An tAingeal agus an tIolar

Sorcha Chonaill Ní Ghrianna

Fada ó shin, bhí foireann báid ag iascaireacht thiar ag beann i Luimneach. Chonaic siad go rabh stoirm—cith ag tarraingt orthu agus tháinig siad isteach ar ascaill na mbeann. Tíonn siad an t-iolar ag tarraingt orthu agus rud inteacht ina chrúba leis—ailp mhór inteacht—is chuaigh sé isteach i laftán i lár na binne. Agus bhí an bhinn comh hard agus nach dtiocfadh le duine ar bith a ghabháil suas go dtí í, ná a theacht anuas óna barr go dtí an áit a rabh an laftán, bhí sí comh hard sin. Agus d’imigh sé nuair a d’fhág sé cé bith ceangaltán a bhí leis astoigh ar an laftán. Chuaigh na fir a chur iontais goidé a bheadh leis. D’úirt duine acu go mb’fhéidir gur mála airgid. D’úirt siad … bhí stócach cruaidh gasta sa bhád: ‘rachaidh muid suas’, ar seisean, ‘go barr na binne agus cábla an bháid linn, agus ceanglóchaidh muid faoi mo dhá ascailt é’, adeir sé. ‘Beirfidh sibhse ar dhá chionn an rópa agus tiocfaidh mise anuas go dtí an laftán go bhfeicí mé’, adeir sé, ‘goidé a bhí leis an iolar.’

Rinn siad sin agus tháinig siad go dtí an laftán. Goidé a bhí ann ach leanbh beag cupla mí agus chóir a bheith marbh leis an fhuacht agus leis an anás—leanbh beag fir. Thóg sé an leanbh eadar a dhá lámh agus tharraing siad sin suas é.

Agus ‘anois’, adeir sé, ‘an bhfeiceann sibh an rud atá liom? Goidé a éireochas damh anois? Goidé a dhéanfaidh mé leis? Creidim’, adeir sé, ‘gur chun na beirice a chaithfidh mé a ghabháil?’

Bhí fear sa bhád a bhí go hiontach saibhir agus ní rabh teaghlach ar bith aige féin ná ag a bhean. D’úirt cuid acu gur fhéad siad seo an leanbh a choinneáil, gur mhaith chuige é.

‘Ach’, adeir sé, ‘b’fhéidir nuair a rachainnsa chun an toigh is an leanbh liom go ndéarfaí nach mar sin a fuarthas ar chor ar bith’, adeir sé, ‘gur liom féin é.’

‘Bhail’, adeir an buachaill, ‘rachaidh mé mise chun an toigh chuig do bhean agus inseochaidh mé an scéal, agus más mian léithe an leanbh a choinneáilt, ar ndóigh’, adeir sé, ‘maith go leor, ach caithfidh mise a ghabháil chun na beirice agus an scéal a insin.’

‘Tá sin maith go leor’, a d’úirt achan duine.

Tháinig sé isteach chuig an bhean seo agus an leanbh leis agus, ‘ó, a Dhia’, adeir sí, ‘goidé atá leat?’

D’inis sé daoithe. Bheir sí ar an leanbh agus bhain sí an t-éadach dó, nó bhí sé uthairtí cáidheach. Thug sí léithe mias uisce bhoig agus nigh sí an leanbh ó mhullach a chinn go barr a choise le huisce agus le sópa, agus thriomaigh sí go deas tirim é. Agus thug sí spanóg beag brandy dó, agus théigh sí braon beag bainne agus thug sí a sháith le hithe agus le hól dó. Agus chas sí astoigh in—i bplaincéad dheas úr é agus chuir sí a luí é, agus thit an leanbh bocht ina chodladh leis an tuirse. Agus d’imigh an buachaill chun na beirice agus d’inis sé an scéal, agus, ‘Bhail’, a d’úirt na péas, ‘ar ndóighe, sin jab maith a rinn tú’, adeir sé, ‘agus más mian léithese a choinneáilt, ar ndóighe thig léithe a choinneáilt’, adeir sé. ‘Caithfidh muid inne a ghabháil is a fheiceáil’.

‘Maith go leor’, a d’úirt an stócach.

