Dónall Gorm

John Ghráinne Ó Duibheannaigh

Seo scéal a bhfuil ‘Dónall Gorm’ air. Agus comhráiteach mór a bhí i nDónall Ghorm, agus ar an tséala sin ba ghnách leis airneál iontach mall a dhéanamh san oíche. Agus bhí sé oíche amháin ag airneál agus bhí siad ag comhrádh go dtí go dteachaigh sé domhain i gceart san oíche—ó, bhí an meán oíche ann—agus d’imigh sé ag tarraingt ar an bhaile, agus nuair a bhí sé ag tógáil na malacha faoina theach féin, ag déanamh ar an teach, chonacthas dó go gcuala sé tormán agus trup ag teacht ina dhéidh agus d’amharc sé thart. Agus goidé a bhí ag teacht ina dhéidh ach marcshlua. Sheasaigh sé isteach ar thaoibh an bhealaigh go dtí go dtéadh an marcshlua thart ach, in áit iad a ghabháil thart, nuair a tháinig siad a fhad leis an áit a rabh sé ina sheasamh, sheasaigh siad sin fosta agus anuas leis an chaiftín ó dhroim an chapaill, agus chuir sé ceist ar Dhónall Ghorm an mbeadh sé leo siar go Connachta—gur pósadh cailín óg thiar ansin an mhaidin sin agus go rabh siad ag brath í a fhuadach. Agus d’úirt Dónall Gorm leis nach dtiocfadh leis a ghabháil, nach rabh capall ar bith aige. Ní thearn an fear a bhí i gceannas ar an tslua sí—an caiftín a bhí orthu—ach buachalán buí a bhí ag fás ar thaoibh an bhealaigh a tharraingt. Bhuail sé buille de shlat a bhí ina lámh ar an bhuachalán bhuí agus rinn sé each caol dubh dó. Agus ansin tharraing sé duilleog capógaí a bhí ag fás agna thaoibh agus rinn sé diallaid dó agus chuir sé ar dhroim an bheithígh é, agus chuaigh Dónall Gorm dhe léim a mharcaíocht ins an diallaid.

Agus níor tharraing siad sréan go dtí gur stop siad thiar i gConnachta. Agus tháinig siad anuas ó na caiple thiar i gConnachta nuair a tháinig siad go dtí teach na bainse, agus d’iarr an caiftín a bhí orthu ar Dhónall Gorm: ‘Tá muid ag gabháil isteach anseo anois’, arsa seisean. ‘Seo an áit a bhfuil an bhainis agus cé bith eile a dhéanfaidh tú, ná tabhair ainm Dé a fhad agus a bheas tú astoigh anseo.’ Thoiligh Dónall nach dtabharfadh sé ainm Dé ar chor ar bith a fhad agus a bheadh siad astoigh.

Agus isteach leofa go teach na bainse. Ar ndóighe, mar atá a fhios agad, bhí siad dofheicthe—an slua sí, nó an marcshlua—agus ní fhacaidh aon duine dá rabh astoigh iad ag teacht isteach. Tháinig siad isteach agus sheasaigh siad ar bhun an urláir tamalt. Bhí tábla mór i lár an urláir agus lucht na bainse astoigh, scaifte ar achan taoibh den tábla agus an cailín óg a bhíthear i ndéidh a phósadh an mhaidin sin ina suí ag cionn an tábla. Ní fhacaidh siad, mar a d’úirt mé, aon duine, agus tamall beag ina dhéidh sin chuaigh siad dhe léim san ánshraith agus ar ndóighe chuaigh Dónall Gorm dhe léim san ánshraith ina gcuideachta, agus bhí siad thuas ansin agus Dónall Gorm bocht agus uisce lena chár ag amharc anuas ar na hollmhaithis a bhí ar an tábla faoi agus nach dtiocfadh leis drannadh leis.

Leis sin féin, nuair a bhí siad tamalt ann, rinn an bhrídeog a bhíthear i ndéidh a phósadh an mhaidin sin, rinn sí srólfach agus bhroid na siógaí a chéile agus d’úirt, oiread agus a rá: ‘beidh sí linn anois.’ Tamalt beag ina dhéidh sin rinn sí an dara srólfach agus bhí siad réidh le í a bheith leo; ‘sílim nach mbíonn tú—nach bhfuil cead acu tú a thabhairt ar shiúl go ndéanaí tú an tríú srólfach.’ Ach go díreach nuair a d’fhoscail sí a béal, nó nuair a chonaic Dónall Gorm í a ghabháil a dhéanamh an tríú srólfach, ní rabh neart aige air: ‘Dia is Muire leat’, ar seisean. Agus leis sin féin thit sé anuas ina spaidín i lár an tábla.

D’fhág an croí an áit ag an mhuintir a bhí ag an tábla mar ní rabh a fhios acu aon duine a bheith sa teach. Thug siad iarraidh ar an doras, ach bhí an doras róchúng le iad uilig uilig go léir a ligean amach i gcuideachta, agus loiteadh cuid mhór acu sa chúnglach. Agus thit an bhrídeog ina cnap i laige ag cionn an tábla. Ach an míniú agus an réiteach a bhí air, nuair a fuair Dónall Gorm thaire an tos a fuair sé agus fuair sé é féin a chruinniú suas ar an tábla, d’éirigh sé agus tháinig sé amach. Ní rabh beathach ná baistíoch beo le feiceáil ar a amharc nó ar a éisteacht aige in áit ar bith agus é comh dorcha agus nár léir duid do mhéar romhad, agus d’imigh sé. Agus shiúil sé achan choiscéim dó—as Connachta go rabh sé anseo i Rann na Feirste. Níl a fhios agam cá fhad a ghlac sé, ach rinn sé é agus chuaigh sé chun an bhaile, agus go dtí go dteachaigh Dónall Gorm i dtalamh agus ní fhacaidh Dia ná duine amuigh mall san oíche ina dhéidh sin.

Sin anois Dónall Gorm agad.