Seanbhríste Mór

John Ghráinne Ó Duibheannaigh

Bhail, seo scéal, agus an t-ainm atá air, ‘Seanbhríste Mór’.

Bhí sé ina chónaí leis féin agus gan duine ar bith aige le cuidiú leis a dhath a dhéanamh, ach bhí sé comh soineanta le leanbh ag diúl. Ní thearn sé a dhath ar aon duine ariamh agus ní thearn aon duine ariamh a dhath air, agus bhí sé mar a d’iarrfadh do bhéal a bheith. Ní rabh a dhath ar bith ar chor ar bith ag cur bhuarthata air. Níor chuir a dhath ariamh buaireamh air, agus ní thearn sé a dhath ar aon duine ariamh, ná aon duine ariamh a dhath air. Ach, ní rabh sé dea-lámhach agus bhí a bhríste—an duine bocht—ina phíosaí agus ina phaistí ó chinn na n-osán go dtí an básta, agus bhaist an t-aos óg dímúinte ‘Seanbhríste Mór’ mar leasainm air, agus sin an chéad rud ariamh a ghoill air—an Seanbhríste Mór a thabhairt air. Ghoill sé go linn na gcaolán air.

Ach bhí sé tráthnóna amháin amuigh ag uthairt fán teach agus smaoitigh sé dá mbeadh bean aige nach mbeadh a leithéid de leasainm air, nó go gcuirfeadh an bhean bail ar a chuid éadaigh agus go mb’fhéidir gur bríste úr a bheadh sí ábalta ar a dhéanamh, agus go bhfóirfeadh sí go hiontach maith dó. Ní rabh sé ábalta ar an smaoitiú sin a ligean amach as a chionn agus nuair a chuaigh sé a luí an oíche sin bhí sé ag an smaoitiú ar fad: an smaoitiú dá mbeadh bean aige nach mbeadh an leasainm air a bhí.

Leis sin féin labhair glór amuigh ag an fhuinneog. D’úirt an glór, ‘bean de chuid cailíní Mhurchadh na Coilleadh Ruaidhe a b’fhearr a d’fhóirfeadh duidse.’

D’éirigh sé aníos ar a leasluí sa leabaidh: ‘agus cá háit a bhfaighinnse bean de chuid cailíní Mhurchadh na Coilleadh Ruaidhe?’, ar seisean.

‘Éirigh’, arsa an glór, ‘cuir ort do cheirteach agus gabh amach, agus nuair a thiocfas tú a fhad le sruthán, siúil leat a chois an tsrutháin sin go dtí go dtaraí tú a fhad leis an dara sruthán, agus ansin siúil a chois an dara sruthán agus bhéarfaidh an sruthán sin go dtí an Choillidh Ruadh thú.’

D’éirigh an Seanbhríste Mór. Tharraing sé air a bhríste agus amach leis agus nuair a bhí sé tamalt ar siúl, tháinig sé a fhad leis an tsruthán, mar a d’úirt an glór. Bhí oíche dheas nádúrtha smúidghealaí ann agus shiúil sé leis a chois an tsrutháin go dtí go dtáinig sé a fhad leis an dara sruthán, agus shiúil sé a chois an tsrutháin sin go dtí go dteachaigh sé go dtí an choillidh. Bhí sé ina sheasamh ar imeall na coilleadh agus é ag amharc isteach. Agus tí sé solas galánta astoigh i lár na coilleadh agus d’amharc sé isteach eadar na crainn, agus ba léir dó scaifte mór daoiní aníos agus síos, anonn agus anall, agus cuma orthu go rabh siad uilig ar a sáimhín suilt. Bhí an spórt agus an ceol agus an damhsa agus an chuideachta ag gabháil a ba deise leis a chonaic sé nó a chualaidh sé ariamh. Ach leis sin féin amach le bean bheag bhaoideach nach rabh airde do ghlúin inti agus cionn dhá lámh orthai a bhí comh mór le clár cófra. D’amharc sé orthai.

‘Cad tuigh’, ar seisean, ‘a bhfuil cionn do dhá lámh comh mór agus atá siad agus gan tú féin ach iontach beag?’