Tháinig an stócach agus cupla fear dena na péas agus chonaic siad an leanbh. Agus hinseadh an scéal, agus ‘bhail’, adeir sí, ‘b’fhéidir gur goirid go dtiocfadh an tóir’, adeir sí, ‘i ndéidh an leinbh agus go gcaithfinn a chailleadh.’

‘Bhail’, a d’úirt an sáirsint léithe, adeir sé, ‘lá ar bith a mbainfear duid an leanbh’, adeir sé, ‘tífidh mise thú díoltaithe ar shon’, adeir sé, ‘do thrioblóid’.

‘Bhail, tá sin maith go leor’, adeir sí.

‘Agus mur dtaraí tóir ar bith ina dhéidh’, adeir sé, ‘bíodh sé agad a choíche, nó níl a fhios cén tír a d’fhág an leanbh sin.’

Choinnigh sí an leanbh. Bliain ón am sin bhí leanbh beag girsí aici féin. Ní rabh a fhios acu cá ainm a bhí ar an ghasúr bheag seo, agus thug siad an t-iolar air cionn is gur an t-iolar a d’fhág astoigh sa laftán é. Ach Dia—thug siad an t-aingeal ansin ar an ghirseach a bhí acu féin, agus ní rabh ann ach an t-iolar is an t-aingeal, is ní rabh eatarthu ach bliain bheag dhe aois. Bhí an bheirt ansin gur fhás siad comh mór is go dteachaigh siad chun na scoile agus, ó, bhí an bheirt ag fáil bháis ón chion ar a chéile gur fhás siad aníos go rabh siad ina mbuachaill is ina gcailín. Agus bhí siad ar scoil ard aici. Agus thiocfadh siad chun an bhaile achan oíche. Agus lá amháin bhí an bhean amuigh agus í ag comhrádh le Cailleach na gCearc.

‘Bhail, a Dhia’, adeir Cailleach na gCearc, ‘tá iontas orainn tú a ligean do d’aingeal beag deas a bheith ar shiúl leis an iolar cháidheach sin nach bhfuil a fhios goidé an rud ar chor ar bith é, ná cárb as é, ná cén t-athair ná an mháthair a bhí aige.’

‘Bhail, a Dhia’, adeir sí, ‘mar leanbh beag a thóg mé féin é’, adeir sí, ‘comh cúramach agamsa leis an aingeal bhocht.’

‘B’fhéidir go dtiocfadh an lá a mbeifeá buarthaithe’, adeir sí, ‘díbrigh ar shiúl é.’

‘Agus goidé a thig liom a dhéanamh leis?’, adeir sí.

‘Tá’, adeir sí, ‘ag teacht chun an bhaile ón scoil anocht’, adeir sí, ‘déan dhá phigín gruth.’ Ní rabh dadaidh ar bith ag gabháil san am sin ach pigíní. ‘Agus cuir nimh ina chionn sin agus abair leis an aingeal gan é sin a fhiacháil.’

D’imigh sí agus rinn sí sin.

‘Anois’, adeir sí leis an aingeal, ‘ná bain thusa don phigín sin. Sin cionn an iolair.’

Dar leis an aingeal, ‘chuir tú rud inteacht ann.’

Bheir sí greim ar an chionn a fágadh fá choinne an iolair. Chaith sí isteach sa ghráta é agus thug sí a cionn féin don iolar, agus throisc sí féin. Bhail, an lá arna mhárach bhí an t-iolar comh maith is a bhí sé ariamh. Chuaigh sé féin is an ghirseach chun na scoile.

Chuaigh sise amach go dtí Cailleach na gCearc.

‘Ní thig liom a bhás a thabhairt’, adeir sí. ‘Thug mé pigín nimhe dó.’

‘B’fhéidir gur inis tú daoithese go rabh a dhath ar bith contráiltí ann.’

‘Bhail, d’inis’, adeir sí, ‘chros mé orthai a fhiacháil’, adeir sí.

‘Bhail, bíodh geall’, adeir sí, ‘go dtug sise a cionn féin dó agus gur throisc sí féin, is gur chaith sí an uile sa ghráta, nó in áit inteacht. Anocht’, adeir sí, ‘bíodh uibheacha bruite agad fána gcoinne agus cuir nimh san uibh. Abair léithese’, adeir sí, ‘gur seo a cionn féin, é sin a chuid féin a ithe.’

