Spéirbhean na Corrmhíne

Jimí Mhicí Jimí Mac Grianna

Jimí Mhicí Jimí a chum

Bhí sí ina suí ar thaoibh an bhachta
Nuair a thoisigh mise a pháráil,
Agus caithfidh go dtáinig mé i ngan fhios daoi,
Mar chonacthas domh gur scanraigh sí.
Chuir mé forrán orthai go macánta
Agus mhol mé gur lá breá a bhí ann.
Ansin bhuail cineál d’aithreachas mé,
Ná ní rabh mórán ar bith le rá aici.

Bhí claigeann álainn órbhuí orthai,
Agus súile móra donna,
Cosa caola fada agus
Lámha míne cumtha.
Sheasaigh mé gur bhreathnaigh mé í
Agus í sínte le mo thaoibh;
Arbh aníos as Srath na Bruaigh í
Nó anoir as Cnoc na Naomh?

D’amharc sí orm go truacánta,
Is dar liom gurb í an tseoid.
Ansin bhog sí suas an bachta
Nuair a lig mise síos an fód.
Bhí mé ag obair liom go dícheallach
Agus chan le deifre ná le saint,
Ach mur bhfaighinnse an bachta a pháráil,
Bhail, ba deacair móin a bhaint.

Suas an bachta romham léi
Ná gur shuigh mé a dh’ól braon tae.
Thairg mé lán a béil daoithe
Ach, cineál, b’fhearr léithe gan é.
Ansin i ndéidh am dinnéara
Thoisigh sí a ghabháil cheoil domh,
Agus, leoga, an cineál glóir a bhí aici
Cha dtug mise mórán toil dó.

Ach, chuir mise isteach lá pléisiúrtha
Go domhain i ngleanntáin sléibhe
Gan Críostaí ar na gaobhair
Ach mé féin agus an spéirbhean.
Ach bhí na fóide ag éirí trom,
Nó b’fhéidir mise ag éirí lag,
Agus thug mé m’aghaidh anoir chun an bhaile,
Agus d’fhág mise slán ag frog!