‘Ó, tá’, ar sise, ‘d’oibrigh mé oiread agus go dteachaigh brí mo choirp uilig isteach i gcionn mo dhá lámh.’

‘Ó, bhail, bí ar shiúl’, arsa seisean, ‘níl gnoithe ar bith agamsa leat.’

Amach leis an dara bean agus bhí an bhean seo, an dara bean, agus gan airde do ghlúin inti ach oiread, agus dhá spág coise orthai a chumhdóchadh urlár toigh.

‘Cad tuigh’, ar seisean, ‘a bhfuil tú féin comh beag agus atá tú agus dhá chos comh mór ort agus atá?’

‘Bhail, tá’, ar sise, ‘shiúil mé oiread agus go dteachaigh brí mo choirp uilig isteach i gcionn mo chos.’

‘Bhail, siúil leat tilleadh’, arsa seisean, ‘ná ní bheidh a dhath agamsa le déanamh leat ar scor ar bith.’

Leis sin féin, amach leis an tríú bean agus gan inti ach oiread na fríde—iontach beag—agus claigeann uirthi a bhí comh mór le turdán cruaiche agus béal a bhí comh mór le cliabh.

‘Cad tuigh’, ar seisean, ‘a bhfuil do chlaigeann agus do bhéal comh mór agus atá siad agus gan tú féin ach iontach beag?’

‘D’ith mé oiread’, ar sise, ‘agus go dteachaigh brí mo choirp uilig isteach in mo chlaigeann.’

‘Ó, bhail’, ar seisean, ‘ní bheidh tusa ar scor ar bith agam. Níl gnoithe agam libh’, ar seisean.

Thiompóigh sé thart ag brath a aghaidh a thabhairt ar an bhaile, ach nuair a thiompóigh sé thart agus a chuaigh sé a tharraingt ar an bhaile, goidé a rinn bean an bhéil mhóir ach séideog a chur ar an choillidh ruadh agus níor fhág sí aon snáithe duilliúir ar an choillidh nár chuir sí i mullach a chinn air. Thoisigh bean na spág a bhualadh a cos ar an talamh go dtí gur chuir sí an talamh ar crith faoi agus gur thit sé as a sheasamh. Agus thoisigh bean na gcrág mór a bhualadh a bos ar a chéile go dtí gur fhág sí bodhar é agus nach rabh a fhios aige goidé a bhí siad a rá leis. Ach streachail sé é féin comh maith agus a tháinig leis agus darna achan luí agus achan éirí aige go dtí gur fhág sé an abhainn sin, nó an sruthán sin, ina dhéidh.

Agus nuair a tháinig sé a fhad leis an tsruthán eile, an chéad sruthán a casadh air ag imeacht dó, chuaigh sé a theacht chuige féin, agus shiúil sé leis go dtí go rabh sé sa bhaile. Chuaigh sé a luí agus, ar seisean leis féin ag gabháil a luí dó, ‘mo chreach agus mo chrá go dtearn mé an smaoitiú amaideach sin ar mhná i dtús na hoíche. Dá mbeinn gan an smaoitiú sin a dhéanamh, bhí mo chodladh anocht fosta agam, ach tá beagán gnóite agam ar shon mo shiúil.’

D’éirigh sé ar maidin an lá arna mhárach agus, an duine bocht, chuaigh sé a dhéanamh réidh tráth bidh dó féin, agus ariamh nuair a chuaigh sé a dhéanamh réidh bidh dó féin chuir sé síos i bhfad níos mó ná a bhí a dhíobháil air ar eagla go dtiocfadh duine ar bith isteach, nuair a bheadh an béile caite aige, agus go mbeadh ocras ar an té a tháinig isteach agus nach mbeadh a dhath aige le tabhairt dó. Mar sin dó, mar sin dó, chuirfeadh sé síos i gcónaí níos mó ná a bhí a dhíobháil air féin. Chuir sé síos an lá seo dornán preátaí ins an luaith agus rós sé na preátaí. Agus go díreach nuair a bhí na preátaí rósta, tháinig fear mór ard agus féasóg mhillteanach fhada air isteach ar an doras. Anois, nuair a chuir sé a chionn isteach ar an doras, bhuail a chuid féasóige an doras druidte ar an taoibh thall den teach agus bhí achan ribe den fhéasóg sin mar a bheadh slat shaileoige ann. Ansin thiompóigh sé aníos chun na tineadh agus bhuail sé a chos ar chloich an bhac. Bhí an Seanbhríste Mór bocht ina sheasamh agus a chroí amuigh ar a bhéal. Dar leis féin, ‘a Dhia, nach trua mé?’ Agus ina dhéidh sin, chuir sé ceist air an n-íosfadh sé preáta.

