An Cearrbhach Mac Cába

John Ghráinne Ó Duibheannaigh

Bhail, bhí giota talamh agus cró toigh ag an Chearrbhach Mhac Cába go díreach cosúil le mar a bhí agna chuid comharsanach. Ach má bhí féin, bhí sé beo bocht. Ní rachadh sé bealach ar bith gan paca cardaí a bheith ar iompar leis agus ní chastaí aon duine dó ach an té a gcuirfeadh sé ceiliúradh imeartha air. Agus bheadh sé ar shiúl san oíche ag cearrbhachas agus ina luí ina chodladh sa lá go dtí gur lig sé an áit a bhí aige chun báine.

Bhail, bhí sin dona go leor, ach bhí sé oíche amháin ar shiúl giota maith ó bhaile agus é ag cearrbhachas, agus bhí sé ag cearrbhachas go dtí gur chaill sé an phingin dheireanach a bhí ina sheilbh. D’éirigh sé, thug sé a aghaidh ar an bhaile go briste brúite imníoch agus nuair a tháinig sé chun an bhaile fuair sé an teach lán, nó scaifte maith de chuid ban na comharsan astoigh sa teach agus iad ag freastáil ar an bhean a bhí ina luí i ndéidh leanbh a bheith aici in am inteacht fríd an oíche nuair a bhí seisean ar shiúl ag cearrbhachas. D’iarr bean de na mná ar an Chearrbhach a ghabháil a choinne sagairt a bhaistfeadh an leanbh.

‘Maise’, ar seisean, ‘sin an saothar is lú domh a dhéanamh.’

D’éirigh sé agus d’imigh sé ag tarraingt ar theach an tsagairt, ach nuair a bhí sé tamalt ar siúl chonaic sé fear óg aigeantach ag tarraingt air agus d’aithin sé ar chruthaíocht an fhir óig gur strainséir a bhí ann. Nuair a tháinig siad in araicis a chéile, bhreathnaigh sé an fear óg ó mhullach a chinn go barr a choise agus chonacthas dó nach bhfaca sé ar bhuille a dhá shúil ariamh fear óg a bhí comh cumtha agus comh dóighiúil leis an fhear óg seo.

‘Tá tú ag gabháil a choinne sagairt a bhaistfeas do leanbh duid?’, arsa an fear óg.

‘Bhail, sin an siúl atá faoim’, ar seisean, ‘ach goidé mar atá a fhios agadsa cá bhfuil mé ag gabháil?’

‘Ó’, arsa an fear óg, ‘mise Dia agus má philleann tú liomsa anois’, ar seisean, ‘baistfidh mise do leanbh duid.’

‘Bhail, ní phillfidh ná fad mo choise’, arsa an Cearrbhach, ‘ná más tú Dia is olc an dóigh atá tú ag cur ormsa. Tá mo chuid chomharsanach ag gabháil ar rothaí an tsaoil agus mise ag gabháil in abar sa tsaol achan lá á bhfuil ag teacht orm. Mar sin dó’, ar seisean, ‘bog leat, nó ní bheidh a dhath agamsa ná ag mo leanbh le déanamh leat.’

D’imigh an Cearrbhach leis nuair a bhí sin ráite aige agus ní theachaigh sé i bhfad go dtí go bhfaca sé fear eile ag tarraingt air—croich de fhear chroite ard chromshlinneánach—agus nuair a tháinig siad in araicis a chéile, d’amharc sé ar an strainséir seo, nó d’aithin sé gur strainséir a bhí ann ar a chruthaíocht, agus chonacthas dó nach bhfaca sé ariamh ina shaol fear a bhí comh buí meirgeach míofar leis. Bheannaigh sé féin agus an strainséir dá chéile.

‘Tá tú ag gabháil a choinne sagairt a bhaistfeas do leanbh?’, arsa an strainséir.

‘Sin an áit a bhfuil mé ag gabháil’, ar seisean, ‘ach ba mhaith liom a fháil amach goidé an dóigh a bhfuil a fhios agadsa cá bhfuil mé ag gabháil agus goidé mo ghnoithe.’

