Triúr Mac Rí na hÉireanna agus an Gadaí Dubh

Donnchadh Chassie Ó Baoill

Bhí Rí ar Éirinn fada ó shin agus bhí triúr mac aige. Fuair a bhean bás nuair a bhí na mic óg. Chuir an Rí na triúr mac isteach i bpríosún ar oileán agus phós sé Banríon eile. Bhí an Bhanríon seo ag siúl thart lá amháin agus casadh Cailleach na gCearc orthai. Shleamhain an Bhanríon ar an fhéar agus nuair a thit sí, d’úirt sí, ‘Dia agus Muire liom!’

‘Maise’, arsa Cailleach na gCearc léithe, ‘níl Dia ná Muire leat.’

‘Cad tuigh a ndeir tú sin liomsa?’, arsa an Bhanríon go feargach.

‘Ó, tá’, arsa Cailleach na gCearc, ‘phós tusa baintreach fir a bhfuil triúr mac ina bpríosúnaigh astoigh ar oileán aige agus beidh fear acu sin ina oidhre ar do dhúiche i ndeireadh an lae.’

Chuir seo fearg ar an Bhanríon agus chuir sí ceist ar Chailleach na gCearc goidé mar a gheobhadh sí réitithe daofa.

‘Tá’, arsa Cailleach na gCearc, ‘tabhair leat paca cardaí. Gabh isteach chun an oileáin agus cuir ceist orthu an n-imreochaidh siad cluiche cardaí leat, agus inis daofa cé bith a bhainfeas an chéad chluiche go mbeidh sé ábalta geasa a imirt.’

Maidin an lá arna mhárach chuaigh an Bhanríon isteach chun an oileáin agus chuaigh sí go dtí an teach a rabh na trí mac ina bpríosúnaigh ann. Chuir sí ceist orthu an n-imreochadh siad cluiche cardaí léithe. D’úirt siad go n-imreochadh.

‘Bhail’, ar sise, ‘cé bith againn a bhainfeas an chéad chluiche, beidh sé ábalta geasa a oibriú.’

D’imir siad an cluiche agus bhain an Bhanríon é.

‘Anois’, ar sise leo, ‘tá mise mur ndíbirt go dtí an Domhan Thoir agus níl cead agaibh pilleadh chun an bhaile nó go dtí go mbíonn na trí each bhána libh.’

‘Beidh cluiche eile cardaí againn’, arsa an fear ab óige de chlann an Rí.

D’imir siad an darna cluiche cardaí agus bhain an fear ab óige de chlann an Rí é.

‘Anois’, ar seisean léithe, ‘tá mise do chursa faoi gheasa, tú suí thuas ar mhullach an toigh mhóir seo gan foscadh a bheith agad ón ghaoth anoir nó ón ghaoth aniar nó go dtí go bpillfeadh muid inne arís.’

Maidin an lá arna mhárach d’imigh na triúr mac ag déanamh ar an Domhan Thoir. Shiúil siad giota fada nó go dtáinig siad go dtí teach a rabh seanduine iontach aosta ann. Chuir an seanduine fáilte roipiu ina n-ainm féin, agus thug sé bia agus lóistín go maidin daofa. Nuair a bhí siad ag fágáil ar maidin chuir siad ceist air an rabh a fhios aige cá rabh na trí each bhána.

‘Maise, níl a fhios’, ar seisean, ‘ach tá deartháir agam atá cúig céad bliain níos sine ná mé féin, b’fhéidir go mbeadh a fhios aige sin.’

Thug sé eolas an bhealaigh go toigh an deartháir daofa agus d’imigh siad. Shiúil siad leo nó go dtáinig siad go dtí an dara deartháir. Chuir seisean fáilte roipiu mar an gcéanna ina n-ainm féin, agus thug sé bia agus lóistín go maidin daofa. Nuair a bhí siad ag fágáil ar maidin chuir siad ceist air an rabh a fhios aige cá rabh na trí each bhána.

