Gan ‘É’, Gan ‘Á’, Gan ‘Agus’

Annie Bhán Nic Grianna

Bhí fear uasal ina chónaí anseo fada ó shin agus bhí níon ghalánta aige, agus shíl sé féin nár shoilsigh grian ná gealach ar a leithéid. Ach is cuma goidé comh deas agus a bhí sí, ba chuma cén fear a tháinig, gan pingin a bheith ar a thús nó ar a dheireadh, gheobhadh sé í ach é a bheith ábalta scéal a inse gan é, gan á, gan agus. Agus mur mbeadh siad ábalta an scéal a inse gan é, gan á, gan agus, bhí an chluas le cailleadh acu, sin nó suim mhór airgid le fágáil síos. Agus ba é sin brí an iomráidh—an tsuim an airgid a fhágáil síos.

Ní thiocfadh duine ar bith a dh’amharc orthai ar chor ar bith, ná á hiarraidh, ach an fear a bhí ina rith ar rothaí an tsaoil. Ní rabh maith ann. Ní rabh a fhios ag an fhear uasal cén lámh a rabh sé ag luí orthai, ar mhéad agus a bhí de dh’airgead aige. Ní rabh aon duine ábalta an scéal a inse gan é nó á nó agus a bheith in áit inteacht ann.

Bhí diúlach amháin ann ina chónaí amuigh i gcúl na gcnoc. Bhí deis a labhartha agus eagar a chinn aige, ach goidé an mhaith sin? Rugadh faoin chinniúint é nach dtiocfadh a thabhairt in éifeacht. Ba iomaí uair a smaoitigh sé go bhféadfadh sé níon an fhir uasail a bhaint amach, ach ansin dá mbeadh é nó á nó agus ins an scéal bhí an chluas caillte ag mo dhuine bocht. Ach smaoitiú agus smaoitiú, ón bheagán go dtí an mórán, gur dhíol sé amach ar bhain dó. D’imigh sé chun an bhaile mhóir, cheannaigh culaith dheas éadaigh, hata agus bróga agus mála, agus d’imigh sé go dtí teach an fhir uasail. Casadh an ainnir taobh amuigh dhen doras dó.

‘Is tú mo rogha ar fhearaibh an domhain’, ar sise, ‘ach goidé an mhaith sin? Ní mé atá le hionsaí agad ach m’athair.’

‘Déan thusa mar a iarrfaidh mise ort’, ar seisean, ‘bailigh agus folaigh a dtig leat, agus beidh tú liomsa roimh an mheán oíche go fóill.’

Tháinig sé isteach. Tháinig an fear uasal. Chroith sé lámh leis. Níorbh fhada gur chuir sé ceist air ar mhaith leis an bhean óg a fheiceáil.

‘Níor chuir mná óga ná mná uaisle buaireamh ar bith ariamh orm’, adeir seisean, ‘is ní fiú domh anois a ghabháil a bhuaireamh mo chlaigne leo.’

Shuigh sé a dh’ól tamalt, agus adeir sé leis an fhear uasal, ‘cá hainm Gaeilice an t-uisce beatha?’

Ní rabh an fear uasal faoi shotal dó: ‘meadhar’, adeir sé.

‘Bhail, cá hainm Gaeilice an t-uisce seo’, adeir sé, ‘a ndéan achan duine úsáid dó?’

‘Nigh an iomataí’, adeir sé.

‘Cá hainm Gaeilice’, adeir sé, ‘do bhróga?’

‘Sochar bhoinn’, adeir sé.

‘Cá hainm Gaeilice an madadh?’, adeir sé.

‘Sodar’, adeir fear an toigh.

‘Cá hainm Gaeilice an cat?’

‘Sómhas.’

‘Cá hainm Gaeilice an tinidh?’

‘Glóir.’

‘Cá hainm Gaeilice an leabaidh?’

‘Suaimhneas.’

Ní rabh de sin ach sin … .

D’amhanc sé amach. Chonaic sé an bhean óg.

‘Cá hainm an cailín óg?’, adeir sé.

‘Doib’, adeir an fear uasal, agus dar leis féin, ‘b’fhéidir go dtabharfá toil daoithe’.

Ach ní thug.

Ní rabh de sin ach sin go dtí go dteachaigh siad uilig a luí, ach chan a luí a chuaigh mo dhiúlach ach a dh’obair. Thug sé leis cnap ime agus d’uthairt sé isteach i mbróga fhear an toigh é, agus chaith sé chuig an mhadadh iad agus d’ith an madadh iad. Scab sé crúiscín biotáilte fríd an teach. Cheangail sé tlámán barraigh de ruball an chait. Thug sé lasóg don bharrach. D’fhoscail sé isteach doras an tseomra a rabh muintir an toigh ina gcodladh ann agus reath an cat fríd an uisce bheatha. Thug sé iarraidh ar an leabaidh. Bhí léim an dorais ag an diúlach.