Rinn sí sin.

‘Seo dhuid’, adeir sí leis an aingeal, ‘sin d’uibhse is ith thusa sin. Seo a chuid sin.’

Dar léithe, tá rud inteacht ar cois. Bheir sí greim ar an uibh a bhí fá choinne an iolair is chaith sí isteach sa ghráta í, agus d’fhág sí a cionn féin aige.

‘Ith thusa sin’, adeir sí.

Tháinig sí féin gan a dhath.

An lá arna mhárach d’éirigh siad is chuaigh siad chun na scoile mar a bhí ariamh, é go slán folláin. Chuaigh an bhean anonn chuig Cailleach na gCearc agus d’inis sí nach dtiocfadh a bhás a thabhairt.

‘Ó, tá tú i gcónaí ag inse daoithese go bhfuil rud inteacht cearr’, adeir sí. ‘Ach, an bhfuil a fhios agad goidé a dhéanfas tú nuair a thiocfas sé ón scoil?—scairt’, ar sise, ‘isteach sa scioból mhór is—go bhfuil rud inteacht astoigh ann atá a dhíobháil ort. Nuair a gheobhaidh tú astoigh é cuir an scioból ar thinidh is druid an doras, agus bruithfidh tú astoigh ansin é.’

Nuair a tháinig an créatúir ón scoil, ‘goitse’, adeir sí, ‘tá rud inteacht astoigh anseo’, ag ainmniú airteagail inteacht a bhí a dhíobháil uirthi. ‘Gabh isteach agus tabhair amach chugam é.’

Chuaigh an t-iolar bocht isteach. Dhruid sí an doras. Chaith sí ola thart. … in airde san aer.

Reath an t-aingeal is bhris sí comhla a bhí ar chúl an toigh is thug sí amach an t-iolar slán folláin. Dar léithe, ‘cuirfidh sí chun báis ar scor ar bith é.’

Nuair a fuair siad ina gcodladh an oíche sin iad, d’imigh an bheirt. Nuair a héiríodh ar maidin á muscladh go rachadh siad chun na scoile, bhí an t-iolar is an t-aingeal ar siúl. Sin an áit a rabh an buaireamh. D’imigh a hathair agus scaifte fear ar a lorg á gcuartú.

Agus deireadh sí i gcónaí, ‘amhanc i do dhéidh ar eagla is go bhfuil tóir ar bith ár ndéidh.’

Agus bhí slat na draíochta léithe faoina cóta.

‘Tá d’athair agus scaifte fear’, adeir sé ‘ag tarraingt orainn. Is goirid go marbhthar mise ar scor ar bith.’

‘Ní mhuirfear, a chailleach’, adeir sí.

Bhuail sí buille dhe shlait na draíochta ar thúrtóig bheag chaoráin is rinn sí bothóg fhód, seanduine dó sin agus seanbhean daoithe féin. Chuaigh seisean a dhéanamh cléibhe agus ise a shníomh ar thuirne bheag. Tháinig a hathair isteach agus d’amharc sé ar an tseanphéire bhocht ag coinneáilt an toigh, agus, ‘chan fhaca sibh duine ar bith ag gabháil thart anseo inniu?’

‘Chonaic—buachaill agus cailín thart anseo ar maidin go luath’, a d’úirt an tseanbhean, ‘agus siúl géar gasta leo’, ar sise, ‘leoga, tá siad giota maith ar shiúl anois.’

‘Níl maith domh iad a leanstan?’, ar seisean.

‘Ó, bhail, níl inniu ar scor ar bith’, ar sise, ‘is goirid go rabh an oíche ann.’

Phill siad chun an bhaile.

‘An bhfuil scéal nuaidh ar bith libh’, a d’úirt an mháthair, ‘nó an bhfaca sibh an t-aingeal bocht ar chor ar bith?’