‘Ó’, arsa an strainséir, ‘mise an Bás, agus ní thig neach chun an tsaoil’, ar seisean, ‘i gan fhios domhsa agus ní fhágann neach an saol i gan fhios domh. Agus’, arsa seisean, ‘casadh Dia ort soir ansin an bealach giota beag agus thairg sé duid do leanbh a bhaisteadh agus dhiúltaigh tú é. Leoga’, ar seisean, ‘d’fhéad tú ligean dó do leanbh a bhaisteadh, ach pill anois’, ar seisean, ‘agus beidh mise ’mo charas Críosta ag do leanbh.’

Phill an Cearrbhach leis an Bhás agus tháinig siad go dtí an áit a rabh Dia ina sheasamh ag fanacht leo ar thaoibh an bhealaigh mhóir. Chuaigh an triúr acu go teach an Chearrbhaigh. Bhaist Dia an leanbh agus bhí an Bás ina charas Críosta aige. Agus ansin d’imigh Dia.

Chuir an Bás ceist ar an Chearrbhach nuair a bhí Dia ar shiúl: ‘ar iarr tú achaine ar bith ar Dhia?’, ar seisean.

‘Maise, níor iarr’, arsa an Cearrbhach.

‘Ó, bí ar shiúl’, arsa an Bás, ‘agus iarr achaine ar Dhia.’

D’imigh an Cearrbhach sna featha fásaigh go dtáinig sé go dtí an áit a rabh Dia.

‘Tá mé ag iarraidh achaine ort’, ar seisean le Dia, ‘buaidh chearrbhaigh an domhain a thabhairt domh.’

‘Bhail’, arsa Dia, ‘gheobhaidh tú d’achaine.’

Phill an Cearrbhach go dtí an Bás agus é mar a bheadh bó ar greim adhairce leis le lúcháir, agus, ar seisean leis an Bhás, ‘fuair mé achaine agus achaine ar dóigh.’

‘Goidé an achaine a fuair tú?’

‘Fuair mé achaine’, ar seisean, ‘buaidh chearrbhaigh an domhain a bheith agam.’

‘Á, bhail, ní shílimsa mórán den achaine a fuair tú’, arsa an Bás, ‘bí ar shiúl agus iarr achaine eile air.’

D’imigh an Cearrbhach go dtáinig sé a fhad le Dia an dara huair.

‘Goidé atá tú a iarraidh anois?’, arsa Dia.

‘Tá mé ag iarraidh’, arsa seisean, ‘achaine, agus is é an achaine atá mé a dh’iarraidh’, ar seisean, ‘buaidh dhochtúirí an domhain a thabhairt domh.’

‘Ó, bhail’, arsa Dia, ‘ní dhiúltóchaidh mé tú fán achaine sin. Gheobhaidh tú d’achaine.’

Phill sé ar aist, mar Chearrbhach, go dtí an áit ar casadh an Bás air, ag an teach ar ndóighe, agus d’inis sé don Bhás goidé an achaine a fuair sé. Baineadh stangadh as an Bhás. Ní theachaigh seo síos leis an Bhás ar chor ar bith.

‘Tím’, arsa an Bás.

‘Bhail, fuair tú achaine gan dóigh’, ar seisean, ‘agus anois’, ar seisean, ‘bí ar shiúl agus iarr achaine mar is ceart an iarraidh seo.’

D’imigh an Cearrbhach agus tháinig sé a fhad le Dia.

‘Goidé atá tú a iarraidh anois?’, arsa Dia.

‘Tá mé ag iarraidh achaine—an tríú hachaine—ort anois’, arsa seisean, ‘agus is é an achaine atá mé a dh’iarraidh—tá crann úll ag fás ag taoibh an toigh agam agus nuair a bím ar shiúl ag cearrbhachas tig daoiní agus goideann siad na húllaí ón chrann, agus tá mé ag iarraidh achaine aon duine a leagfas a lámh ar úlla de chuid an chrainn, go ngreamóchaidh a lámh den úlla agus go ngreamóchaidh an t-úlla den chrann agus go mbeidh sé ansin go dtí gur mian liomsa a chionn a ligean leis.’

‘Gheobhaidh tú d’achaine’, arsa Dia.

Phill sé.

‘Goidé an achaine a fuair tú an iarraidh seo?’, arsa an Bás.

‘Bhail, chan insim sin duid’, arsa seisean, ‘ná do dhuine ar bith ach oiread leat, ach fuair mé achaine’, arsa seisean, ‘a bhfuil mé iontach iontach sásta daoithe.’