‘Éirigh i do shuí’, ar seisean, ‘… an toigh.
Sin glór le sómas in aice do shuaimhnis.
Mur bhfuil agad mórán de nigh an iomataí
Loiscfear do ríocht.
D’ith sodar sochar bhoinn.
Sciurd meadhar fán teach.
Tá mise le Doib.
Is é an scéal gan é, gan á, gan agus,
Scéal a rinn do chreach.’

Níor thuig fear an toigh a chuid canúint féin go dtí go rabh thart ann ar scoite lasrach agus nach rabh ann ach é go dtug sé féin agus bean an toigh an t-anam leo eadar clith is ursain. Chaith an fear óg an ainnir ar a ghualainn agus d’imigh leis fríd mhullach cnoc agus aichearracha sléibhe. Bhí sé seal go hioscadaí, seal go hascallaí go rabh bodhránacht an lae ann agus na réaltaí ag imeacht ón aer. Tháinig sé chun an chladaigh, ach ní rabh a dhath le feiceáil ansin aige ach fad a amhainc uadh de uisce. Thug sé ceithre amharc fir mhire ar ceithre chearn an domhain mar ndúil is go bhfeicfeadh sé coite nó bád nó árthacha de aon chineál a bhéarfadh trasna é, ach ní rabh a dhath le fáil. Rinn sé long mhór dena chasóig, crann seoil dena bhata—foireann dó féin agus don ainnir. Ní rabh aon mhaide rámha ansin aige. Thiontaigh sé thart agus chonaic sé leadhb de mhaide ina luí ar bhruach na trá. Thóg sé dhá shlis dó. Chuir sé amach a mhaidí binne buana bána bosleathana. Chuir sé grean na farraige ar uachtar, cúr na farraige ar íochtar, míola móra, eascannaí agus péistí ar bhosa agus ar shleasaibh a mhaidí binne buana bosleathana. D’imigh leis go rabh neoin bheag agus deireadh an lae ann go rabh sé ag éisteacht le scairteach na bhfaoileán fionn ag gabháil amach go fíorghlinnte an aeir.

Tháinig sé a fhad le oileán. A dhálta sin, ní rabh a dhath ansin ach oileán fuar fada fann folamh, gan teach gan cró gan cloch gan carnán. Níorbh fhada gur seo anuas chuige an chailleach mhaol óir. Chuir sí ceist air, i dteangaidh chruaidh chadránta na Sasana, goidé a sheol eisean an bealach seo, agus fhreagair sé í i dteangaidh bhinn bhlasta na hÉireanna. Nuair a chualaidh sí an Ghaeilic d’imigh suas an t-oileán agus as go brách.

Bhí brat geal sneachta ar an talamh. D’iarr seisean ar an ainnir seasamh anseo go bhfeicfeadh sé goidé ba bhealach don chailligh. Chuaigh sé á lorg sa tsneachta agus tháinig sé go dtí béal abhainn. Chrom sé isteach agus níorbh fhada gur casadh doras air. D’fhoscail sé an doras agus chuaigh sé isteach, agus bhí an chailleach ina suí thuas cois na tineadh i gcathaoir dhá lámh.

‘Míle fáilte agus sláinte romhad, a Éireannaigh’, ar sise, ‘ní fhaca mé aon Éireannach le dhá bhliain agus daichead ó fuair fear an toigh a bhí anseo bás.’

Tharraing sí … bheag. Tháinig táblaí …, miasa …, togha gach bidh, rogha gach dí, blas na meala ar gach aon ghreim agus gan dhá ghreim de aon bhia.

‘Anois, ith agus ól do sháith’, ar sise, ‘ná tá cuma ort go bhfuil tú tuirseach agus go bhfuil ocras ort.’

Líon sé gloine uisce bheatha agus chaith sé siar é; an dara gloine don chailligh; ó ghloine go gloine gur thit an chailleach thart ar meisce. Ach chan ar an bhia ná ar an bhiotáilte a thug mo dhiúlach iarraidh, ach ag cuartú an toigh. Níorbh fhada a bhí sé ag cuartú go dtí go bhfuair sé tiachóg óir agus cruachóg airgid.

Thug sé iarraidh ar an chladach. Bhí an ainnir ina seasamh ansin ar bharra creatha ó mhullach a cinn go barr a coise. Phlúch sí le póg é, bháigh sí le deoir é agus thriomaigh sí le brat síoda agus sróil é. Rinn sé long mhór dena chasóig, crann seoil dena bhata—foireann dó féin agus don ainnir. Chuir sé amach a mhaidí binne buana bána bosleathana. Chuir sé grean na farraige ar uachtar, cúr na farraige ar íochtar, míola móra, eascannaí agus péistí ar bhosa agus ar shleasaibh a mhaidí binne buana bána bosleathana, ach nuair a bhí sé giota amach ón chladach tháinig an chailleach mhaol óir anuas an t-oileán ag bualadh a dá bois ar a dá ladhraí.

‘Pill arís, a Éireannaigh bhradaigh, d’fhág tú gan pingin mé.’

Nóta:

níl fhios agam goidé an chiall atá leis an ainm ‘Doib’ atá ar an chailín óg.