‘Ní fhaca muid aingeal ná iolar’, adeir sé, ‘ach chonaic muid an t-iontas’, ar seisean, ‘a ba mhó a chonaic aon duine ariamh—i lár an chaoráin’, adeir sé, ‘an áit nach rabh teach ná cró fá mhílte dúinn, bothóg bheag dheas fhód, seanduine agus seanbhean—seanduine ag gabháil do chliabh agus ise ag sníomh ar thuirne bheag.’

‘Hó, hó’, adeir Cailleach na gCearc, ‘á mbainfeá lán bhéal an tsiosúir as ceirteacha na seanmhná is lán bhéal an tsiosúir as ceirteacha an tseanduine, bhí an t-iolar agus an t-aingeal chun an bhaile leat.’

‘Más fíor sin’, adeir sé, ‘gheobhaidh mé amárach iad’.

D’imigh an scaifte céanna ar maidin, teacht an lae, agus tháinig siad go dtí an áit a rabh an bhothóg ach ní rabh cloch ar an dúshraith.

Shiúil leo go rabh siad giota mór ar shiúl i lár an chaoráin an áit nach rabh teach ná cró, agus d’amharc an t-iolar ina dhéidh.

‘Tá d’athairsa is a chuid fear’, adeir sé, ‘sa tóir inniu ar ais orainn.’

‘Goitse, a chailleach’, adeir sí.

Bhuail sí buille bheag dhe shlait na draíochta ar chloch mhór is rinn sí teach pobail galánta, sagart dó sin agus cléireach daoithe féin, agus thúisigh siad a léamh an Aifrinn. Tháinig an t-athair isteach agus chuaigh siad uilig ar a nglúine go rabh an tAifreann críochnaithe, agus nuair a bhí, chuaigh siad suas chun na haltóra agus chuir sé ceist ar an chléireach an bhfaca sé duine ar bith ag gabháil thart.

‘Bhail, nuair a bhí muid inne ag tarraingt ar theach an phobail’, a d’úirt an cléireach, ‘chonaic muid buachaill agus cailín i ndeifre mhór ag imeacht. Agus leoga, tá siad giota maith ar shiúl anois.’

Agus bhí iontas uirthi gan iad a theacht isteach chuig an Aifreann: ‘dar linn go mb’fhéidir … iad’, a d’úirt sí.

‘Níl maith domh iad a leanstan inniu?’, adeir sé.

‘Ó, maise, níl’, adeir sí, ‘ní bheirfidh tú orthu’.

Phill siad chun an bhaile.

‘An bhfaca sibh iontas ar bith inniu? Tá sibh ag teacht gan iolar nó aingeal?’

‘Ó, níl an t-iolar ná an t-aingeal le fáil thíos nó thuas’, a d’úirt an t-athair, ‘ach chonaic muid iontas iontach’.

‘Goidé a chonaic sibh?’.

‘Teach pobail i lár an chaoráin agus sagart ag léamh an Aifrinn agus an cléireach ag friotháladh, agus gan duine ar bith i dteach an phobail. Agus d’fhan muid inne go rabh an tAifreann críochnaithe agus labhair muid leis an chléireach. Agus d’inis sé dúinn go bhfaca sé buachaill agus cailín ar maidin agus iad a dheas do theach an phobail ag imeacht síos an bóthar agus deifre iontach orthu.’

‘Hó, hó’, adeir Cailleach na gCearc, ‘á mbainfeá lán bhéal an tsiosúir as culaith an tsagairt agus as culaith an chléirigh bhí an t-iolar is an t-aingeal chun an bhaile leat.’

‘Ó, bhail, más fíor sin’, adeir sí, ‘gheobhaidh mé amárach iad’.

D’imigh an scaifte céanna ar maidin. Nuair a tháinig siad go dtí an áit a rabh teach an phobail ní rabh cloch ar an dúshraithe ann.

Shiúil leo fríd an chaorán agus fríd na cnoic, agus sa deireadh d’amharc seisean thart—‘tá d’athair is a chuid fear ‘ár ndéidh inniu ar ais.’

‘Fuist, bhail, a chailleach’, adeir sí.