‘Tím’, arsa an Bás. ‘Maith go leor’, ar seisean, ‘dhéanfaidh mé margadh leat fá achaine amháin dár iarr tú. D’iarr tú achaine’, ar seisean, ‘buaidh dhochtúirí an domhain a bheith agad, agus is olc a fhóirfeas sin domhsa agus don ghnoithe atá agamsa, ach’, ar seisean, ‘dhéanfaidh mé margadh leat. Teach ar bith a rachaidh tú isteach ann, mar dhochtúir, má bhímsa ag bun na leapa, leigheas an duine sin agus cuir ar a sheanléim é, ach má bhímsa ag cionn na leapa, fág an duine sin agam—ná leigheas é sin, nó má leigheasann beidh tú féin agam ina áit.’

‘Bhail, tá mé sásta den mhargadh sin’, arsa an Cearrbhach.

Thug an Cearrbhach agus an Bás dhá chúl a gcinn le chéile. D’imigh an Bás i gcionn a chuid oibre féin agus d’imigh an Cearrbhach a chearrbhachas. Bhí an Cearrbhach ag cearrbhachas go dtí gur bhain sé an méid airgid a chaill sé ariamh agus i bhfad níos mó. Bhí sé ag déanamh a shaibhris ar an chearrbhachas go dtí, an deireadh a bhí air, ní rabh sé ábalta ar duine ar bith a fháil a d’imreochadh cardaí leis. Agus nuair a tháinig sé go dtí sin, d’fhág sé na cardaí uadh agus thoisigh sé a dhochtúireacht. Bhí sé ag dochtúireacht go dtí go dteachaigh a ainm fada leitheadach. A fhad—chuaigh a ainm níos faide ná chuaigh a chosa riamh. Agus bhí sé ag leigheas a dtáinig roimhe agus ina dhéidh, agus iomrádh mór aige. Ach goidé a tharlaigh, ach bhí fear thall sa Spáinn, fear uasal iontach iomráiteach, iontach mór, agus bhuail tinneas é. Agus thug a bhean chéile dochtúirí maithe na Spáinne uilig chuige, ach ní rabh ceachtar acu ábalta ar maith ar bith a dhéanamh dó ná leigheas ar bith a thabhairt dó. Agus nuair a bhí an fear uasal bocht sna smeachannaí deireanacha, tháinig a chuid gaolta agus a chuid daoiní muinteartha agus a dh’amharc air sula bhfaigheadh sé bás, agus mhol siad dona bhean chéile cur go hÉirinn agus an Cearrbhach Mhac Cába a fháil anonn chun na Spáinne.

Ar ndóighe fuarthas bád agus cuireadh foirinn ar an bhád agus sheol siad go hÉirinn, fuair siad an Cearrbhach agus tugadh an Cearrbhach anonn chun na Spáinne. Ach nuair a chuaigh an Cearrbhach isteach thall insa teach a rabh an duine tinn ann, goidé a fuair sé ach an Bás ag cionn na leapa. Anois, níor léir do aon duine á rabh sa teach an Bás, ar ndóighe tá an Bás dofheicthe, ach ba léir don Chearrbhach é. Agus chuir an Bás strabhas—cár—ar an Chearrbhach. Agus chuir an Cearrbhach cár air.

‘An dtig leat mo fhear céile a leigheas?’ arsa an Bhantiarna.

Chroith an Cearrbhach a chionn go truacánta.

‘Ní thig liom’, arsa seisean; ‘níl mé ábalta ar a leigheas.’

‘Bhail, nach mór an truaighe domhsa’, ar sise, ‘a ghabháil fán trioblóid a chur go hÉirinn fá do choinne agus a do thabhairt anall anseo as Éirinn mur dtig leat a dhath níos fearr a dhéanamh ná seasamh ansin ag cur cáir ar an duine bhocht, mur bhfuil sé dona go leor?’

Ní rabh a fhios aicise go rabh an Bás ina sheasamh ansin agus gur ar an Bhás a chuir sé an cár. Ansin thiompóigh an bhean thart agus thóg sí an clár de chófra mór óir a bhí i dtaoibh an tseomra.

