Deoraí an Oileáin

Bríd Anna Ní Bhaoill

 Bríd Anna a chum

Seo dán a scríobh mise, Bríd Anna, fá oileán álainn Thoraigh, atá ar chósta Thír Chonaill, fá choinne an Chomórtas an Bhéal Binn i naoi déag naocha is a hocht, agus d’úirt Damien an dán seo—Damien Ó Dónaill—agus d’éirigh leis an chéad áit a bhaint amach i gComórtas an Bhéal Binn ina rannóg féin, chomh maith le Comórtas Deis A Labhartha ag Éigse Sheán Bhán. Sa dán seo cuirim síos ar dhuine a bhí ar shiúl ar deoraíocht óna oileán dhúchais agus gur bhreá leis pilleadh arís go Oileán Thoraigh ar chósta Thír Chonaill.

Ó, a oileán bheag dhílis Thoraigh, is álainn an áit thú.
Is ann a chaith mise tamalt de mo shaol gan bhuaireamh gan bhrón.
Is iomaí lá breá pléisiúrtha a shuigh mé ar bharr na mbeann,
Mé ag coimheád na n-iascairí ag tógáil na seolta,
Is mise ag éisteacht le ceol binn na n-éan.

Tá radharc aoibhinn álainn ón oileán ag amharc amach go bun na spéire.
Tá na bádaí is na curaigh ag luascadh sna tonnaí,
Is na héanacha mara ag scairtigh go léanmhar.

Tá cliú agus cáil ar na scríbhneoirí,
Ar na healaíontóirí, amhránaithe is ceoltóirí.
Ó, is aoibhinn an t-oileán é ar chósta álainn Dhún na nGall.
Tá fáilte i gcónaí romhad ar an oileán bheag seo, Oileán Thoraigh.
Tá ceol, craic is spraoi le fáil ann ó mhaidin go dtí an oíche.

Trasna na dtonnta gach uile lá a théann an Tor Mór
Ar an turas anonn agus anall.
Ach, faraor, níl mise in ann a bheith air,
Mar tá an aois ag teacht go gasta orm
Is mé ag tarraingt ar an uaigh.

Óch, nár dheas a bheith aríst ann
Ar laethanta glórmhara an tsamhraidh,
Agus na sluaite ag siúl thart
Ar an oileán álainn seo amuigh i lár na dtonn.