Bhuail sí buille dhe shlait na draíochta air sin agus rinn sí an crann dó a ba deise a chonaic aon duine ariamh. Rinn sí cuach daoithe féin agus chuaigh sí a sheinm in airde i mbarr an chrainn. Nuair a tháinig na fir go dtí an áit seo chonaic siad an t-iontas a ba mhó a chonaic siad ariamh—a leithéid dhe chrann i lár an chaoráin an áit nach rabh teach ná cró fá mhílte dó, cuach ag seinm i lár an gheimhridh. Sheasaigh siad tamalt fada, agus sa deireadh phill siad chun an bhaile. Dar leo nach rabh maith daofa a ghabháil ní b’fhaide—go rabh an tráthnóna ann. Nuair a tháinig siad chun an bhaile deir an mháthair, ‘níl an t-iolar ná an t-aingeal leat?’.

‘Ó, níl, leoga’, adeir an t-athair, ‘creidim nach mbíonn’, adeir sé, ‘tá go leor cuartaithe anois is níl tuairisc ar bith le fáil.’

‘An bhfaca sibh iontas ar bith ar chor ar bith?’, a d’úirt bean—Cailleach na gCearc.

‘Chonaic muid an t-iontas a ba mhó a chonaic aon duine ariamh’, adeir sé. ‘I lár an chaoráin’, adeir sé, ‘an áit nach rabh teach fá mhílte daofa, an crann a ba deise a chonaic mé ariamh ag fás agus cuach dheas thuas ina bharr ag seinm, agus sheasaigh mé tamalt mór ag amhanc ar an iontas.’

‘Hó’, adeir sí, ‘á mbainfeá brainse den chrann agus cleite as an éan’, adeir sí, ‘bhí an t-iolar is an t-aingeal chun na bhaile leat.’

‘Ó, bhail, más fíor sin’, adeir sí, ‘gheobhaidh mé amárach iad.’

D’imigh … go dtí an áit an lá arna mhárach. Ní rabh iolar ná aingeal ná crann ná cuach ná a dhath ar bith ann.

Nuair a bhí siad a chóir gaibhtithe, d’amharc—an t-aingeal—an t-iolar thart.

‘Tá d’athair’, adeir sé, ‘fá ghiota dúinn’.

‘Bíodh aige inniu’, adeir sí, ‘tá siad ag taoibh na farraige.’

Bhuail sí buille dhe shlait na draíochta uirthi féin is cionn air sin, is rinn sí dhá eala bhán is chuaigh siad trasna an chuain ar eiteog agus d’fhág siad slán ag Éirinn.

Bhí fios aicise. ‘Sin thuas anois’, adeir sí, ‘teach d’athara. Agus tá deartháir duid’, ar sise, ‘bhí—cúpla a bhí ionaibh—agus tá sé san arm’, adeir sí. ‘Nuair a rachaidh tú isteach sílfidh siad gurb é do dheartháir atá ann. Agus éireochaidh siad’, adeir sí, ‘ag gabháil a do phógadh, ach ná lig daofa póg ar bith a thabhairt duid, nó má ligeann ní smaoiteochaidh tú ormsa a choíche ar ais.’

‘Ó, is mé féin nach ligeann’, adeir sé.

Nuair a tháinig sé isteach shíl an t-athair is an mháthair gurbh é an buachaill a bhí san arm, is d’éirigh siad a ghabháil a bhreith air is a ghabháil a phógadh.

‘Suígí anois’, adeir sé, ‘ná tabharadh duine ar bith póg domhsa.’

‘Suigh ar an chathaoir’, adeir sí.

Is shuigh sé ar an chathaoir. Is bhí coileán beag madaidh, is d’éirigh an coileán suas ar a ghlún is chuir sé a theangaidh thart ar bhéal an bhuachaill, is níor smaoitigh sé ar an aingeal ariamh níos mó.

Chuaigh an t-aingeal bocht suas i mbarr an chrainn a bhí thíos ag taoibh an áit ar fhág sí agus bhí tobar deas fíoruisce thíos faoithe. Agus bhí sí thuas ansin agus gan dul aici aon duine a fheiceáil.

Agus … d’úirt a mhuintir leis go ndéanfadh siad oíche bhreá dhamhsa agus cineál de bhainis le lúcháir é a theacht chun an bhaile. Agus chuir siad amach daoiní fríd an tír ag cruinniú an taois óig uilig, agus fuair achan duine cuireadh a theacht chuig an choirm.

