Taiscidh Ghleann Domhain

Owenie Beag Mac Suibhne

Bhí deartháir agus deirfiúr uair amháin ina gcónaí i nGleann Domhain. Eoghan Ó Dochartaigh a bhí ar an deartháir agus Gráinne a bhí ar an deirfiúr. Bhí siad beo bocht sa tsaol. Ní rabh acu ach ó inniu go dtí amárach is ón lámh go dtí an béal. Bhí siad ina chónaí i dteach beag cionn tuí ar bhruach locha.

Bhí tiarna talamh i dtreis in Gleann Domhain ag an am agus bhí bólacht mhór caorach aige i gcuid sléibhte Ghleann Domhain. Bhí trí shréadaí aige ag coimheád na gcaorach. Bhí cionn de na sréadaithe seo a bhí ar leathchois agus ba ghnách leis a thiomáint go dtí an tsléibhe le meainc beag a bhí aige, agus ba ghnách leis fosta a ghabháil isteach chuig Eoghan Ó Dochartaigh agus a scríste a dhéanamh; bhí sé mar teach aitheantais aige. Chuaigh Eoghan a luí oíche amháin agus rinn sé brionglóid go rabh sé thall i Londain is go bhfuair sé saibhreas mór ina luí ar dhroichead Londain. Chuaigh sé a luí an darna oíche agus bhí an bhrionglóid céanna aige aríst, is bhí sé aige an tríú hoíche mar an gcéanna. An tríú maidin mhuscail Eoghan. Chuir sé iontas mór sa bhrionglóid seo a bhí aige—eisean brionglóid a dhéanamh fá áit nár bhfaca sé, nár chuala sé mórán trácht ariamh.

Nuair a tháinig an sréadaí isteach an lá sin d’inis Eoghan an scéal dó fán bhrionglóid a bhí aige agus, ‘dá mbeadh gléas orainn rachainn ann mar tá a fhios agam go bhfuil saibhreas mór ina luí romham’, a d’úirt Eoghan.

‘Bhail’, arsa an sréadaí, ‘bhéarfaidh mise cuidiú duid a bhéarfas ann tú.’ Agus thug sé an cuidiú sin dó.

An tráthnóna sin d’imigh Eoghan. Nuair a shroich sé Londain bhí sé dorcha agus stop sé i dteach lóistín fá choinne na hoíche. Maidin an lá arna mhárach chuaigh Eoghan amach fríd Londain go dtí go dtáinig sé go dtí an droichead a bhí sa bhrionglóid aige. Shiúil sé anonn agus anall ar an droichead ag cuartú an tsaibhris. Bhí fear uasal ina sheasamh ar an droichead ag léamh páipéar nuaíocht. Chuir sé ceist ar Eoghan ar chaill sé rud ar bith. D’úirt Eoghan, ‘níor chaill’, agus d’inis sé dó go rabh sé thall in Éirinn is go rinn sé brionglóid trí oíche i ndéidh a chéile go rabh sé abhus anseo i Londain agus go bhfuair sé saibhreas mór ina luí ar dhroichead Londain.

‘Níl a dhath ann ach amaidí’, arsa an fear uasal. ‘Bhí mise ina luí aréir agus rinn mé brionglóid go rabh mé thall in Éirinn; go rabh mé ag stopadh i dteach beag cionn tuí ar bhruach locha; go rabh garraí ag bun an toigh is go rabh crann ag fás sa gharraí is thíos faoin crann bhí croc óir. Ach, mar an gcéanna le do scéalsa níl a dhath ann ach amaidí.’

Nuair a chualaidh Eoghan iomrádh ar teach beag cionn tuí ar bhruach locha agus an garraí ag bun an toigh, bhí a fhios aige gur a theach féin a bhí ann is bhain sé na bonnaí as. Agus dá mbeadh deifre air ag gabháil go Londain, bhí a dhá oiread deifre air ag tarraingt go Gleann Domhain ar aist. Nuair a shroich sé an bhaile chuir Gráinne ceist air ar bhfuair sé rud ar bith. D’úirt seisean nach bhfuair, is níor lig sé a dhath air féin.

Le héirí na gréine chuaigh Eoghan amach leis an spáid agus thochail sé síos ceithre troithe in aice an chrainn go dtí go dtáinig sé go dtí an leac seo. Thóg sé an leac agus thíos faoin leac bhí croc óir. Thóg sé an ór agus leag sé anall é, agus bhí neart le hithe acu agus neart le hól acu. Cheannaigh sé eallach agus caora agus chuir sé ar cuid sléibhte Gleann Domhain iad, agus thug sé sínteanas maith don tsréadaí mar an gcéanna a chuidigh leis.

Bhí scríbhinn ar dhá thaobh na leice nach rabh aon duine in Gleann Domhain ábalta a léamh ná tuigbheáil. Aoine amháin bhí Eoghan amuigh sa chaorán is rinn Gráinne brúitíní fá choinne an dinnéar. Nuair a bhí na brúitíní brúite tháinig an fhear siúil seo isteach. Chuir Gráinne ceist air ar mhaith leis gráinnín de na brúitíní. D’úirt seisean gur mhaith. Chuir sí im tíre agus uachtar mar anlann iontu agus thug sí babhal mór bainne dó fosta le ól leis. Chonaic Gráinne é ag amhanc thart ar an leac, mar bhí an leac i gcónaí astoigh ag Gráinne ag cladach na tineadh. An t-am seo chuir Gráinne ceist air an rabh sé ábalta tuigbheáil ar bith a bhaint as. D’úirt seisean go rabh, is go rabh sé iontach simplí: ‘más maith an taobh seo is fearr i bhfad an taobh eile.’

‘Tím’, arsa Gráinne.

Nuair a bhí a sháith ite aige d’imigh an fhear siúil. Nuair a tháinig Eoghan isteach an lá sin d’inis Gráinne an scéal dó fán fhear agus an rud a d’inis sé daoithe. Níor ghlac Eoghan bomaite. Chuaigh sé amach leis an spáid agus thochail sé síos ar an taobh eile den chrann go dtí go dtáinig sé go dtí an leac seo a bhí dúbailte comh mór leis an chéad cionn. Thóg sé an leac agus thíos faoin leac bhí croc óir a bhí dhá uair comh mór leis an chéad cionn. Thug sé an ór agus an leac isteach chun an bhaile, agus tá muintir Ghleann Domhain agus muintir Eoghan Ó Dochartaigh ag gabháil ar rothaí an tsaoil ó shin leis an saibhreas mór a fuair Eoghan Ó Dochartaigh ag bun an chrainn.