar a lámha é agus rinn trí chuid dó agus chaith sé isteach sa tinidh é agus, mar a shlogfadh an t-aer nó an talamh é, d’imigh sé agus ní fhaca sí níos mó é.

Leis sin féin, goidé a d’fhás amach as an tinidh, an áit ar chaith sé na trí phíosa den taos isteach, ach trí chrann ghalánta ghlasa. D’fhás siad suas an simléar agus amach ar bharr an tsimléir. Bhí Colm Cille amuigh sa gharraí, mar a d’úirt mé, agus tógaidh sé a chionn agus tí sé na crainn dheasa ghlasa seo ag fás amach ar bharr an tsimléir, agus mur rabh iontas air ní lá go fóill é. Isteach leis.

‘Goidé’, ar seisean leis an chailín aimsire, ‘na crainn ghlasa atá ag fás suas an simléar agus amach ar bharr an tsimléir?’

‘Ó, bhail’, arsa an cailín, ‘ní fhaca mise crainn ar bith.’

‘An rabh aon duine astoigh anseo?’, arsa seisean.

‘Bhail, tháinig fear bocht isteach ansin ar bhun an urláir ar ball’, arsa sise, ‘agus d’iarr sé déirce agus b’éigean domh é a dhiúltú. D’úirt mé nach rabh cead agam déirce a thabhairt do dhuine ar bith. D’úirt sé go rabh ocras air agus d’iarr sé rud beag den taos domh agus thug mé sin dó. D’uthairt sé suas eadar a lámha é agus chaith sé isteach sa tinidh é.’

Agus, arsa seisean, ‘ó, a Dhia, a Dhia na ngrás’, arsa Colm Cille, ‘pheacaigh mise go trom’, ag cathamh uadh an channa a bhí eadar a lámha aige agus ag imeacht sna featha fásaigh i ndéidh an bhoicht.

Cé a bhí san fhear bhocht, do bharúil, ach an tAthair Síoraí a tháinig i gcosúlacht, nó i gcruthaíocht, fear bocht. Tháinig Colm Cille a fhad leis an Athair Síoraí a bhí ina sheasamh ansin agus d’amharc an tAthair Síoraí thart nuair a chuala sé an ga seá ag teacht ina dhéidh, fear—puirtleog de fhear chothaithe ramhar a bhí in Colm Cille. Agus tháinig sé a fhad leis an Athair Síoraí agus chaith sé é féin ar a dhá ghlún agna chosa agus d’iarr sé maithiúnas ar ár Slánaitheoir.

‘Cad tuigh’, ar seisean leis—ár Slánaitheoir, ‘nuair a thug tú mo sháith domh le hithe nach dtug tú mo sháith de chroí domh?’

‘Bhail’, arsa an Slánaitheoir, ‘thug mé toil shaor duid agus sin a dtiocfadh liom a dhéanamh.’

Ach nuair a chaith Colm Cille é féin síos ar cosa an tSlánaitheoir réab mealltaí a chos agus tháinig geir amach as mealltaí a chos. Chrom ár Slánaitheoir síos agus thóg sé an gheir agus thug sé do Cholm Cille ina lámha í—an gheir—agus ansin chumail sé a lámh de na cneadhacha a bhí ar mhealltaí chosa Cholm Cille, agus chneasaigh sé suas iad agus leigheas sé é.

‘Anois’, ar seisean, ‘gabh chun an bhaile agus cuir bocsa ar an doras agus cuir a bheagán nó a mhórán airgid achan lá sa bhocsa, agus nuair a thiocfas bochtán Dé chun an dorais chugad, níl ag an bhochtán ach a lámh a chur sa bhocsa agus an déirce a thabhairt leis, agus’, arsa seisean, ‘tabhair leat agus cuir bocsa ar an doras, mar a d’úirt mé, agus níl aige ach a lámh a chur sa bhocsa. Ach san am i láthair, cuir an gheir sin faoi bhéal pota go cionn cheithre n-uaire fichead agus tiocfaidh rud inteacht amach as an gheir a rachas ar sochar do na daoiní.’