Bhí gabha ins an áit a rabh bean agus beirt níonach aige agus fuair siad sin cuireadh fosta. Deir sé leis an ghirseach a ba sine, ‘tabhair isteach canna uisce go nighí mé mé féin’, a d’úirt an gabha.

Chuaigh sise amach agus d’amhanc sí síos an tobar. Chonaic sí an aghaidh na mná ba dóighiúla a chonaic sí ariamh.

Dar léithe, ‘a Dhia, nach mé an ghirseach dheas? Nach mór an truaighe mé a bheith i mo níon ag an ghabha dhubh cháidheach? Ní bhfaighidh mé aon fhear a choíche.’

Bhris sí an canna is d’imigh sí.

Nuair ab fhada a bhí sí amuigh adeir sé leis an tarna bean, ‘gabh amach agus tabhair isteach canna uisce, nó cá dteachaigh sí siúd ar chor ar bith? Beidh an oíche thart.’

Chuaigh sí sin amach. Chrom sí sa tobar. Chonaic sí aghaidh na mná a ba dóighiúla a chonaic sí ariamh.

‘Ó, a Dhia’, adeir sí, ‘nach mé an ghirseach dheas dhóighiúil? Nach mór an truaighe mé a bheith i mo níon ag an ghabha dhubh cháidheach? Tá mé ar shiúl’.

Bhris sí an canna is d’imigh sí.

‘Bainfear deireadh dúil domh’, adeir sé leis an bhean, ‘gabh amach in onóir Dé agus tabhair isteach braon uisce.’

Thug sí léithe seanbhucáid agus d’imigh sí. Bhí an dá channa briste. Nuair a chrom sí síos an tobar chonaic sí an aghaidh thíos a ba dóighiúla a chonaic sí ariamh.

‘Órú, a Dhia’, adeir sí, ‘is mé an bhean dhóighiúil. Nach iontach gur ghlac mé an gabha dubh cáidheach. Dá mbeinn in áit ar bith eile nach rabh a fhios go rabh mé pósta gheobhainn fear eile.’

Bhris sí an bhucáid in éadan na cloiche móire is d’imigh sí fosta. Nuair a bhain sé deireadh dúil daofa d’imigh sé féin is scála leis, agus dar leis, ‘tógfaidh mé scála uisce is nífidh mé mé féin deas don tobar is thig liom scála eile a fháil a nífeas i gceart mé.’

Nuair a chrom sé síos tíonn sé an aghaidh dheas thíos.

‘Ó, a Dhia’, adeir sé, ‘nach mé an fear dóighiúil?’

Dar leis ar ais, ‘sin aghaidh mná.’

D’amharc sé in airde agus tíonn sé an bhean thuas sa chrann.

‘Tá tú ansin?’, adeir sé.

‘Tá mé anseo’, adeir sí.

‘Chuir tú ar shiúl mo bhean’, adeir sé, ‘agus mo bheirt níonach?’

‘Char chuir’, adeir sí, ‘ach d’imigh siad féin.’

‘Chuir’, adeir sé, ‘agus hobair domh féin imeacht.’

‘Ó, maise, bheitheá amaideach’, adeir sí.

‘Bhail, bí thusa liomsa anois’, adeir sé, ‘agus rachaidh muid chuig an choirm. Agus ná tabhair thusa aon ainm ormsa ach d’athair, agus ní thabharfaidh mise ortsa ach mo níon, agus cuirfidh muid isteach an oíche mar sin féin.’

‘Nach maith liomsa áit a fháil’, a d’úirt sí, ‘gan a bheith in airde sa chrann seo go maidin?’

Tháinig siad isteach agus thug sé suipéar daoithe, agus nigh sé agus ghlan sé é féin. Agus d’imigh siad go dtí an teach a rabh an choirm ann, agus thúisigh an damhsa agus an chuideachta agus an ceol agus, ó, bhí an oíche ag gabháil thart go han-deas.

‘A Dhia’, adeir sí, ‘tá muid marbh ag damhsa’, adeir sí, ‘nár chóir go mbeadh rud inteacht—cathamh aimsire—a chuirfeadh thart tamalt den oíche’, adeir sí, ‘ná beidh muid marbh ag damhsa mar seo ar maidin.’

