Gráighim mo Mháthair

Fannie Dónaí Bean Mhic Ruairí

Fannie Dónaí a chum

Gráighim mo mháthair, maidin is tráthnóna,
Gráighim ag neoin í is aríst ins an oíche.
Is í a chuir ar a glún mé,
Is nach ba í a chíor mo chúl domh?
A Bhanríon na n-aingeal, ná scar sinn go brách.

D’agair sí sinne siúl i dtólamh go díreach
Go deireadh an róid ins an tsaol seo atá craosach.
Is í a choisric domh m’éadan,
Is í a threoraigh go fíor mé,
Agus thaobhaigh liom aithris anois agus go síor.

Thug sí Máire mar ainm dá chéad duine clainne
Le gean agus grá ort, a Mhaighdean na cruinne,
Agus Róisín, mar mheas ar Éire dheas ghlas,
A thug sise domhsa, a haon duine eile.

Ní sí áit athara agus ní sí áit máthara
Mar fágadh i mo dhílleacht mé i gcionn mo shé ráithe,
Is mo chreach nach ba é neach is nach mise a éistfeas
Le osnaí mo mháthara os cionn uaigh ghlas m’athara.

Dá mbeadh maoin agus stór agus ór an domhain mhóir seo
Ar bord in mo láthairsa ar mhalairt mo mháthara,
Bheadh sise ar ghreim lámh liom is mo chúl leis an bhord sin
Is i mo dheoraí go dtreabhfainnsa an saol seo go bródúil.

An ionadh go ngráighim í maidin is tráthnóna?
An ionadh go ngráighim í anois is go síor?
An ionadh go scoiltfeadh mo chroí in mo chliabhsa,
A Mhaighdean, dá scarfá mo mháthair ón tsaol.