‘Maise, tá a fhios’, ar seisean, ‘tá siad astoigh ar oileán, ach tá Rí ar an oileán agus ní ligfidh sé duine ar bith isteach chun an oileáin ach a chuid searbhóntaí féin. Ach dá bhfeiceadh sibh an Gadaí Dubh Ó Dúgáin, b’fhéidir go mbeadh sé ábalta cuidiú libh.’

Thug sé eolas an bhealaigh go toigh an Ghadaí Dubh daofa agus d’imigh siad. Nuair a bhuail siad suas leis an Ghadaí Dubh Ó Dúgáin, d’inis siad dó gurb iad triúr chlann Rí na hÉireanna a bhí fá gheasa; nach rabh siad ábalta pilleadh chun an bhaile nó go dtí go mbeadh na trí each bhána leo.

‘Maise’, arsa an Gadaí Dubh, ‘dhéanfaidh mise mo dhíchealt daoibh. Tá siad astoigh ar oileán ag Rí, ach ní ligeann sé duine ar bith isteach ach a chuid searbhóntaí féin. Ach cóirigí sibh féin in éadach bochtán agus bígí anseo amárach ag an chuan, agus b’fhéidir go ligfeadh sé isteach chun an oileáin muid ar lorg déirce.’

Maidin an lá arna mhárach, chóirigh triúr chlann Rí na hÉireanna iad féin ina n-éadach bochtán agus chóirigh an Gadaí Dubh Ó Dúgáin é féin mar an gcéanna, agus chuaigh siad síos go dtí an cuan an áit a rabh long ag an Rí ag tabhairt isteach mónadh. Chuir an Gadaí Dubh ceist ar an chaiftín an dtabharfadh sé isteach chun an oileáin iad.

‘Ó’, arsa an caiftín, ‘ní thig liom sibh a ligint isteach chun an oileáin, ach más déirce atá sibh ar a lorg labharfaidh mé leis an Rí agus is dóiche go gcuirfidh sé déirce amach chugaibh.’

Nuair a d’imigh an long isteach chun an oileáin chuir an Gadaí Dubh Ó Dúgáin triúr chlann Rí na hÉireanna isteach i mbascáidí na mónadh agus chuaigh sé féin isteach i gcionn mar an gcéanna. Nuair a phill an long arís bhí an caiftín agus na mairnéalaigh ag cuartú na mbochtán leis an déirce a chuir an Rí amach chucu a thabhairt daofa. Ach nuair nach rabh siad le fáil chuaigh siad féin a throid fán déirce, agus eadar an trup agus an tormán líonadh isteach an mhóin, agus fuair triúr chlann Rí na hÉireanna agus an Gadaí Dubh Ó Dúgáin isteach chun an oileáin. Luigh siad i mbascáidí na mónadh nó go dteachaigh an t-oileán a luí. Ansin d’éirigh an Gadaí Dubh Ó Dúgáin agus d’iarr sé ar chlann Rí na hÉireanna a bheith leis go dtí an stábla a rabh na trí each bhána ann. Nuair a tháinig siad go dtí an stábla d’iarr an Gadaí Dubh Ó Dúgáin ar an fhear a ba sine acu a lámh a leagaint ar an chéad each. Leag, ach rinn sé sin scread a mhuscail ceathrú an oileáin. Ansin d’iarr sé ar an darna fear acu a lámh a leagaint ar an darna heach. Leag, ach rinn sé sin scread a mhuscail leath an oileáin. Ansin d’iarr sé ar an tríú mac acu a lámh a leagaint ar an tríú heach. Leag, ach rinn sé sin scread a mhuscail an t-oileán uilig, agus d’éirigh an Rí agus a chuid gardaí agus rinn siad príosúnaigh de chlann Rí na hÉireanna agus den Ghadaí Dubh Ó Dúgáin.

‘Tím’, arsa an Rí leis an Ghadaí Dubh, ‘go dtáinig tú isteach chun an oileáin orm, ach tá mé a ghabháil a do chur chun báis. Ach sula gcuirí mé chun báis tú inis domh an rabh tú ariamh seo comh deas don bhás.’