‘Íosfaidh mé preáta, cinnte’, arsa fear na féasóige. ‘Bíodh a fhios agad’, arsa fear na féasóige, ‘gur siomaí teach a dtáinig mise isteach ann, go luath agus go mall, go hantráthach agus go hiontach antráthach, agus níor chuir aon duine acu riamh ceist orm an n-íosfainn mo bhricfeasta nó mo dhinnéar nó mo shuipéar go dtí tusa. Ach tá tusa sásta mo chuid a thabhairt domh.’

Shuigh an bheirt acu síos agus d’ith siad an méad preátaí rósta a bhí ann. Agus an dá luath géar agus a bhí sin déanta acu, d’éirigh fear na féasóige ina sheasamh, sháigh sé a chuid féasóige isteach fríd chroí an tSeanbhríste Mhóir agus thit an Seanbhríste Mór marbh agna chosa. Anois, dar leat gurbh olc an t-altú é ar shon a dhinnéir, ach aon duine a shíleas gurb é an deireadh an bás, nach é atá meallta? An bomaite a d’fhág an anál an Seanbhríste Mór ar an tsaol seo shiúil sé leis, agus nuair a bhí tamall siúil déanta aige chonacthas dó go dtáinig sé ar thalamh dheas chothrom go díreach mar a bhí ag an Choillidh Ruadh. Agus nuair a bhí sé ag siúl, chonacthas dó go gcuala sé tormán, nó trup, agna thaoibh agus d’amharc sé agus bhí triúr de chailíní deas óga ag siúl lena thaoibh, agus an bomaite a d’amharc sé orthu d’úirt sé leis féin astoigh ina intinn: ‘A Dhia, nár dheas dá mbeadh bean acu agamsa; nach b’é—nach b’í a d’fhóirfeadh domh?’

Agus an bomaite a rinn sé an smaoitiú, labhair bean acu.

‘Nuair a bhí muid inne le fáil agad’, ar sise, ‘níor shíl tú mórán dúinn agus ní rabh a dhath agad le déanamh linn.’

‘Ó’, ar seisean, ‘ní rabh aon bhean agaibh riamh le fáil agamsa.’

‘Ó, bhí’, arsa siad sin, agus chuaigh siad a gháirí.

‘Muid inne cuid cailín Mhurchadh na Coilleadh Ruaidhe agus muid atá ag gabháil a bheith ag freastáil ort ins an áit ina bhfuil tú ag gabháil anois. Agus ná bíodh eagla ar bith ort, nó beidh tú breá sásta ins an áit a bhfuil tú ag gabháil.’

Shiúil siad leo go dtáinig siad a fhad le geafta na bhflaitheas. Chuaigh siad isteach agus cé an chéad fhear a shín a lámh agus a chuir fáilte charthanach roimh an tSeanbhríste Mhór ach an fear a chuir a chuid féasóige fríd agus a thug—a mharaigh é níos luaithe an lá sin. Ach más é féin, níorbh é an cineál céanna fir é. Fear deas caoin a bhí ann, agus chuir sé fáilte charthanach roimh an tSeanbhríste Mhór.

‘Thug tusa’, ar seisean, ‘mo dhinnéar domhsa inniu, ach bhéarfaidh mise do shuipéar duidse anocht agus lóistín ar feadh shaol na saol.’

Bhí an Seanbhríste Mór geal sna flaithis, agus sin deireadh an tSeanbhríste Mhóir.