‘Maise, níl’, a d’úirt achan duine, ‘mur bhfuil sé agad féin.’

‘Maise’, adeir sí, ‘thiocfadh liom tamalt den oíche a chur thart’.

Chuir sí a lámh ina póca agus chaith sí dhá ghráinnín beaga cruithneacht ar an urlár fá choinne cearc is coileach. Chaith sí crág dhe choirce chucu. Nuair a bhí deireadh itithe bhuail an coileach rap ar an chearc.

‘Arú a choiligh cháidhigh an bhoilg mhóir’, adeir sí, ‘ní théanfá sin liomsa’, adeir sí, ‘an lá a chuir mo mháthair nimh ins an ghruth’ adeir sí, ‘agus chaith mé do chuid gruthsa isteach sa tinidh agus thug mé mo chuid féin duid. Cha ndéanfá sin liom an lá sin.’

Smaoitigh seo—eisean go dtáinig seisean fríd seo. Ní thiocfadh leis smaoitiú cá rabh sé. Chaith sí amach gráinnín eile. Nuair a bhí deireadh ite bhuail an coileach rap ar an chearc.

‘A choiligh cháidhigh an bhoilg mhóir’, adeir sí, ‘ní théanfá sin liomsa an lá a chuir mo mháthair nimh ins na huibheacha. Thug mise m’uibh féin duidse agus throisc mé’, adeir sí, ‘agus chaith mé do chionnsa isteach sa ghráta, agus shábháil mé thú’, adeir sí. ‘Cha ndéanfá sin an lá sin liom.’

Dar leis sin, ‘d’éirigh sin domhsa. A Dhia, cá háit a rabh mé’.

Chaith sí amach gráinnín beag eile. Nuair a bhí deireadh itithe, bhuail an coileach rap ar an chearc.

‘A choiligh cháidhigh an bhoilg mhóir’, adeir sí, ‘ní théanfá sin liomsa an lá a tháinig mo mháthair isteach sa scioból mhór agus chuir an scioból le thinidh. Agus bhris mé an chomhla a bhí thiar ar chúl an sciobóil’, adeir sí, ‘agus lig mé amach thú.’

Dar leis, ‘a Dhia, chuaigh mise fríd sin uilig’, agus ní thiocfadh leis meabhrú ar chor ar bith cá rabh sé.

Chaith sí amach gráinnín beag eile. Nuair a bhí deireadh itithe bhuail an coileach rap ar an chearc.

‘A choiligh cháidhigh an bhoilg mhóir’, adeir sí, ‘ní théanfá sin liomsa an oíche a d’imigh mé agus a d’fhág mé m’athair agus mo mháthair i mo dhéidh is d’imigh muid’, adeir sí, ‘is lean m’athair bocht muid’, adeir sí, ‘is a chuid fear, agus nuair a bhí muid chóir gaibhtithe’, adeir sí, ‘bhuail mé buille bheag de shlait na draíochta ar thúrtóg bheag chaoráin. Rinn mé bothóg fhód, seanduine duidse agus seanbhean domh féin, tusa ag déanamh an chléibh agus mise’, adeir sí, ‘ag sníomh ar thuirne bheag. Agus chuir muid an lá thart’, adeir sí, ‘agus b’éigean do m’athair pilleadh chun an bhaile.’

Dar leis, ‘d’éirigh sin domhsa.’

Chaith sí amach gráinnín beag eile. Nuair a bhí deireadh itithe bhuail an coileach rap ar an chearc.

‘A choiligh cháidhigh an bhoilg mhóir’, adeir an chearc, ‘ní théanfá sin liomsa’, adeir sí, ‘an lá a bhí muid chóir gaibhtithe ag m’athair agus ag do chuid fear. Rinn mé teach pobail i lár an chaoráin, sagart duidse agus cléireach domh féin, agus léigh muid an tAifreann. Tháinig m’athair agus a chuid fear isteach agus d’éist siad é. Nuair a chuir sé ceist ormsa an bhfaca mé duine ar bith ag gabháil thart d’úirt mé ar ndóighe go bhfacaidh—buachaill agus cailín ag gabháil thart i ndeifre mhór ar maidin; go rabh iontas orm gan iad a theacht isteach chuig an Aifreann, ach gur smaointigh mé go mb’fhéidir nach dár mbunadh iad. Ní théanfá sin liomsa an lá sin.’