‘Bhéarfaidh mé an t-ór sin—an cófra sin agus a bhfuil de ór ann duid’, arsa sise, ‘má leigheasann tú mo fhear.’

Agus, cith a fhliuch an saol, ar ndóighe, shantaigh an Cearrbhach gránna, shantaigh sé an t-ór agus d’amharc sé air. Rinn sé staidéar tamalt beag agus, ar seisean, ‘an dtiocfadh leat cur amach a choinne ceathrar de bhuachaillí óga ligthe gasta?’

Agus ar ndóighe rinneadh sin, agus gan a bheith i bhfad leis tháinig ceathrar de fheara breátha ligthe gasta isteach. D’iarr an Cearrbhach orthu duine acu a ghabháil go dtí achan phost á rabh ar an leabaidh—bhí ceithre phost ar an leabaidh—agus breith ar an leabaidh agus í a thógáil glan ascartha ón urlár agus a tiompódh thart, agus an taobh thuas a chur abhus agus an taobh abhus a chur thuas. Rinneadh sin agus ar ndóighe, mar atá a fhios agad, d’fhág sin an Bás ag bun na leapa. Thosaigh—chuir an Cearrbhach a lámh i mála bheag a bhí leis ansin agus thug sé luibh íocshláinte amach as an mhála. Thug sé do fhear na leapa an luibh agus ar ndóighe i bhfaiteadh na súl bhí fear na leapa ar a sheanléim agus é comh maith agus a bhí sé achan lá ariamh.

Ar ndóighe, thóg an ceathrar buachaill a thóg an leabaidh—chuaigh siad go dtí cófra an óir agus d’iompair siad cófra an óir síos go dtí an cladach, an áit a rabh an bád feistithe, ag gabháil a chur ar an bhád.

Agus chuir siad ar an bhád é agus an Cearrbhach ag siúl ina ndéidh. Ach go díreach nuair a bhí siad chóir ag an bhád, fuair an Bás greim sceadamáin ar an Chearrbhach.

‘Tá tú liom anois’, arsa seisean. ‘Is é an margadh a bhí déanta againne’, arsa seisean, ‘dá leigheasfá é go mbeifeá—.’

‘Ó, a charas Críosta díleas’, arsa an Cearrbhach, ‘fág tamalt eile mé. Lig domh a ghabháil go hÉirinn agus mo chuid óir a rann ar mo mhuintir sa bhaile, nó níor mhaith liom mo mhuintir a bheith ag troid agus ag ath-throid le chéile fá mo chuidsa airgid i ndéidh mo bháis.’

‘Maith go leor’, arsa an Bás, ‘bhéarfaidh mé an spás beag sin duid le ghabháil go hÉirinn, ach coinnigh cuimhne go mbeidh mise go hÉirinn sna sála agad.’

Tháinig an Cearrbhach chun an bhaile. Chuaigh sé isteach chun an toigh. Chruinnigh scaifte isteach go dtí go bhfaigheadh siad amach goidé mar a d’éirigh leis ins an Spáinn, agus shuigh an Cearrbhach a chaint agus coinneal lasta—sin an solas a bhí acu: coinneal lasta—agus bhí siad ag caint go dtí go rabh an choinneal dóite go dtí an t-orlach deireanach. Agus nuair a bhí orlach den choinneal fágtha, d’éirigh an Cearrbhach, bheir sé ar orlach na coinnle agus chuaigh sé a luí, agus d’fhág sé orlach na coinnle ag dóghadh ar tábla beag ag taoibh na leapa. Ach go díreach nuair a bhí sé á shoipriú féin—nó á shocrú féin—síos ins an leabaidh fuair an Bás greim sceadamáin air.

‘Ó, a charas Críosta díleas’, arsa seisean leis an Bhás, ‘tabhair spás beag eile domh, níl mo thiomna déanta go fóill agam. Agus’, arsa seisean, ‘má bheir tú tamalt beag domh, níl mé ag iarraidh i bhfad’, ar seisean, ‘tabhair domh go dtí go rabh orlach na coinnle sin dóite agus ansin beidh mé leat.’

‘Bhail, bhéarfaidh mé an tamalt beag sin duid’, arsa an Bás.

Ansin chuir an Cearrbhach séideog ar an choinneal agus chuir sé as an choinneal.

‘Bhail, sin orlach de choinneal’, ar seisean, ‘nach ndóitear go cionn sheacht mbliain.’

