Amhrán Hiúdaí Phádaí Éamainn

Fannie Dónaí Bean Mhic Ruairí

Hiúdaí Mhicí Hiúdaí a Chum

Tá Leac Shéamais sa Chionn Tráigh go huaigneach ó d’imigh tú uainne gan cháin.
Níl anois ins an tsruthán ach caoineadh ag éalódh go ciúin síos an deán.
Tá na sméara uilig feoite ar an chaorthann, níl cuideachta féin fán Leac Bhán.
Ó, tá tocht agus smúid ar do chairde is tú sínte ar an mhalaidh faoi chlár.

A Hiúdaí na gcuirlín dubh dualach, nach trua dúinn anseo in do dhéidh?
Nach dona mar a cloíadh do chaoinchorp i gcéin uainn i gcoire Lough Awe?
Ó tháinig do scairt ins an oíche bhí corrán an bháis a do chóir,
Ó, mo thruaighe nach dtáinig do tharrtháil, ach do chairde ag sileadh na ndeor.

Tá do bhean is do chlann a do chaí-s’ agus beidh nó go dtéidh siad faoi chré,
Do dhís bheag leanbh a thug gean duid, nach bhfeiceann siad thú lena ré.
Tá do mháthair fá ghruaim is í cráite, ach agraí muid uile Mac Dé
Go bhfuil tusa go hard ins na flaithis i bParthas na naomh fá réim.