D’imigh Colm Cille chun an bhaile. Thug sé leis an gheir agus chuir sé faoi bhéal pota í, agus bhí an cailín aimsire á choimheád agus é ag déanamh meadhráin daoithe goidé faoi Dhia a bhí ag gabháil ar aghaidh, agus nuair a fuair sí faill ar Cholm Cille, d’amharc sí faoi bhéal an phota agus ghoid sí cuid den gheir. Agus chuir sí faoi bhéal babhail an gheir.

Dar léithe féin, ‘tífidh mé goidé a thiocfaidh amach as seo.’

Nuair a bhí na ceithre huaire fichead thart, thóg Colm Cille an pota agus goidé a reathfadh amach as faoi bhéal an phota ach scaifte de mhuca beaga deasa óga.

Dar leis an chailín aimsire, ‘níl a fhios agam goidé atá faoin bhabhal?’ Agus chuaigh sí go dtí an babhal agus thóg sí an babhal agus goidé a reathfadh amach as faoin bhabhal ach scaoth de luchógaí beaga, agus d’fhág sin ó shin nach bhfaghann an luchóg a dhath ar bith ach an rud a ghoidfidh sí, nó goidte a bhí a hábhar féin. Ghoid an cailín aimsire as faoi bhéal an phota ábhar na luchóige agus sin an rud a d’fhág ó shin gur goidte do ábhar na luchóige agus nach bhfaghann an luchóg aon ghreim ach an greim a ghoidfidh sí.

Ins an am i láthair, chuir Colm Cille an bocsa ar an doras, mar a d’úirt mé, agus achan lá, chuireadh sé pingin nó leathphingin ann, nó cineál inteacht airgid, agus an lá seo, cé bith cuisle a scaoil ann, mar Cholm Cille, chuir sé scilling sa bhocsa agus go díreach i ndéidh an scilling a chur sa bhocsa tháinig scafaire de fhear ligthe ghasta, éadrom i gceart ar a chois, agus chuir sé a lámh sa bhocsa agus thug sé leis an scilling agus d’imigh sé.

Dar leis an fhear eile—dar le Colm Cille, ‘nach millteanach an cás seo agus nach olc atá an saol rannta? An fear sin, ina fhear ligthe ghasta, agus é ar shiúl leis an scilling a chuir mé sa bhocsa.’

Ach níor chuir sé an lá arna mhárach sa bhocsa ach leathphingin agus, go díreach i ndéidh an leathphingin a chur ann, tháinig seanduine beag bocht anróiteach agus gan coiscéim san uair ann. Agus tháinig sé go dtí an doras. Chuir sé a lámh sa bhocsa agus ní bhfuair sé ach an leathphingin, agus d’imigh sé agus é ag titim ar an bhata.

Dar leis—Colm Cille, ‘nach olc atá an saol rannta agus nach bocht an rud seo?’, agus d’imigh sé amach ar an doras, mar Cholm Cille, ag monamar leis féin. Agus d’imigh sé agus ní theachaigh sé i bhfad go dtí gur casadh ár Slánaitheoir air. Chuir ár Slánaitheoir ceist air goidé a rabh sé ag smaoitiú air; ‘ach’, arsa ár Slánaitheoir, ‘tá barúil agam féin goidé a bhfuil tú ag smaoitiú air.’

‘Ó, tá a fhios agad go hiontach maith é’, arsa Colm Cille, ‘goidé a bhfuil mé ag smaoitiú air. Chuir mé scilling sa bhocsa inné, nó athrú inné, agus tháinig fear cruaidh gasta nach rabh moill air lá oibre a dhéanamh, b’fhéidir níos fhearr ná mé féin, agus d’imigh sé agus an scilling leis. Agus inniu chuir mé leathphingin sa bhocsa agus tháinig anás de fhear bhocht nach rabh coiscéim san uair ann agus nach mó ná go rabh sé ábalta ar a lámh a thógáil lena lámh a chur sa bhocsa, agus ní bhfuair sé ach leathphingin. Níl an saol rannta mar is ceart ar chor ar bith’, arsa seisean le ár Slánaitheoir.