‘Maise, bhí’, arsa an Gadaí Dubh Ó Dúgáin. ‘Bhí mé lá amháin ag teacht ón aonach agus muc bheag i mála liom. Tháinig mé go dtí teach a bhí ar thaoibh an róid. Bhí bean ina seasamh sa doras, bhí leanbh ar lámh amháin aici agus bhí scin insan lámh eile aici. Bhéarfadh sí iarraidh an leanbh a mharbhadh leis an scin, ach rachadh an leanbh a gháirí léithe agus rachadh sí féin a chaoineadh. Chuir mé ceist orthai caidé a bhí cearr.

‘Ó, tá’, ar sise, ‘tá triúr fathaigh ag stopadh liom, agus nuair a d’imigh siad ar maidin d’iarr siad orm an leanbh a mharbhadh daofa agus é a bheith acu fá choinne a ndinnéara.’

‘Maise’, arsa mise, ‘réiteochaidh mise an scéal sin. Tá muc bheag i mála liom. Muirfidh muid an mhuc agus bainfidh muid an mhéar den leanbh, agus sílfidh siad gur an leanbh atá fá choinne a ndinnéara acu.’ Mharaigh mé an mhuc, bhain mé an mhéar den leanbh agus chuir mé sa phota é, ach sula bhfuair mé faill imeacht, tím na triúr fathaigh ag teacht aníos an léana, agus b’éigean domh teitheadh síos an seomra a rabh coirp acu a mharaigh siad an lá roimhe sin. Tháinig na fathaigh isteach agus rinn siad a ndinnéar, ach ní rabh leath a sáith ann. D’úirt an fathach mór leis an darna fear acu a ghabháil síos chun an tseomra agus giota den chorp a mharaigh sé inné a thabhairt aníos chuige. Tháinig sé sin anuas chun an tseomra agus bhain sé slis amach as mo leis agus thug sé suas chuig an fhathach é. D’ith an fathach é agus d’úirt sé, ‘tá sin maith. Gabh síos agus tabhair aníos uilig é.’

Tháinig sé anuas an darna huair, ach mharaigh mé é leis an scin a bhí i mo lámh agam. Tamall beag ina dhéidh sin mhothaigh mé an fathach mór ag iarraidh ar an darna fear acu a theacht anuas agus mé a thabhairt suas. Tháinig sé sin anuas chun an tseomra, ach rinn mé an cleas ceannann céanna leis-sean. Tamall beag ina dhéidh sin mhothaigh mé an fathach mór ag éirí agus á rá, ‘is cosúil go bhfuil siad a ghabháil a ithe uilig thíos ansin’, agus tháinig sé féin anuas chun an tseomra, ach mharaigh mé eisean fosta agus chuir mé an bhean agus an leanbh ar shiúl sábháilte.

‘Maise’, arsa an Rí, ag croitheadh lámh leis an Ghadaí Dubh agus ag tógáil suas an lámh eile a rabh an méar caillte aige, ‘is mise an leanbh a shábháil tú an lá sin, agus ar an uair sin gheobhaidh tú a dhath ar bith atá ag teastáil uaid ar an oileán seo.’

‘Maise’, arsa an Gadaí Dubh, ‘níl aon rud ag teastáil uaimsa, ach seo triúr chlann Rí na hÉireanna atá fá gheasa, nach bhfuil ábalta pilleadh chun an bhaile nó go dtí go mbeidh na trí each bhána leo.’

‘Maise’, arsa an Rí, ‘gheobhaidh siad sin agus fáilte.’

Maidin an lá arna mhárach, d’imigh triúr chlann Rí na hÉireanna agus na trí each bhána leo ag déanamh chun an bhaile, agus nuair a chonaic an Bhanríon iad ag teacht agus í ina suí thuas ar mhullach an toigh mhóir, thit sí anuas ina cnap marbh agus níor chuala mise ná aon duine eile iomrádh ar bith orthai ón lá sin go dtí an lá inniu.