B’éigean don Bhás imeacht leis an scéal a bhí aige. Agus chuaigh na seacht mbliana thart agus an Cearrbhach ag déanamh a shaibhris ar dhochtúireacht ar fad go dtí oíche i gcionn na seacht mbliain, nuair a bhí sé go díreach ina luí ar an leabaidh, tháinig an Bás agus fuair sé greim sceadamáin air agus thug sé tachtadh maith dó.

‘Ó, a charas Críosta díleas’, arsa an Bás—arsa an Cearrbhach, ‘ná tabhair leat go fóill mé, nó’, ar seisean, ‘bíodh a fhios agadsa’, arsa seisean, ‘gur siomaí rud a bíos ag cur bhuarthata ar mo mhacasamhailsa. Dá dtabharfá tamalt beag domh’, arsa seisean, ‘le cupla focal urnaí a rá, nó níor úirt mé aon fhocal urnaí’, arsa seisean, ‘ó thosaigh mé ag cearrbhachas i dtús mo shaoil, agus dá ligfeá domh cupla focal urnaí a rá anois’, arsa seisean, ‘bheinn breá sásta.’

‘Ó, bhail, maith go leor arsa—ní thabharfaidh mise liom tú go dtí go rabh d’urnaí ráite agad.’

‘Bhail, maith go leor’, arsa an Cearrbhach, ‘sin urnaí nach ndéaraimsa go cionn sheacht mbliain.’

‘Tím’, arsa an Bás, ‘tá tú ag brath a bheith beo in mo dhéidhsa agus i ndéidh an tsaoil mhóir.’

B’éigean don Bhás imeacht. Chuaigh seacht mbliana eile thart agus i gcionn na seacht mbliain tháinig an Bás chuige.

‘Ó, a charas Críosta díleas’, arsa seisean leis an Bhás, ‘tá tú ag cur iontach cruaidh orm agus tá tart millteanach orm. Is minic a chualaidh mé iomrádh’, ar seisean, ‘ar thart an bháis. Ach tá tú ag cur tart millteanach orm. Tá mé ag déanamh’, arsa seisean, ‘go dtabharfadh sé faoiseamh millteanach domh dá dtéitheá amach agus úlla a bhaint den chrann sin amuigh agus a thabhairt domh. Agus gheobhainn bás go suaimhneach. Chuaigh an Bás amach. Bheir sé ar chionn de na húllaí, ghreamaigh sé den úlla, ghreamaigh an t-úlla den chrann agus bhí an Bás ansin greamaithe den chrann. Léim an Cearrbhach amach as an leabaidh agus d’amharc sé ar an Chearrbhach.

‘Bhail’, ar seisean, ‘beidh tú ansin anois go dtí gur mian liomsa tú a scaoileadh.’

‘Ó’, arsa an Bás, ‘d’oibir mise go maith leatsa agus tá súil agam go n-oibreochaidh tusa go maith liomsa. Lig mo chionn liom an iarraidh seo’, arsa seisean, ‘agus geallaim duid nach dtigim a do chóir go cionn sheacht mbliain.’

Maith go leor, lig sé a chionn leis an Bhás. D’imigh an Bás, agus d’imigh an Cearrbhach i gcionn a chuid oibre, ach más fada an lá tig an oíche fá dheireadh. Tháinig deireadh na seacht mbliain agus, lá amháin, tráthnóna amháin dá rabh an Cearrbhach amuigh—agus ní rabh ganntanas ar bith airgid air an iarraidh seo—agus é amuigh ag spaisteoireacht le cathamh aimsire dó féin tráthnóna deas. Bhí sé ag siúl aníos an bealach mór agus chonaic sé an gasúr beag seo ina shuí ar ghruaidh mhín an bhealaigh mhóir agus é ag caoineadh. Chuir an Cearrbhach ceist air goidé ábhar a chaointe nó cad tuigh a rabh sé ag caoineadh.

‘Ó, tá mé ag caoineadh—’, arsa seisean, ‘ní ligfear domh a ghabháil chun Comaoineach. Níl m’urnaí agam, agus nuair nach bhfuil m’urnaí agam’, ar seisean, ‘ní ligfear domh a ghabháil chun Comaoineach.’