Dar leis-sean, ‘chuaigh mise fríd sin uilig.’

Chaith sí amach gráinnín beag eile. Nuair a bhí deireadh itithe bhuail an coileach rap ar an chearc.

‘A choiligh cháidhigh an bhoilg mhóir’, adeir sí, ‘ní théanfá sin liomsa an lá a bhí muid gaibhtithe ag m’athair agus agna chuid fear. Rinn mé crann duidse i lár an chaoráin mhóir agus cuach domh féin. Chuaigh mé a sheinm thuas in do bharr’, adeir sí. ‘Bhí iontas mór ar m’athair agus ar na fir a leithéid de chrann a bheith ag fás i lár an chaoráin agus cuach i lár an gheimhridh ag seinm. D’fhan na créatúir ag amhanc air go rabh sé mall, agus phill siad chun an bhaile. Ach ní théanfá sin liomsa an lá sin.’

Dar leis-sean, ‘chuaigh mise fríd sin uilig. Cá háit a rabh mé ar chor ar bith?’

Chaith sí gráinnín beag eile amach. Nuair a bhí deireadh itithe bhuail an coileach rap ar an chearc.

‘A choiligh cháidhigh an bhoilg mhóir’, adeir sí, ‘ní théanfá sin liomsa’, adeir sí, ‘an lá a bhí muid chóir gaibhtithe ag m’athair agus ag na fir. Rinn mé eala bhán duidse agus cionn domh féin, agus d’imigh muid trasna’, adeir sí, ‘na farraige anseo. D’fhág tú i gcrann thíos ansin mé os cionn an tobair’, adeir sí. ‘D’iarr mé ort gan ligean do aon duine póg a thabhairt duid’, adeir sí, ‘agus lig tú don choileán póg a thabhairt duid, agus níor smaoitigh tú ormsa ón lá sin go dtí an lá inniu.’

‘Bhail, smaoiteochaidh mé anois ort’, agus smaoitigh sé at once gurb í a bhí ann. Chuir sé a dhá lámh thairsti.

‘A mháthair’, adeir sé, ‘ní hé an fear a shíl tusa a bhí agad’, adeir sé, ‘atá agad ar chor ar bith.’

‘Agus, a Dhia’, adeir sí, ‘cé atá agam?’

Tháinig sise aníos go dtí í.

‘Ar chaill tú leanbh beag ar bith’, adeir sí, ‘ina óige?’.

‘Maise, chaill’, adeir sí, ‘deartháir beag an fhir atá san arm’, adeir sí, ‘a shíl mé gurbh é a bhí agam anseo. Thóg an t-iolar é’, adeir sí. ‘Thug an bhanaltra a bhí ag tabhairt aire dó síos go tóin an gharraí é. Chuaigh sí a bhaint blátha beag is d’fhág sí an leanbh ina luí ar an talamh is thóg an t-iolar é, is ní bhfuair mé scéala ar mo leanbh ón lá sin go dtí an lá inniu.’

‘Bhail, sin do leanbh anois’, adeir sí, ‘a shábháil m’athair thall i mbeann i Luimneach a chonaic sé leis an iolar agus shábháil buachaill é. Agus choinnigh an mháthair é agus thóg siad é. Agus iomlán a chuala tú ansin’, adeir sí, ‘chuaigh mise agus é féin—fríd a chéile—fríd sin’, adeir sí, ‘ag iarraidh teitheadh ar mo mhuintir.’

‘Ó, bhail’, a d’úirt an t-athair is an mháthair, ‘más fíor sin pósfar sibh ar maidin amárach.’

Chuathar a choinne an tsagairt agus tháinig an sagart is pósadh an lanúin. Thóg siad teach mór taobh amuigh de theach a athara agus chaith siad saol fada.

Nóta:

ciallaíonn ‘uthairtí’ go rabh únfairt déanta ar an leanbh.