‘Ó, níl ansin’, arsa ár Slánaitheoir, ‘ach rud a shíleas tú féin. Títhear domhsa go bhfuil an saol rannta ar dóigh iontach mhaith’, arsa seisean. ‘An fear sin’, arsa seisean, ‘a fuair an scilling, tá sé ina shuí anois’, arsa seisean, ‘i dteach an ólacháin agus scaifte thart air agus é ag cathamh na scillinge sin fá chroí mhór mhaith. Agus an t-anás bocht a tháinig go dtí an doras agus nach bhfuair ach an leathphingin, ní rabh a dhíobháil ar an fhear sin ach an leathphingin sin leis an chéad punta a dhéanamh amach, agus tá sé ina luí anois ar bhruach a leithéid seo de abhainn agus é ag fáil bháis. Agus bí thusa ar shiúl comh tiubh géar agus a thig leat agus gabh a fhad leis agus b’fhéidir go mbeadh sé beo, agus b’fhéidir nach mbeadh, nuair a gheofá a fhad leis, ach nuair a amharcóchaidh tú agus a rachaidh tú fríd a phócaí, gheobhaidh tú an t-airgead agus tá céad punta ann. Agus’, ar seisean, ‘caith an céad punta sin amach san abhainn.’

Chuaigh Colm Cille mar a d’úirt ár Slánaitheoir agus fuair sé an fear ina luí i ndéidh síothlódh ar bhruach na habhna—bhí sé marbh. Agus chuaigh Colm Cille fríd a phócaí agus fuair sé an t-airgead, agus nuair a chuntais sé é, bhí an céad punta gan fiú an leathphingin ann. Ach ní ligfeadh a chroí do Cholm Cille céad punta a chathamh amach san abhainn. Chuir sé an céad de phunta ina ochras agus d’imigh sé agus tháinig sé a fhad le ár Slánaitheoir.

‘An bhfuair tú an fear marbh?’, arsa ár Slánaitheoir.

‘Fuair’, arsa seisean.

‘An bhfuair tú an t-airgead?’

‘Fuair.’

‘Agus ar chaith tú amach san abhainn é?’

‘Maise, níor chaith’, arsa Colm Cille, ‘ní rabh mé ábalta ar a chathamh amach san abhainn. Dar liom gur mhillteanach an rud céad punta a chathamh amach san abhainn a chruinnigh an créatúir sin ó dhoras go doras ina leathphingneacha agus ina phingneacha agus a rá is dó go rabh mise a ghabháil a chathamh amach san abhainn. Ní rabh mé ábalta a dhéanamh, ach’, ar seisean, ‘thug mé liom é agus cuirfidh mé é i mbocsa na déirce atá ar an doras agus tiocfaidh sé isteach maith ag duine inteach.’

‘Dhéanfaidh tú an rud a d’iarr mise ort’, arsa ár Slánaitheoir. ‘Rachaidh tú agus caithfidh tú fad d’urchair amach san abhainn é, agus b’fhéidir fá chionn míle eile bliain go bhfaigheadh duine inteacht é a bhainfeadh sult agus sásamh as agus a rachadh sé ar sochar dó. Níorbh fhiú é a choíche dó astoigh i bpóca an tseanduine sin. Ní bhainfeadh aon duine a choíche sult ná sásamh amach as. Bheadh sé ansin a choíche—go deo—agus gheobhaidh duine inteacht é, mar a d’úirt mé, a bhainfeadh sult agus sásamh as.’

B’éigean do Cholm Cille imeacht agus an céad punta a chathamh amach san abhainn, agus phill sé chun an bhaile agus, leoga, gan é sásta. Agus sin an rud a fhágas ó shin, nó tá sé ráite ariamh anall, airgead ar bith á bhfaghann na sagairt a súile air gur maith leofa é a bheith acu féin.

Agus sin anois scéal Cholm Cille agad, go ndéanaí Dia a mhaith air, agus scéal a chuireas iontas ar go leor.