‘Agus cad tuigh nach dtabharann d’athair agus do mháthair d’urnaí duid?’ arsa an Cearrbhach.

‘Níl athair ná máthair ar bith agam’, arsa seisean, ‘tá siad marbh agus tá mise i mo dhílleacht agus níl mé ag fáil teans urnaí ná rud eile.’

Bhuail truaighe iontach an Cearrbhach don ghasúr.

‘Bhail’, ar seisean, ‘bhéarfaidh mise d’urnaí duid.’

Thoisigh an Cearrbhach ar an Phaidir agus an gasúr fríd smeacharnaigh ag rá na bhfocal ina dhéidh go dtí go rabh an Phaidir ráite ag an Chearrbhach. Leis sin féin d’éirigh an gasúr aníos as cruthaíocht an ghasúra agus goidé a bhí ann ach an Bás. Fuair sé greim sceadamáin ar an Chearrbhach agus, dáiríribh, thacht sé tirim é agus fuair an Cearrbhach, tharraing sé an anál dheireanach. Bhí an Cearrbhach bocht marbh.

Ach ní deireadh, ní sin deireadh ar chor ar bith—an bás. Goidé a rinn an Cearrbhach ach imeacht ag déanamh ar ifreann agus a phaca cardaí leis, agus chuaigh sé isteach thíos in ifreann agus chuaigh sé féin agus diabhail ifrinn a dh’imeart chardaí. Agus d’imir sé. Ar ndóighe bhí an bhuaidh aige go dtí gur hobair dó sealbh a ghlacadh ar ifreann agus gan tsealbh ar bith a bheith ag na diabhail. Ach ba mhaith an mhaise do na diabhail é, chruinnigh a rabh dhe dhiabhail in ifreann air agus chaith siad amach as ifreann é.

Chuaigh sé suas ansin chun na bhflaitheas agus a phaca cardaí leis agus, ar ndóighe, nuair a chuaigh sé go geafta na bhflaitheas bhí na geaftaí sin druidte roimhe. Tháinig Naomh Peadar go dtí na geaftaí. D’úirt Naomh Peadar nach rabh áit ar bith anseo aige—go gcaithfeadh sé imeacht.

‘Á, bhail, tá dona go leor’, arsa seisean, ‘ní ghlacfar in ifreann ach oiread mé.’

‘Ó, bhail, cé bith a dhéanfas ifreann leat’, arsa seisean, ‘níl tú ag fáil isteach anseo’, agus shuigh an Cearrbhach bocht ar leac atá amuigh os coinne gheafta na bhflaitheas, agus thug sé leis paca na gcardaí ag cur thart an ama agus é ag imeart na gcardaí leis féin. Bhí Peadar ina sheasamh ag amharc air amach fríd na geaftaí agus bhí truaighe ag Peadar dó. Dar leis féin, ‘níl a fhios agam a dtearn tú a dhath maith ariamh?’ Agus chuaigh Peadar a smaoitiú; chuaigh sé a smaoitiú gur mhillteanach maith an rud a rinn sé nuair a thug sé urnaí, shíl sé féin, don ghasúr bheag a bhí ag caoineadh ar thaoibh an bhealaigh mhóir. Bhuail truaighe Peadar, mar a d’úirt mé. D’fhoscail sé geaftaí na bhflaitheas agus d’iarr sé ar an Chearrbhach a theacht isteach. Ar mhéad agus a bhí de lúcháir ar an Chearrbhach nuair a fuair sé an scéala go rabh cead aige a ghabháil isteach chun na bhflaitheas, chaith sé uadh paca na gcardaí, agus mar chruthú ar an scéal, tá paca na gcardaí sin le feiceáil ag aon duine a mbíonn an t-ádh air a ghabháil an bealach. Tá paca na gcardaí sin le feiceáil caite ar an leac ag geaftaí na bhflaitheas ón lá sin go dtí an lá inniu ann agus an Cearrbhach ina shuí astoigh sna flaithis, agus tá súil agam go bhfeicfidh muid uilig é ar an lá deireanach.

Nóta:  ‘Agus, cith a fhliuch an saol … shantaigh an Cearrbhach gránna, shantaigh sé an t-ór’: is é an chiall atá leis seo, gur shantaigh an Cearrbhach an t-ór go díreach mar a shantaíonn achan duine ór.